Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28

Tiomna Nua

Matha 8 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Nuair a tháinig sé anuas den sliabh, lean sluaite móra é;

2. agus b'shiúd lobhar a tháinig go dtí é agus a chuaigh ar a ghlúine roimhe, agus a dúirt, “A Thiarna, más toil leat é, féadann tú mé a ghlanadh.”

3. Agus shín sé a lámh amach uaidh gur bhain leis, agus dúirt se, “Is toil liom é, bí glan.” Agus ní luaithe sin ráite ná glanadh a lobhra.

4. Agus arsa Íosa leis, “Bí cinnte agus ná habair focal le haon duine, ach imigh, agus taispeáin tú féin don sagart, agus déan an bronntanas a ofráil mar a d'ordaigh Maois, lena dhearbhú do na daoine.”

5. Ar a bhealach isteach go Caparnáum, tháinig ceantúir ina airicis, ag cur impí air

6. agus á rá, “A Thiarna, tá mo sheirbhíseach ina luí sa bhaile agus an phairilis air, agus é á chéasadh go dian.”

7. Agus ar seisean leis, “Tiocfaidh mé go leigheasa mé é.”

8. Ach ba é freagra an cheantúra, “A Thiarna, ni fiú mé tú a theacht faoi mo dhíon; ná habair ach an focal amháin, agus leigheasfar mo sheirbhíseach.

9. Mar is duine mé féin faoi cheannas lucht údaráis, a bhfuil saighdiúirí fúm; agus deirim le fear acu, ‘Imigh’, agus imíonn sé, agus le fear eile, ‘Tar’, agus tagann sé, agus deirim, ‘Déan sin’, le mo sheirbhíseach agus tá sé déanta aige.”

10. Nuair a chuala Íosa an chaint sin uaidh, rinne sé iontas de, agus dúirt sé le lucht a leanúna, “Deirim libh i bhfírinne, ní bhfuair mé a leithéid de chreideamh in Iosrael féin.

11. Deirim libh gurb iomaí duine a thiocfas anoir agus aniar le suí ag an mbord le hAbracham, le hÍosóg, agus le hlácób i ríocht na bhflaitheas,

12. agus go mbeidh san am céanna clann mhac na ríochta á gcaitheamh amach sa dorchadas taobh amuigh di; mar a mbeifear ag sileadh deor agus ag díoscán fiacal.”

13. Agus dúirt Íosa leis an gceantúir, “Imigh; go ndéantar duit mar atá creidte agat.” Agus leigheasadh an seirbhíseach in alt na móiminte úd.

14. Nuair a chuaigh Íosa isteach i dteach Pheadair, chonaic sé a mháthair chéile ina luí agus an fiabhras uirthi;

15. agus chuir sé a mhéar ar a láimh, agus d'fhág an fiabhras í, agus d'éirigh sí aníos go ndearna freastal air.

16. An tráthnóna úd tugadh chuige mórán a raibh deamhain ina gcoirp; agus dhíbir sé na deamhain le haon bhriathar amháin, agus leigheas sé a raibh breoite.

17. Tharla sin leis an ní a dúirt an fáidh Ísáia a chomhlíonadh, “Ghlac sé air féin ár n‑easláintí agus thóg sé ár n‑aicídí.”

18. Nuair a chonaic Íosa anois na mórshluaite ina thimpeall, thug sé ordú uaidh dul anonn go dtí an taobh eile.

19. Agus tháinig scríobhaí aníos chuige agus dúirt sé leis, “A Oide, leanfaidh mé thú cibé áit a dtéann tú.”

20. Agus arsa Íosa leis, “Bíonn uachaisí ag na madraí rua, agus neadacha ag éanlaith an aeir; ach níl aon áit ag Mac an duine a leagfaidh sé a cheann.”

21. Dúirt duine de na deisceabail leis, “A Thiarna, lig dom imeacht a adhlacadh m'athar.”

22. Ach ba é a dúirt Íosa leis, “Lean mise, agus lig do na marbháin a marbháin féin a adhlacadh.”

23. Agus nuair a chuaigh sé ar an mbád lean a dheisceabail é.

24. Agus b'shiúd doineann mhór ag éirí ar an muir, i dtreo go raibh na tonnta ag líonadh an bháid; ach bhí sé féin ina chodladh.

25. Agus chuaigh siad chuige gur dhúisigh siad é, agus iad á rá, “Tarrthaigh sinn, a Thiarna, táimid caillte.”

26. Agus dúirt sé leo, “Cad chuige an eagla seo oraibh, a lucht an chreidimh bhig?” D'éirigh sé ansin gur bhagair ar na gaotha agus ar an bhfarraige agus bhí ciúnas mór ann.

27. Agus rinne na fir iontas de, agus dúirt siad, “Cad é an sórt fir é seo, go mbíonn fiú na gaotha agus an fharraige ag umhlú dó?”

28. Agus nuair a tháinig sé go dtí an taobh thall, go tír na nGadairénach, tháinig beirt ina airicis ag teacht amach as na tuamaí, a bhí chomh fíochmhar nár fhéad aon duine an tslí úd a shiúl.

29. Agus b'shiúd iad ag béiceadh, “Cad chuige a bhfuil tú dúinn, a Mhic Dé? Ar tháinig tú lenar gcéasadh roimh am?”

30. Anois bhí tréad mór muc ag innilt tamall uathu.

31. Agus chuir na deamhain impí air, “Má tá fút ár ndíbirt, cuir amach sinn agus isteach i dtréad na muc.”

32. Agus dúirt sé leo, “Amach libh.” Tháinig siadsan amach mar sin agus isteach sna muca leo; agus b'shiúd an tréad uile go léir ag dul de ruathar síos na farragáin amach san fharraige, gur bádh san uisce iad.

33. Theith na muicithe leo, agus chuaigh isteach sa chathair gur inis an scéal uile faoinar tharla do na fir a raibh na deamhain iontu.

34. B'shiud lucht uile na cathrach ag teacht amach in airicis Íosa; agus nuair a chonaic siad é, chuir siad achainí air a ndúiche a fhágáil.