Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28

Tiomna Nua

Matha 24 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. D'fhág Íosa an teampall agus bhí sé ag imeacht, nuair a tháinig a dheisceabail a thaispeáint fhoirgnimh an teampaill dó.

2. Ach d'fhreagair sé iad, “An é nach bhfeiceann sibh iad seo uile? Deirim go fíor libh, nach bhfágfar cloch anseo ar mhuin chloiche, nach gcaithfear anuas.”

3. Tháinig a dheisceabail chuige os íseal, agus é ina shuí ar Chnoc na nOlóg, á rá, “Inis dúinn, cá huair a tharlóidh seo, agus cad é comhartha do theachtsa a chuirfeas críoch ar an aois?”

4. Agus d'fhreagair Íosa iad agus dúirt sé, “Tugaigí faichill nach meallann aon duine sibh.

5. Mar is iomaí duine a thiocfas i m'ainmse, agus a déarfaidh ‘Is mé an Críost,’ agus meallfaidh siad mórán.

6. Agus cluinfidh sibh faoi chogaí agus cluinfidh sibh iomráite cogaí; seachnaigí gan faitíos a bheith oraibh; mar caithfidh sin titim amach, ach níl an chríoch ann fós.

7. Mar éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin, agus éireoidh ríocht in aghaidh ríochta, agus beidh gortaí agus creathanna talaimh ann in áiteanna éagsúla:

8. ach níl san iomlán ach tosach an anró.

9. “San uair úd beidh bior sa tine acu daoibh, agus beifear do bhur gcur chun báis; agus beidh fuath ag na ciníocha uile daoibh mar gheall ar m'ainmse.

10. Agus is iomaí sin duine a shéanfas an creideamh ansin, agus a bheidh ag fealladh ar a chéile agus a mbeidh fuath acu dá chéile.

11. Agus éireoidh mórán fáithe bréige agus cuirfidh siad cluain ar mhórán.

12. Agus ó rachaidh an t‑olc i méid, fuaróidh an grá sa chuid is mó de na daoine.

13. Ach an té a fhulaingeos go deireadh is é a shlánófar.

14. Agus caithfear an soiscéal seo na ríochta a chraobh scaoileadh ar fud na cruinne, mar fhianaise do na ciníocha uile; agus is ansin a thiocfas an chríoch.

15. “Nuair a fheiceann sibh mar sin an sárú scriosúil ar labhair an fáidh Daníél air, ina sheasamh sa naomháit (tuigeadh an té a léas),

16. teitheadh ansin a mbíonn in Iúdaea chun na sléibhte;

17. an té a bhíos i mullach tí ná téadh sé síos lena bhfuil ina theach a thabhairt leis;

18. agus an té atá sa ghort ná filleadh sé lena fhallaing a thógáil.

19. Agus mo bhrón iad an dream a bhíos ag iompar clainne agus ag tabhairt na cíche sna laethanta úd!

20. Bígí ag guí nach mbeidh oraibh teitheadh sa gheimhreadh nó lá na sabóide.

21. Mar beidh anró mór ann an uair úd, nach raibh a leithéid ann ó thús na cruinne go dtí anois, agus nach mbeidh a leithéid ann arís choíche.

22. Agus murab é gur giorraíodh na laethanta úd, ní rachadh aon duine den Ádhamhchlann slán; ach giorrófar na laethanta úd mar mhaithe leis an dream tofa.

23. San am úd má deir aon duine libh, ‘Seo é an Críost!’ nó, ‘Siúd ansin é!’ ná creidigí uathu é.

24. Mar éireoidh Críosta bréige agus fáithe bréige agus taispeánfaidh siad comharthaí agus iontais mhóra, sa tslí go meallfaidh siad, dá mb'fhéidir é, go fiú an dream tofa.

25. Féachaigí, tá sé uile inste agam roimh ré.

26. Mar sin, má deir siad libh, go bhfuil sé ar an bhfásach amuigh, ná himígí; nó má deir siad go bhfuil sé sna seomraí istigh, ná creidigí uathu é.

27. Ó mar a thagann an splanc thintrí anoir agus mar a shroicheann a soilse an domhan thiar, is amhlaidh a bheidh teacht Mhac an duine.

28. Cibé áit a mbíonn an conablach, is ann a chruinneos na hiolair.

29. “Go díreach i ndiaidh na laethanta úd na buartha tiocfaidh smúid ar an ngrian, agus ní bheidh solas á thabhairt ag an ngealach, agus titfidh na réaltaí den spéir, agus bainfear creathadh as cumhachtaí neimhe;

30. is ansin a nochtfaidh ar neamh comhartha Mhac an duine, agus beidh ciníocha na cruinne ag mairgneach, agus feicfidh siad Mac an duine ag teacht i néalta neimhe le cumhacht agus le mórghlóir;

31. agus cuirfidh sé amach uaidh a aingil le hardseinm stoic, agus cruinneoidh siad an dream atá tofa aige ó cheithre aird na gaoithe, ó cheann ceann na spéire.

32. “Foghlaimígí a cheacht ón gcrann fige: chomh luath agus a fhásas a chraobh bhog mhaoth agus a chuireas sé a dhuilliúr as, aithníonn sibh nach fada uaibh an samhradh.

33. Mar an gcéanna, nuair a fheicfeas sibh na nithe seo uile, aithneoidh sibh go bhfuil sé ag teacht i bhfogas, agus sna geataí féin.

34. Deirim go fírinneach libh, nach rachaidh an ghlúin seo as go dtarlóidh seo uile.

35. Rachaidh neamh agus talamh as, ach ní rachaidh mo bhriathrasa as.

36. “Ach níl a fhios ag aon neach i dtaobh an lae úd ná i dtaobh na huaire úd, níl a fhios ag aingil na bhflaitheas féin, ná ag an Mac, ach ag an Athair amháin.

37. Mar a bhí laethanta Naoi, is amhlaidh a bheidh teacht Mhac an duine.

38. Mar sna laethanta úd roimh an díle bhítí ag ithe agus ag ól, ag déanamh cleamhnas agus ag pósadh, go dtí an lá úd a ndeachaigh Naoi isteach san Áirc,

39. agus ní raibh fhios acu go dtí gur tháinig an díle agus gur chart sí ar shiúl iad, is amhlaidh a bheidh nuair a thiocfas Mac an duine.

40. Beidh beirt fhear sa ghort; tógtar duine agus fágtar duine.

41. Beidh beirt bhan ag meilt na bró; tógtar bean agus fágtar an bhean eile.

42. Bígí ar bhur gcoimeád mar sin, mar ní feasach cad é an lá a thiocfas bhur dTiarna.

43. Ach bíodh a fhios seo agaibh, dá mba rud é go mbeadh fhios ag ceann urra an tí an uair den oíche a dtiocfadh an gadaí, go mbeadh sé ag coimeád, agus nach ligfeadh sé d'aon duine briseadh isteach ina theach.

44. Caithfidh sibhse bheith ullamh mar an gcéanna; mar tiocfaidh Mac an duine san am nach bhfuil coinne agaibh leis.

45. “Cé mar sin atá ina sheirbhíseach iontaofa céillí atá curtha ag a mháistir os cionn a theaghlaigh, chun go dtabharfadh sé a gcuid dóibh sa tráth is cóir?

46. Is beann­aithe an seirbhíseach a bhfaighidh a mháistir é ag déanamh amhlaidh nuair a thiocfas sé.

47. Deirim go fírinneach libh go gcuirfidh sé cúram a mhaoine uile air.

48. Ach má deir an cneamhaire seirbhísigh úd ina intinn féin, ‘Tá moill ar mo mháistir,’

49. agus má théann sé ag bualadh a chomhsheir­bhíseach agus ag ithe agus ag ól i gcuideachta na bpótairí,

50. tiocfaidh máistir an tseirbhísigh úd i lá nach bhfuil sé ag dréim leis agus ar uair nach bhfuil súil aige leis,

51. agus bainfidh sé cúiteamh as agus cuirfidh sé i gcuideachta lucht na bréagchráifeachta é; an áit ina mbeidh caoí agus díoscán fiacla.