Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28

Tiomna Nua

Matha 25 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. “Cuirfear ríocht neimhe i gcosúlacht le deichniúr ógh a ghlac a lampaí agus a chuaigh amach in airicis an fhir nuaphósta.

2. Bhí cúigear acu amaideach agus cúigear acu ciallmhar.

3. Mar nuair a thug na hamaidí a lampaí leo, níor thug siad fleascáin ola leo lena lampaí;

4. ach thug na hógha céillí fleascáin ola leo lena lampaí.

5. Nuair a rinne an fear nuaphósta moill, bhí siad uile i suan agus i gcodladh.

6. Ach chuaigh gáir amach i meán na hoíche, ‘Seo chugainn an fear nuaphósta! Tagaigí libh amach ina airicis’.

7. D'éirigh na hógha úd ansin agus ghléas siad a lampaí.

8. Agus dúirt na hamaidí leis na hógha céillí, ‘Tugaigí cuid de bhur n‑ola dúinn, mar tá ár lampaí ag dul as.’

9. Ach d'fhreagair na hógha céillí, ‘B'fhéidir nach mbeadh go leor ann dúinne agus daoibhse; is fearr daoibh dul chuig na ceannaithe agus a ceannach daoibh féin.’

10. Agus nuair a bhí siad imithe á ceannach tháinig an fear nuaphósta, agus chuaigh an méid a bhí ullamh roimhe isteach chun na bainise ina chuideachta; agus dúnadh an doras.

11. Ina dhiaidh sin tháinig na hógha eile freisin, á rá, ‘A Thiarna, a Thiarna, oscail an doras romhainn.’

12. Ach d'fhreagair sé, ‘I bhfírinne deirimse libh nach n‑aithním sibh.’

13. Bígí coimeádach mar sin, mar níl fios an lae ná fios na huaire agaibh.

14. “Mar beidh sé mar fhear ag dul ar aistear a ghlaoigh ar a sheirbhísigh agus a chuir cúram a mhaoine uile orthu;

15. thug sé cúig thallann do dhuine acu, agus dhá thallann do dhuine eile, agus aon tallann amháin do dhuine eile, de réir na hacmhainne a bhí ag an uile dhuine acu. D'imigh sé leis ansin.

16. Chuaigh an té a fuair na cúig thallann a dhíol agus a cheannach leo; agus ghnóthaigh sé cúig thallann eile.

17. Mar an gcéanna, an té a raibh dhá thallann aige, ghnóthaigh sé dhá thallann bhreise.

18. Ach an té nach bhfuair ach aon tallann amháin chuaigh seisean a thochailt an talaimh agus a chur i bhfolach an airgid a bhí aige óna mháistir.

19. Chuaigh tamall fada thart agus ansin tháinig máistir na seirbhíseach úd gur shocraigh sé a chuntais leo.

20. Agus tháinig an té a fuair na cúig thallann chun tosaigh, ag tabhairt leis cúig thallann eile, agus dúirt sé, ‘A mháistir, thug tú cúig thallann dom; siúd cúig thallann bhreise a ghnóthaigh mé.’

21. Dúirt a mháistir leis, ‘Is maith a chruthaigh tú, a dhea-sheirbhísigh dhílis; bhí tú dílis faoi bheagán, cuirfidh mé os cionn móráin thú; is é do bheatha chuig móráthas do mháistir.’

22. Agus an té a raibh dhá thallann aige, tháinig seisean chun tosaigh, á rá, ‘A mháistir, thug tú dhá thallann dom; seo an dá thallann bhreise atá gnóthaithe agam.’

23. Dúirt a mháistir leis, ‘Is maith a chruthaigh tú, a dhea-sheirbhísigh dhílis; bhí tú dílis i mbeagán, cuirfidh mé thú os cionn móráin; is é do bheatha chuig móráthas do mháistir.’

24. An té sin freisin a fuair an t‑aon tallann amháin, tháinig seisean chun tosaigh, á rá, ‘A mháistir, bhí a fhios agam go raibh tú i d'fhear crua, ceachartha, ag baint san áit nár chroith tú síol, agus ag cruinniú san áit nár bhuail tú arbhar;

25. bhí eagla orm mar sin, agus chuaigh mé gur chuir mé do thallann i bhfolach i gcré an talaimh. Seo duit an ní is leat.’

26. Ach d'fhreagair a mháistir é, ‘A fheidhmeannaigh fhalsa, fhealltaigh! B'fheasach duit go mbímse ag baint san áit nár chroith mé síol agus go mbím ag cruinniú san áit nár bhuail mé arbhar.

27. Nár choir duit mar sin mo chuid airgid a chur ar ús ag na baincéirí, agus gheobhainn ansin ag teacht dom an méid is liom agus a bhiseach lena chois?

28. Bain mar sin an tallann de, agus tabhair é don té a bhfuil na deich dtallann aige.

29. Mar tabharfar a thuilleadh don té a bhfuil aige, agus beidh farasbarr aige; ach an té nach bhfuil aige béarfar uaidh go fiú an mhéid atá aige.

30. Agus caithigí an seirbhíseach gan dóigh sa dorchadas amuigh; áit a mbeifear ag caoi agus na fiacla á ndíoscán.’

31. “Nuair a thiocfas Mac an duine ina ghlóir, agus na haingil uile ina chuideachta, rachaidh sé ansin ina shuí ar chathaoir na glóire.

32. Cruinneofar os a chomhair a bhfuil de chiníocha ann, agus scarfaidh sé gach duine acu óna chéile mar scarann an t‑aoire na caoirigh ó na gabhair,

33. agus cuirfidh sé na caoirigh ar thaobh a láimhe deise, ach beidh na gabhair ar thaobh na láimhe clé.

34. Déarfaidh an Rí ansin le lucht na láimhe deise, ‘Is é bhur mbeatha, a dhream úd ar bheannaigh m'Athair sibh, le dul i seilbh na ríochta atá ullmhaithe in bhur gcomhair ó cuireadh an chruinne ar bun;

35. mar bhí ocras orm, agus thug sibh bia dom, bhí tart orm agus dhoirt sibh deoch dom, bhí me i mo strainséir agus d'fháiltigh sibh romham,

36. bhí mé tarnocht agus chuir sibh éadaí ar mo chorp, bhí mé breoite agus thug sibh cuairt orm, bhí me sa phríosún agus tháinig sibh chugam.’

37. Is ansin a gheobhaidh sé an freagra seo ó na fíréin, ‘Cá huair, a Thiarna, a chonaiceamar ocras ort agus a thugamar bia duit, nó tart ort agus a thugamar deoch duit?

38. Agus cá huair a chonaiceamar i do strainséir thú agus a d'fháiltíomar romhat, nó tarnocht agus a chuireamar éadaí ort?

39. Agus cá huair a chonaiceamar thú breoite nó sa phriosún agus a thugamar cuairt ort?’

40. Agus is é seo an freagra a thabharfas an Rí dóibh, ‘Deirim go fírinneach libh, mar atá déanta agaibh don té is lú de na bráithre seo agam, is domsa a rinne sibh é.’

41. Déarfaidh sé ansin le lucht na láimhe clé, ‘Fágaigí m'amharc, a dhream mhallaithe, agus isteach libh sa tíne shíoraí a ullmhaíodh le haghaidh an diabhail agus a chuid droch-aingeal;

42. mar bhí ocras orm agus cheil sibh bia orm, bhí tart orm agus cheil sibh deoch orm,

43. i mo strainséir agus bhí doicheall oraibh romham, bhí mé tarnocht agus dhiúltaigh sibh faoi éadaí mé, breoite agus sa phríosún agus d'fhan sibh uaim.’

44. Is ansin a fhreagróidh siadsan freisin, ‘A Thiarna, cá huair a chonaiceamar thú ocrach nó tartmhar nó i do strainséir nó tarnocht nó breoite nó i bpríosún agus nár fhóireamar ort?’

45. Is ansin a fhreagróidh sé iad, ‘Deirim go fírinneach libh, ó nach ndearna sibh é ar an té is lú orthu seo anseo, ní dhearna sibh ormsa é.’

46. Agus imeoidh siadsan chun pianpháise síoraí, ach siúlfaidh na fíréin isteach chun na beatha síoraí.”