Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28

Tiomna Nua

Matha 10 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Ba ansin a ghlaoigh sé a dháréag deisceabal chuige, agus a thug sé údarás dóibh ar na spridí neamhghlana, lena ndíbirt, agus le gach aicíd agus easláinte a leigheas.

2. Is iad seo ainmneacha an dáréag aspal: an chéad duine Síomón dár shloinne Peadar, agus Aindrias a dheartháir; Séamas mac Shebidé, agus Eoin a dheartháir;

3. Pilib agus Parthalón; Tomás agus Matha an bailitheoir cánacha;

4. Séamas mac Alfaeus, agus Tadéus; Síomón an Cánaníteach, agus Iúdás Iscariót, an té a rinne scéal air.

5. Chuir Íosa an dáréag sin amach uaidh, agus is é a d'ordaigh sé dóibh, “Ná buailigí an bealach a théas chun na nGintlithe, agus ná gabhaigí isteach in aon chathair Shamaratánach,

6. ach tugaigí tús áite do na caoirigh sheachráin is le teaghlach Iosrael.

7. Agus bígí ag fógairt sa siúl daoibh, ‘Tá ríocht na bhflaitheas i bhfogas.’

8. Leigheasaigí na daoine breoite, tógaigí na marbháin, glanaigí na Iobhair, díbrígí na deamhain. Fuair sibh saor in aisce, tugaigí uaibh saor in aisce.

9. Ná hiompraígí airgead buí, geal ná rua faoi bhur gcriosanna.

10. Ná bíodh aon mhála agaibh le haghaidh bhur n‑aistir, ná dhá léine, ná cuaráin, ná bata agaibh; mar is fiú an t‑oibrí a chuid a thabhairt dó.

11. Agus cibé baile mór nó baile beag a dtéann sibh ann, faighigí amach cé atá fiúntach ann, agus fanaigí aige ansin go n‑imí sibh.

12. Beannaigí don teach ag dul isteach ann daoibh.

13. Agus más fiú an teach é, tagadh an tsíocháin is agaibhse air; ach mura fiú é bhur síocháin a bheith aige, filleadh bhur síocháin oraibh ar ais.

14. Agus mura gcuireann duine fáilte romhaibh agus mura dtugann sé éisteacht do bhur mbriathra, croithigí an deannach de bhur gcosa nuair a fhágas sibh an teach úd nó an baile úd.

15. Deirim go fírinneach libh, is éadroime an bhreith a thabharfar ar thír Shodóim agus ar Ghomora lá an bhreithiúnais ná an bhreith a thabharfar ar an mbaile úd.

16. “Seo mé do bhur gcur amach uaim mar chaoirigh i measc mac tíre; bígí mar sin chomh glic le nathracha nimhe agus chomh soineanta le coilm.

17. Seachnaígí na daoine; nó cuirfidh siad i lámha comhairlí sibh, agus beidh siad do bhur sciúrsáil ina sionagóga,

18. agus tarraingeoidh siad leo sibh os comhair na n‑uachtarán agus na ríthe mar mhaithe liomsa, le fianaise a thabhairt os a gcoinne siúd agus os coinne na nGintlithe.

19. Nuair a thabharfar ar láimh sibh, ná bíodh aon imní oraibh faoi chaoi ná faoi ábhar bhur gcainte; mar bronnfar oraibh in alt na huaire úd an ní a bheidh le rá agaibh;

20. Mar ní sibh féin a bheidh ag labhairt, ach Spiorad bhur nAthar a bheidh ag labhairt as bhur mbéal.

21. Tabharfaidh an bráthair an bráthair lena bhású, agus an t‑athair an chlann, agus éireoidh an chlann amach in aghaidh a dtuismitheoirí go dtuga siad orthu bheith á gcur chun báis;

22. agus beidh fuath ag an saol oraibh mar mhaithe le m'ainmse. Ach an té a bhíos buan-seasmhach go deireadh is é a shlánófar.

23. Nuair a chuireann siad géarleanúint oraibh i mbaile mór amháin, teithigí go dtí baile mór eile; mar deirim libh go fíor, nach mbeidh bailte móra Iosrael uile siúlta agaibh, go dtaga Mac an duine.

24. “Ní fearr an deisceabal ná oide a mhúinte, agus ní fearr an seirbhíseach ná a mháistir;

25. is leor don deisceabal bheith mar a oide, agus is leor don seirbhíseach bheith mar atá a mháistir. Má thug siad Beelsebúl ar mháistir an tí, nach mó go mór a thabharfaidh siad gach drochainm is measa ná a chéile ar lucht a theaghlaigh?

26. “Ná bíodh aon eagla oraibh rompu mar sin; mar níl ní dá bhfuil i gceilt nach nochtfar, ná ní dá bhfuil i bhfolach nach mbeidh ar eolas.

27. An ní a insím daoibh faoi dhorchadas, fógraigí an ní sin sa solas; agus an ní a chluineas sibh i gcogar, foilsigí os ard é i mullaí na dtithe.

28. Agus ná bíodh eagla oraibh roimh an dream a mharaíos an corp agus nach féidir leo an t‑anam a mharú, ach ina ionad sin bíodh eagla oraibh roimh an té sin arbh fhéidir leis idir chorp agus anam a scriosadh in ifreann.

29. Nach ndíoltar dhá ghealbhan ar phingin? Agus ní thitfidh aon ghealbhan acu chun talaimh mura dtoilíonn bhur nAthair é.

30. Ach bíonn go fiú ribí bhur gcinn á gcomhaireamh.

31. Ná bíodh eagla oraibh mar sin; is fiú mórán níos mó ná a lán gealbhan sibh.

32. Dá bhrí sin de, an té sin a admhaíos mé os comhair na ndaoine, admhóidh mé é os comhair m'Athar atá ar neamh;

33. ach an té a shéanas mé os comhair na ndaoine, séanfaidh mise é os comhair m'Athar atá ar neamh.

34. “Ná síligí gur tháinig mise le síocháin a tabhairt ar an talamh; níor tháinig mé ag tabhairt na síochána liom, ach ag tabhairt claímh liom.

35. Mar tháinig mise le fear a chur in aghaidh a athar, agus leis an iníon a chur in aghaidh a máthar, agus le bean an mhic a chur in aghaidh a máthair chéile;

36. agus is iad a lucht aontís féin a bheas mar naimhde ag fear.

37. An té ar fearr leis a athair nó a mháthair ná mé ní fiú liom agam é; agus an té ar fearr leis a mhac nó a iníon ná mé ní fiú liom agam é;

38. agus an té nach dtógann a chrois air agus nach leanann mé ní fiú liom agam é.

39. Agus an té a gheobhas a bheo caillfidh sé é, agus an té a chaillfeas a bheo mar mhaithe liomsa is é a gheobhas a bheo.

40. “An té a ghlacas liomsa glacann sé leis an té a chuir uaidh mé.

41. An té a ghlacas le fáidh cionn is é a bheith ina fháidh gheobhaidh sé luach saothair fáidh, agus an té a ghlacas le firéan cionn is é a bheith ina fhíréan gheobhaidh sé luach saothair fíréin.

42. Agus cibé ar bith duine a thabhar­fas chomh beag le cupán d'uisce fuar d'aon duine de na miondaoine seo cionn is é a bheith ina dheisceabal, deirim libh go fíor nach mbeidh sé gan luach saothair.”