Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Treibh Léiví

1. Seo iad sliocht Árón agus Mhaois nuair a labhair an Tiarna le Maois ar Shliabh Shíonái.

2. Seo iad ainmneacha chlann Árón: Nádáb an chéadghin agus Aibíchiú, Eileázár agus Íteámár.

3. Sin iad ainmneacha chlann Árón, na sagairt ungtha a d'oirnigh sé le fónamh i mbun dualgais na sagartachta.

4. Ach fuair Nádáb agus Aibíchiú bás i láthair an Tiarna nuair a d'ofráladar tine mhídhleathach i láthair an Tiarna i bhfásach Shíonái. Níor fhágadar sliocht. Dá bhrí sin fágadh faoi Eileázár agus Íteámár fónamh mar shagairt faoina n‑athair Árón.

5. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

6. “Tionól treibh Léiví agus cuir ar fáil iad do Árón an sagart, le freastal air.

7. Comhlíonaidís na dualgais atá dlite de agus dlite den chomhthionól go léir os comhair Bhoth na Teagmhála ina seirbhís don taibearnacal.

8. Bíodh gréithe uile Bhoth na Teagmhála ina gcúram, agus déanaidís na dualgais go léir atá dlite de chlann Iosrael ina seirbhís don taibearnacal a ghabháil chucu féin.

9. Tabhair na Léivítigh d'Árón agus dá mhic mar thoirbheartaigh; tugadh clann Iosrael dó iad.

10. Cláraigh Árón agus a chlann mhac agus déanaidís a ndualgais sagairt a chomhlíonadh; ach má thagann aon duine eile i ngar, cuirtear chun báis é.”

11. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

12. “Roghnaigh mé féin na Léivítigh as clann Iosrael in áit gach céadghin a osclaíonn an bhroinn i measc chlann Iosrael; liomsa na Léivítigh dá bhrí sin.

13. Óir is liomsa gach céadghin. An lá a mharaigh mé gach céadghin i dtalamh na hÉigipte, rinne mé gach céadghin in Iosrael idir dhuine agus ainmhí a choisreacan dom féin; is liomsa iad. Mise an Tiarna.”

Daonáireamh na Léivíteach

14. Labhair an Tiarna le Maois i bhfásach Shíonái agus dúirt:

15. “Déan clann Léiví a áireamh de réir teaghlaigh shinsearachta agus de réir fine; ní foláir gach fireannach míosa nó breis a chomhaireamh.”

16. Rinne Maois iad a áireamh mar a dúirt an Tiarna ag déanamh de réir a orduithe.

17. Seo iad ainmneacha chlann Léiví: Géirseon, Cohát agus Maráraí.

18. Seo iad ainmneacha shliocht Ghéirseon de réir fine: Libní agus Simí.

19. Clann Chohát de réir fine: Amrám agus Izeár, Heabrón agus Uizíéil.

20. Clann Mharáraí de réir fine: Mailí agus Múisí. Sin iad sleachta Léiví de réir a dteaghlaigh shinsireachta.

21. Ó Ghéirseon shíolraigh sleachta na Libníoch agus na Simíoch; sin iad sleachta Ghéirseon.

22. Ba é a líon iomlán, ag cur na bhfireannach go léir mí d'aois nó breis san áireamh, seacht míle cúig céad.

23. Shuigh sleachta Ghéirseon a gcampa ar chúl an taibearnacail laistiar.

24. Ba é Eiliásáf mac Láéil ceann theaghlach Ghéirseon.

25. Sé cúram a bhí ar chlann Ghéirseon i mBoth na Teagmhála, an taibearnacal, an Bhoth lena brait, an chliath do dhoras Bhoth na Teagmhála,

26. na brait ag crochadh timpeall na faiche, an chliath do dhoras na faiche atá timpeall an taibearnacail agus na haltóra, agus na téada go léir ba ghá don ghnó seo.

27. Ó Chohát shíolraigh sleachta na nAmrámach, sleachta na nIzeárach, sleachta na Heabrónach, agus sleachta na nUizíéalach. Sin iad sleachta na gCohátach.

28. Ba é a líon iomlán, ag cur na bhfireannach go léir mí d'aois nó breis san áireamh, ocht míle sé chéad. Bhí siadsan i bhfeighil an tsanctóra.

29. Shuigh sleachta Chohát a gcampa ar an taobh theas den taibearnacal.

30. Ba é Ealzáfán mac Uizíéil ceann teaghlaigh chlanna Chohát.

31. Sé cúram a bhí orthu, an áirc, an bord, an coinnleoir, na haltóirí, soithí beannaithe an tsanctóra lena ndéanann na sagairt seirbhís, agus an chliath le gach a ngabhann léi.

32. Ba é Eileázár, mac Árón an sagart, taoiseach cheannairí na Léivíteach. Bhí sé i gceannas orthu siúd go léir a bhí i bhfeighil an tsanctóra.

33. Ó Mharáraí shíolraigh sleachta na Mailíoch agus na Múisíoch; sin iad sleachta Mharáraí.

34. Ba é a líon iomlán, ag cur na bhfireannach go léir mí d'aois nó breis san áireamh, sé mhíle dhá chéad.

35. Ba é Zúiríéil mac Aibíocháil ceann teaghlaigh chlanna Mharáraí, agus shuíodar a gcampa ar an taobh thuaidh den taibearnacal.

36. Bhí clann Mharáraí i bhfeighil chreat an taibearnacail, na bataí, na cuaillí, na ceapa agus a ghréithe go léir agus a ngabhann leo,

37. agus cuaillí na faiche mórthimpeall lena gceapa agus a bpionnaí agus a dtéada.

38. Siad a shuigh a gcampa ar an taobh thoir, os comhair an taibearnacail agus Bhoth na Teagmhála, i dtreo éirí gréine, Maois agus Árón agus a chlann mhac a bhí i bhfeighil ghnásanna an tsanctóra thar ceann chlann Iosrael. Aon duine eile a thiocfadh i ngar, bhí sé le cur chun báis.

39. Ba é líon iomlán na Léivíteach mí d'aois nó breis, a d'áirigh Maois agus Árón de réir fine mar a d'ordaigh an Tiarna dhá mhíle agus fiche.

Na Léivítigh agus Fuascailt na gCéadghinte

40. Dúirt an Tiarna le Maois: “Déan daonáireamh ar gach céadghin fir ar chlann Iosrael mí d'aois agus breis á n‑áireamh ó ainm.

41. Ansin déan na Léivítigh a thoirbhirt domsa, mise an Tiarna, in áit gach céadghine de chlann Iosrael; ar an gcaoi chéanna tabharfaidh tú a n‑eallach in áit gach céadghin eallaigh le clann Iosrael.”

42. Rinne Maois dá bhrí sin daonáireamh ar gach céadghin mhic ar chlann Iosrael mar a d'ordaigh an Tiarna.

43. Ba é líon iomlán na gcéadghinte mí d'aois agus breis, fiche dó míle dhá chéad agus seachtó trí.

44. Ansin labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

45. “Tóg na Léivítigh in áit gach céadghine ar chlann Iosrael, agus eallach na Léivíteach in áit a n‑eallaigh. Liomsa féin na Léivítigh; mise an Tiarna.

46. Mar fhuascailt ar son an dá chéad agus seachtó trí céadghin ar chlann Iosrael atá de bhreis ar líon na Léivíteach,

47. tóg cúig sheicil an ceann, de réir sheicil an tsanctóra, fiche géará sa seicil.

48. Tabhair an t‑airgead seo d'Árón agus dá mhic mar dhíolaíocht as fuascailt an líon breise seo.”

49. Thóg Maois an t‑airgead fuascailte seo thar ceann na breise nár fhuascail na Léivítigh.

50. Thóg sé airgead céadghin chlann Iosrael, míle trí chéad agus seasca cúig sheicil, de réir sheicil an tsanctóra.

51. Thug Maois an t‑airgead fuascailte d'Árón agus dá mhic de réir órdú an Tiarna mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.