Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28

Tiomna Nua

Matha 20 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. “Mar tá ríocht neimhe mar cheann tí a d'imigh ar moch maidine ag fostú oibrithe le haghaidh a fhíonghoirt.

2. Shocraigh sé leis na hoibrithe ar dhéanar an lá, agus chuir sé isteach ina fhíonghort iad.

3. D'imigh sé i dtrátha an tríú huair agus chonaic sé tuilleadh ina seasamh i sráid an mhargaidh, agus iad díomhaoin;

4. agus dúirt sé leosan, ‘Gabhaigí isteach san fhíonghort i gcuideachta na cuideachta, agus cibé is cóir tabharfaidh mé daoibh é.’ D'imigh siad leo mar sin.

5. Chuaigh sé amach arís i dtrátha an séú agus an naoú huair, agus rinne sé mar an gcéanna.

6. Agus i dtrátha an aonú huair déag chuaigh sé amach go bhfuair fir eile ina seasamh thart; gur fhiafraigh díobh, ‘Cad chuige daoibh seasamh thart díomhaoin i rith an lae?’

7. Dúirt siadsan leis, ‘As siocair nár fhostaigh aon duine sinn.’ Dúirt sé leo, ‘Gabhaigí sibhse isteach san fhíonghort freisin.’

8. Agus nuair a tháinig an tráthnóna, dúirt an fear ar leis an fíonghort lena mhaor, ‘Glaoigh ar na hoibrithe agus íoc a dtuarastal leo, ag tosú leis an dream deireanach, agus ag críochnú leis an dream a bhí ar dtús.’

9. Agus nuair a tháinig an dream a fostaíodh i dtrátha an aonú huair déag, fuair gach duine acu déanar.

10. Anois nuair a tháinig an chéad dream, bhí siad ag meas go bhfaigheadh siad a thuilleadh; ach fuair gach duine acu déanar freisin.

11. Agus nuair a bhí sé glactha acu chuaigh siad a chlamhsán in aghaidh cheann an tí,

12. agus dúirt siad, ‘Níl ach obair na haon uaire déanta acu seo, agus chuir tú ar aon chéim linne iad, sinne a bhfuil tromualach agus teas an lae fulaingthe againn.’

13. Ach thug sé freagra ar dhuine acu, ‘A chara, níl mé ag déanamh aon éagóra ort; nár aontaigh tú liom ar dhéanar?

14. Tóg a bhfuil ag teacht chugat agus siúil leat; thogair mé an méid céanna a bhronnadh ar an duine deiridh seo is a thug mé duitse.

15. Nach bhfuil cead agam mo rogha rud a dhéanamh leis an ní is liom? Nó an mór leat an fhéile seo agam?’

16. Mar sin beidh tús ag an bhfear deireanach, agus beidh an té a bhí ar dtús ar deireadh.”

17. Agus nuair a bhí Íosa ag dul suas go hlarúsailéim, thug sé an dáréag deisceabal i leataobh, agus dúirt leo ar an tslí,

18. “Féachaigí, táimid ag dul suas go hlarúsailéim; agus tabharfar Mac an duine i lámha na n‑ardsagart agus na scríobhaithe, agus tabharfaidh siad breith báis air,

19. agus tabharfaidh siad do na Gintlithe é le bheith ag magadh air agus á sciúrsáil agus á chéasadh, agus tógfar é an tríú lá.”

20. Ba ansin a tháinig máthair chlann Shebidé chuige, í féin agus a dís mhac, agus chuaigh sí ar a glúine roimhe, agus d'iarr ní air.

21. Agus dúirt sé léi, “Cad é atá uait?” Agus dúirt sise leis, “Ordaigh go suífidh mo dhís mhac, duine acu ar do láimh dheas agus duine ar do láimh chlé i do ríocht.”

22. Ach d'fhreagair Íosa, “Ní feasach daoibh cad é atá á iarraidh agaibh. An féidir libhse an cupán a ólfas mise a ól?” Ar siadsan, “Is féidir.”

23. Dúirt sé leo, “Is sibh a ólfas as mo chupán, ach suí ar mo dheas agus ar mo chlé níl sé i mo chumas a thabhairt uaim, ó tá sin i ndán don dream ar ullmhaigh m'Athair dóibh é”.

24. Agus nuair a chuala an deichniúr é, bhí fearg orthu leis an dís deartháireacha.

25. Ach ghlaoigh Íosa chuige iad agus dúirt sé leo, “Is feasach daoibh an tiarnas a bhíos ag a lucht ceannais os cionn na nGintlithe, agus an t‑údarás a bhíos á chleachtadh ag a maithe móra orthu.

26. Ach ná bíodh amhlaidh agaibhse; ach an té atá le bheith maith agus mór caithfidh sé bheith ina sheirbhíseach agaibh,

27. agus an té a shantaíos an phríomháit eadraibh caithfidh sé bheith mar dhaor agaibh;

28. dála Mhac an duine nár tháinig le daoine a bheith ag freastal air ach le bheith ag freastal ar dhaoine, agus lena bheo a bhronnadh ina éiric le haghaidh mórán daoine.”

29. Nuair a d'imigh siad as Iericó, lean slua mór é.

30. Agus b'shiúd beirt dhall a bhí ina suí ar thaobh an bhóthair, nuair a chuala siad go raibh Íosa ag dul tharstu, a ghlaoigh amach in ard a gcinn, “Déan trócaire orainn, a Mhic Dháibhí!”

31. Chuir an slua brothladh orthu, agus dúirt siad leo bheith ina dtost; ach ba mhóide a ghlaoigh siad os ard, “A Thiarna, déan trócaire orainn, a Mhic Dháibhí!”

32. Agus sheas Íosa agus ghlaoigh sé orthu, ag rá leo, “Cad é atá uaibh a dhéanfas mé daoibh?”

33. Dúirt siad leis, “A Thiarna, osclaítear ár súilene.”

34. Agus le trua a bhí air leag Íosa a mhéar ar a súile, agus ar an toirt fuair siad a n‑amharc agus lean siad é.