Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Sagairt agus Léivítigh

1. Ansin dúirt an Tiarna le hÁrón: “Tusa agus do chlann mhac agus do theaghlach go léir a iompróidh ualach na bpeacaí in aghaidh an tsanctóra; tusa agus do chlann mhac a iompróidh ualach na bpeacaí a bhaineann le bhur sagartacht.

2. Tagadh do bhráithre de chraobh Léiví, craobh d'athar, in éineacht leat chomh maith; aontaídís leat agus déanaidís fónamh duit, duit féin agus do do chlann mhac, agus tú os comhair Bhoth na Fianaise.

3. Tá siad le fónamh duitse agus do sheirbhís uile na Botha. Ar choinníoll nach dtagann siad i ngar do na soithí naofa ná don altóir, ní baol dóibh an bás ach oiread leat féin.

4. Aontaídís leat, agus déanaidís cúram Bhoth na Teagmhála i gcomhair sheirbhís uile na Botha; ná tagadh aon duine eile gan údarás in bhur ngaobhar.

5. Bígí féin i bhfeighil an tsanctóra agus i bhfeighil na haltóra, agus ní thiocfaidh an cuthach go deo arís sa mhullach ar chlann Iosrael.

6. Agus siúd iad bhur mbráithre, na Léivítigh, tógtha agam as chlann Iosrael mar thabhartas duit; mar thoirbheartaigh, is leis an Tiarna iad le fónamh ag Both na Teagmhála.

7. Gabhsa agus do chlann mhac mar aon leat na dualgais sagairt a bhaineann leis an altóir agus lena bhfuil laistigh den fhial oraibh féin. Ceiliúrfaidh sibh an liotúirge; cuirim a dhualgais ar bhur sagartacht. Ach aon duine eile gan údarás a thiocfaidh i ngar, cuirfear chun báis é.”

8. Dúirt an Tiarna le hÁrón ansin: “Chuir mé féin tú i bhfeighil gach dleacht dá n‑ofráiltear dom. Gach ní a choisriceann clann Iosrael tugaim mar chuid ranna duit iad, agus do do mhaca, de réir reachta shíoraí.

9. Sé seo a bheidh agat de na nithe sárnaofa, den bhia curtha ar leith ón tine: gach ofráil a dhéanann clann Iosrael ar ais dom, cibé acu abhlann í, nó íobairt pheaca, nó íobairt leorghnímh, is rud sárnaofa í; bainfidh sí leatsa agus le de mhaca.

10. Ní miste duit na nithe sárnaofa sin a ithe, agus ní miste do gach fireannach iad a ithe; bídís naofa agat.

11. Is leat mar an gcéanna cibé ní a chuirtear i leataobh d'ofrálacha chlann Iosrael a chuirtear i láthair mar dhleacht; tugaim é sin duitse agus do do mhic agus do d'iníonacha, trí reacht síoraí. Ní cás do gach duine glan i do theach é a ithe.

12. Togha na hola, togha an fhíona agus na cruithneachta, na céadtorthaí a bhronnann siad ar an Tiarna, tugaim duit iad.

13. Céadfhómhar a n‑ithreach a thugann siad go dtí an Tiarna, bídís agatsa. Gach duine glan i do theach ní cás dó é a ithe.

14. A mbíonn faoi bhang in Iosrael, bíodh sé agat.

15. Gach céadghin de dhúile beo más fear, más ainmhí, a thabharfar chun an Tiarna, bíodh sé agatsa. Gach céadghin fir, áfach, agus gach céadghin ainmhí neamhghlain, ní foláir duit iad a fhuascailt.

16. In aois míosa a fhuasclóidh tú iad ar chostas cúig sheicil, de réir seicil an tsanctóra, fiche géará is é sin.

17. Ach céadlao bó, céaduan caorach, nó céadmheannán gabhair, ná fuascail; tá siadsan naofa. Ní foláir duit a gcuid fola a chroitheadh ar an altóir agus a saill a dhó mar ofráil dhóite, boladh cumhra a thaitneoidh leis an Tiarna.

18. Leatsa an fheoil, mar aon leis an mbrollach a cuireadh i láthair mar dhleacht ar leith, agus an cheathrú dheas.

19. Gach a gcuireann clann Iosrael de na nithe naofa i leataobh don Tiarna, tugaim duitse agus do do mhic agus do d'iníonacha de réir reachta shíoraí. Conradh salainn é seo go brách i láthair an Tiarna, duit féin agus do do shliocht i do dhiaidh.”

Cuid Ranna na Léivíteach - Deachúna

20. Dúirt an Tiarna le hÁrón: “Ní bheidh aon oidhreacht agat ina bhfearann, ná ní bheidh seilbh agat ar aon chuid de ina measc. Mise do chuid ranna agus d'oidhreacht i measc chlann Iosrael.

21. Thug mé, thug sin, do chlann Léiví mar oidhreacht na deachúna go léir in Iosrael ar son na seirbhíse lena ndéanann siad seirbhís i mBoth na Teagmhála.

22. Ná tagadh clann Iosrael i ngaobhar Bhoth na Teagmhála feasta; bheadh peaca ina ualach orthu agus gheobhaidís bás.

23. Le Léiví a bhaineann seirbhís Bhoth na Teagmhála, agus iompróidh na Léivítigh ualach a bpeaca. Seo reacht síoraí do bhur sliocht go léir: Ná bíodh aon oidhreacht ag na Léivítigh i measc chlann Iosrael.

24. An deachú a chuireann clann Iosrael i leataobh don Tiarna, tá sí á tabhairt agam do na Léivítigh mar oidhreacht. Uime sin a dúirt mé leo go mbeidh siad gan oidhreacht i measc chlann Iosrael.”

25. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

26. “Abair leis na Léivítigh: ‘Nuair a ghlacann sibh an deachú ó chlann Iosrael, an deachú a chaithfidh siad a dhíol libh agus atá á tabhairt agam daoibh ní foláir daoibh cuid de a chur i leataobh don Tiarna, deachú den deachú.

27. Beidh sí seo in áit na hofrála is dual uaibh, mar an t‑arbhar ón urlár buailte agus an nuafhíon ón gcantaoir.

28. Déanfaidh sibhse chomh maith dá bhrí sin roinn a ofráil don Tiarna as gach deachú a ghlacfaidh sibh ó chlann Iosrael. Tugaigí an chuid a ofrálann sibh i leataobh don Tiarna d'Árón an sagart.

29. Cuirigí an chuid is dual de gach tabhartas a gheobhaidh sibh i leataobh don Tiarna. Cuirigí an chuid naofa i leataobh ó thogha na nithe seo go léir.’

30. Abair leo: ‘Nuair a bhíonn an togha curtha i leataobh, bíodh na tabhartais seo go léir (i gcás na Léivíteach) in áit toradh an urláir bhuailte agus an chantaoir fíona.

31. Ní cás daoibh iad a ithe in aon áit, sibh féin agus bhur muintir; sé seo bhur luach saothair ar son bhur seirbhíse i mBoth na Teagmhála.

32. Ní bheidh ualach aon pheaca oraibh dá bharr seo, a luaithe a bhíonn an chuid is fearr ofrálta agaibh; ní mó ná sin a bheidh na nithe a choisric clann Iosrael á dtruailliú agaibh, agus ní bhfaighidh sibh bás.’ ”