Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28

Tiomna Nua

Matha 27 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Nuair a tháinig an mhaidin, chuaigh na hardsagairt uile agus seanóirí an phobail i gcomhairle in aghaidh Íosa lena chur chun báis;

2. agus chuibhrigh siad é agus tharraing siad ar shiúl é agus thug siad do Phíoláid an t‑uachtarán é.

3. Nuair a chonaic Iúdás, an té a rinne a bhrath, go raibh sé daortha, bhí aithreachas air, agus thug sé an tríocha bonn d'airgead ar ais chuig na hardsagairt,

4. á rá, “Tá peaca déanta agam, ag imirt fill ar fhuil neamhchiontach.”Ar siadsan, “Cad é sin dúinne? Fútsa fágtar é.”

5. Agus chaith sé síos uaidh na boinn airgid sa teampall, agus d'imigh sé; agus chuaigh sé agus chroch sé é féin.

6. Ach thóg na hardsagairt na boinn airgid, agus dúirt siad, “Ní ceadmhach a gcur isteach sa chiste, ós airgead fola iad.”

7. Mar sin ghlac siad comhairle, gur cheannaigh siad leo Páirc an Photaire, mar ionad adhlactha do na coimhthígh.

8. Dá bharr sin gaireadh Páirc na Fola den pháirc úd go dtí an Iá seo.

9. Ba ansin a comhlíonadh a ndúirt an fáidh Ierimía, á rá,“Agus ghlac siad an tríocha bonn d'airgead, luach an té ar chuir cuid de chlann Iosrael luach air,

10. agus thug iad ar Pháirc an Photaire, mar thaispeáin an Tiarna dom.”

11. Sheas Íosa anois os comhair an uachtaráin; agus d'fhiafraigh an t‑uachtarán de, “An tú Rí na nGiúdach?” Arsa Íosa leis, “Is tú a dúirt é.”

12. Ach nuair a chúisigh na hardsagairt agus na seanóirí é, níor thug sé aon fhreagra.

13. Dúirt Píoláid leis ansin, “Nach gcluineann tú an méid a dhearbhaíonn siad i d'éadan?”

14. Ach níor thug sé freagra dó ar oiread le haon rud amháin a cuireadh ina leith; ar mhodh go raibh iontas mór ar an uachtarán faoi.

15. Anois in am na féile ba nós leis an uachtarán aon phríosúnach amháin a ligean saor chuig an slua, cibé príosúnach ab áil leo.

16. Agus bhí príosúnach amháin acu san am, a raibh drochchlú air, agus Barabas ab ainm dó.

17. Mar sin nuair a bhí siad cruinnithe, arsa Píoláid leo, “Cé acu den bheirt is áil libh mé a ligean saor chugaibh, Barabas, nó Íosa dá ngairtear Críost?”

18. Mar bhí a dhea-fhios aige gur trí fhormad a tugadh suas é.

19. Lena chois sin, bhí sé i ndiaidh scéal a fháil óna bhanchéile agus é ina shuí ar chathaoir an bhreithiúnais, “Fear fíréanta é siúd, ná cuir chuige ná uaidh, mar bhí crá mór orm faoi inniu i mbrionglóid a bhain leis.”

20. Anois bhí na hardsagairt agus na seanóirí i ndiaidh tabhairt ar na daoine Barabas a iarraidh agus Íosa a chur den saol.

21. D'fhiafraigh an t‑uachtarán díobh an dara huair, “Cé acu den bheirt is áil libh mé a ligean saor chugaibh?” “Barabas,” ar siadsan.

22. D'fhiafraigh Píoláid díobh, “Cad é mar sin is cóir a dhéanamh le hÍosa dar sloinne Críost?” Dúirt siad uile le chéile, “Céastar é.”

23. Agus ar seisean, “Cad chuige? Cad é an drochní a rinne sé?” Ach ba mhóide a scairt siad, “Céastar é.”

24. Nuair a chonaic Píoláid nach raibh ag éirí leis aon ní a dhéanamh ach iaróg a chur ina suí, ghlac sé uisce agus nigh sé a lámha os comhair an tslua, á rá, “Tá mise neamhchiontach i bhfuil an fhir seo; freagraígí sibhse aisti.”

25. Agus d'fhreagair an pobal uile d'aon ghuth, “Bíodh a fhuilsean orainne agus ar ár gclann inár ndiaidh!”

26. Ansin lig sé Barabas saor chucu, agus rinne sé Íosa a sciúrsáil, agus lig dó dul dá chéasadh ansin.

27. Thug saighdiúirí an uachtaráin Íosa leo isteach sa Phraetorium, agus ghlaoigh siad ar an gcathlán uile teacht le chéile roimhe.

28. Agus bhain siad na héadaí de agus chuir siad róba craorag air,

29. agus d'fhigh siad coróin spíonta agus chuir ar a cheann í, agus chuir siad giolcach ina dheasláimh. Agus chuaigh siad ar a ngluine roimhe ag magadh faoi, agus a rá leis, “Fáilte romhat, a Rí na nGiúdach!”

30. Agus chaith siad a seile air, agus rug siad ar an ngiolcach agus bhuail siad léi ar an gceann é.

31. Agus nuair a bhí an magadh déanta acu faoi, bhain siad an róba de, agus chuir a chuid éadaigh féin air, agus thug siad ar shiúl é lena chéasadh.

32. Casadh dóibh ar a siúl amach fear as Círéne arbh ainm dó Síomón; agus chuir siad feidhm ar an duine sin a chrois a iompar.

33. Agus nuair a shroich siad áit a raibh Golgota air (a chiallaíos áit an chloiginn),

34. thairg siad fíon dó le n‑ól a raibh domlas tríd; ach nuair a bhí sé blaiste aige, ní ólfadh sé é.

35. Agus nuair a bhí sé curtha acu ar chrann a chéasta, chaith siad crann ar a éadaí á roinnt eatarthu féin;

36. agus shuigh siad ansin ag faire air.

37. Agus chuir siad an chúis a bhí curtha ina leith os cionn a chinn, agus is é a bhí le léamh, “Is é seo Íosa Rí na nGiúdach.”

38. Bhí beirt ghadaí á gcéasadh maraon leis an uair úd, duine ar a dheas agus duine ar a chlé.

39. Agus bhí a ndeachaigh thart ag fonóid faoi, ag croitheadh a gcinn air

40. agus á rá, “A ghiolla úd a mbíodh rún agat an teampall a leagan agus a atógáil in achar trí lá, tarrthaigh thú féin! Más Mac Dé tú, tar anuas den chrois úd.”

41. Mar an gcéanna bhí na hardsagairt maraon leis na scríobhaithe agus na seanóirí ag magadh faoi, á rá,

42. “Tharrthaigh sé na daoine eile; ní féidir leis é féin a tharrtháil. Is é Rí Iosrael é; tagadh sé anuas den chrois agus creidfimid ann.

43. Tá muinín aige as Dia; scaoileadh Dia é, más mian leis é; mar dúirt sé, ‘Is mé Mac Dé’.”

44. Agus bhí na gadaithe a bhí á gcéasadh ina chuideachta ag fonóid faoi ar an modh céanna.

45. Anois ón séú huair bhí dorchadas ar fud na tíre go dtí an naoú huair,

46. agus i dtrátha an naoú huair ghlaoigh Íosa in ard a chinn is a ghutha, “Éloí, Éloí lamá sabactání?” Is é sin, “A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige ar thréig tú mé?”

47. Agus dúirt cuid dá raibh ina seasamh thart nuair a chuala siad sin, “Is ag glaoch ar Elía atá an fear seo.”

48. Agus ar an toirt rith duine acu gur ghlac spúinse, agus líon le fínéagar é, agus chuir i mbarr giolcaí é, gur thug dó le n‑ól é.

49. Ach is é a dúirt an chuid eile, “Fanaigí, feicimis an dtiocfaidh Elía lena tharrtháil.”

50. Agus ghlaoigh Íosa arís i nglór ard, agus d'fhág an anáil é.

51. Agus b'shiúd brat an teampaill á réabadh ina dhá leath, ó bharr anuas go bun; agus bhí crith talaimh ann, agus scoilteadh na carraigeacha;

52. osclaíodh freisin na tuamaí agus tógadh mórán de choirp na naomh a bhí ina gcodladh,

53. agus tháinig siad amach as a dtuamaí i ndiaidh a aiséirithesean agus chuaigh siad isteach go dtí an chathair naofa agus taispeánadh do mhórán iad.

54. I dtaca leis an gceantúir agus an dream a bhí ag faire ar Íosa, nuair a chonaic siad an crith talaimh agus an méid eile a tharla, bhí siad lán d'ómós, agus dúirt siad, “Gan amhras ba é sin Mac Dé!”

55. Bhí a lán ban ansin, ag amharc air i bhfad siar, a bhí i ndiaidh Íosa a leanúint ó Ghalailí, le bheith ag timireacht air,

56. orthusan bhí Muire Mhaghdalénach, agus Muire máthair Shéamais agus Iósaif, agus máthair chlann Shebidé.

57. Nuair a bhí an tráthnóna ann, tháinig fear saibhir as Arimatía a raibh Iósaf mar ainm air, a bhí ina dheisceabal ag Íosa.

58. Chuaigh sé go Píoláid gur iarr corp Íosa. D'ordaigh Píoláid ansin a thabhairt dó.

59. Agus ghlac Iósaf an corp, agus d'fhill i dtaiséadach de línéadach glan é,

60. agus chuir sé ina thuama úrnua féin é, a bhí tochailte aige amach as an gcarraig; agus chas sé cloch mhór thart faoi bhéal an tuama, agus d'imigh leis.

61. Bhi Muire Mhaghdalénach agus an Mhuire eile ansin ina suí os comhair an tuama.

62. An lá ina dhiaidh sin, is é sin an lá a tháinig i ndiaidh lá an Ullmhaithe, chruinnigh na hardsagairt agus na Fairiséigh os comhair Phíoláid

63. agus dúirt siad, “A dhuine uasail, is cuimhneach linn go ndúirt an mealltóir úd, agus é ina bheo go fóill, ‘I ndiaidh trí lá éireoidh mé arís.’

64. Ordaigh dá bhrí sin go ndruidfear an tuama go daingean go dtí an tríú lá, ar eagla go rachadh a dheisceabail á fhuadach ar shiúl, agus go n‑inseoidís do na daoine gur éirigh sé ó mhairbh, agus go mbeidh an mealladh deireanach níos measa arís na an chéad mhealladh.”

65. Arsa Píoláid leo, “Tá garda saighdiúirí agaibhse; imígí agus daingnígí é mar is fearr a thagas libh.”

66. D'imigh siad mar sin agus dhaingnigh siad an tuama ag cur séala ar an gcloch agus ag cur garda uirthi.