Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Cháisc

1. Labhair an Tiarna le Maois i bhfásach Shíonái an chéad mhí den dara bliain tar éis dóibh teacht amach as tír na hÉigipte agus dúirt:

2. “Coimeádadh clann Iosrael an Cháisc san am atá ceaptha di.

3. An ceathrú lá déag den mhí seo, idir dhá sholas tráthnona, an t‑am atá ceaptha daoibh í a choimeád. Ní foláir daoibh í a cheiliúradh de réir gach dlí agus gnás a bhaineann léi.”

4. D'ordaigh Maois do chlann Iosrael dá bhrí sin an Cháisc a choimeád.

5. Cheiliúradar an Cháisc i bhfásach Shíonái, ar an gcéad mhí, ar an gceathrú lá déag den mhí sin, idir dhá sholas tráthnóna. Rinne clann Iosrael go cruinn beacht mar a d'ordaigh an Tiarna dóibh.

6. Bhí fir áirithe a bhí neamhghlan mar gur bhaineadar le corpán agus nárbh fhéidir dóibh an Cháisc a cheiliúradh an lá sin. Thángadar go Maois agus go hÁrón an lá sin féin,

7. agus dúirt siad leis: “Táimid fágtha neamhghlan mar gur bhaineamar le corpán; cén fáth a bhfuiltear a chosc orainne ofráil a dhéanamh don Tiarna ag an am cuí in éineacht leis an gcuid eile de chlann Iosrael?”

8. D'fhreagair Maois iad: “Fanaigí mar a bhfuil sibh go gcluine mé cad é an t‑ordú a thabharfaidh an Tiarna fúibh.”

9. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

10. “Abair le clann Iosrael: ‘Má bhíonn aon duine agaibhse nó de bhur sliocht neamhghlan mar gur bhain sé le corpán, nó má bhíonn sé ar aistear i gcéin, is féidir dó Cáisc a choimeád don Tiarna mar sin féin.

11. Coimeádaidís í ar an dara mí, ar an gceathrú lá déag, idir dhá sholas tráthnóna; caithidís an t‑uan le harán slim agus le luibheanna searbha;

12. ná fágtar aon chuid de go maidin, agus ná bristear aon chnámh ann; coimeádaidís an Cháisc seo ar aon dul díreach le gnás na Cásca.

13. Ach an té atá glan agus nach bhfuil ar aistear, ach nach gcoimeádann an Cháisc san am céanna, gearrtar an duine sin amach óna phobal, mar nár ofráil sé ofráil an Tiarna ag an am a bhí ceaptha; bíodh ualach a pheaca ar an té sin.

14. Má bhíonn coimhthíoch ag cur faoi in bhur measc agus go gcoimeádann an Cháisc don Tiarna, ní foláir dó í a choimeád de réir reacht agus gnás na Cásca. Bíodh an t‑aon reacht amháin in bhur measc do dheoraí agus do dhúchasach mar an gcéanna.’ ”

An Néal

15. An lá a cuireadh suas an taibearnacal, chlúdaigh an néal an taibearnacal agus both na Fianaise. Ó thráthnona go maidin luigh sé ar an taibearnacal faoi chló tine.

16. D'fholaigh an néal é gan stad dá réir sin, agus é faoi chló tine san oíche.

17. Nuair a d'ardaíodh an néal ón mboth, chuireadh clann Iosrael chun siúil; cibé áit ina luíodh an néal, ansiúd a shuíodh clann Iosrael a gcampa.

18. Faoi ordú an Tiarna a chuireadh clann Iosrael chun bóthair agus faoi ordú uaidh a shuídís campa. Fad a luigh an néal ar an taibearnacal, d'fhanadar sa champa.

19. Má luíodh an néal tamall fada de laethanta ar an taibearnacal, ghéilleadh clann Iosrael do threoir an Tiarna agus ní scoiridís campa.

20. Ach sa chás nach luíodh an néal ach beagán laethanta os cionn an taibearnacail, shuídís campa faoi ordú an Tiarna agus scoiridís campa faoi ordú an Tiarna.

21. Nuair nach luíodh an néal ach thar oíche go maidin, chuiridís chun siúil nuair a d'ardaíodh sé lá arna mhárach. Nó, nuair a d'fhanadh sé lá agus oíche iomlán, ní bhogaidís go dtí go n‑ardaíodh sé.

22. Ar uaire luíodh sé ar feadh dhá lá, nó mí, nó níos faide; dá fhad a d'fhanadh an néal os cionn an taibearnacail, d'fhanadh clann Iosrael sa champa san áit chéanna agus nuair a d'ardaíodh sé chuiridís chun siúil.

23. Faoi ordú an Tiarna shuídís campa, faoi ordú an Tiarna a scoiridís campa. Choinnídís aithne an Tiarna de réir ordú an Tiarna trí Mhaois.