Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28

Tiomna Nua

Matha 14 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Ba san am úd a chuala Iorua, an rí cúige, faoin gclú a bhí ar Íosa;

2. agus ar seisean lena sheirbhísigh, “Is é sin Eoin Baiste, tá sé tógtha ó mhairbh; sin í an chúis go bhfuil na cumhachtaí seo ar obair ann.”

3. Mar is é rud, ghabh Iorua Eoin agus cheangail sé é agus chuir sé i bpríosún é, mar gheall ar Heródias, banchéile a dhearthár Pilib,

4. as siocair go ndúirt Eoin leis, “Níl sé ceadmhach de réir dlí í a bheith agatsa.”

5. Bhí mian air é a chur chun báis, ach go raibh eagla air roimh na daoine, mar ba é an mana a bhí acu, Eoin a bheith ina fháidh.

6. Ach nuair a bhíothas ag comóradh lá breithe Iorua, rinne iníon Heródias cúrsa damhsa os comhair na cuideachta, agus thaitin sí chomh mór sin le hlorua

7. gur gheall sé agus fiú mhionnaigh sé cibé a d'iarrfadh sí a thabhairt di.

8. Thug a máthair an leid di ansin, go ndúirt sí, “Tabhair chugam anseo ceann Eoin Bhaiste ar thrinsiúr.”

9. Chuir sin brón ar an rí; ach as siocair a mhionnaí agus na cuideachta a bhí aige thug sé ordú uaidh a thabhairt di;

10. agus chuir sé teachtaire uaidh go ndearnadh Eoin a dhícheannadh sa phriosún,

11. agus iompraíodh a cheann isteach ar thrinsiúr agus tugadh don chailín é, agus thug sise go dtí a máthair é.

12. Agus tháinig a dheisceabailsean gur thug leo an corp gur chuir san uaigh é; agus chuaigh siad gur inis d'Íosa é.

13. Anois nuair a chuala Íosa sin, chuaigh sé as sin i mbád i leataobh in áit uaigneach gan áitreabh. Ach nuair a chuala na sluaite é, lean siad é as na cathracha de shiúl cos.

14. Nuair a tháinig sé i dtír chonaic sé slua mór; agus ghlac sé trua dóibh, agus leigheas sé a raibh breoite acu.

15. Nuair a bhí an tráthnóna beag ann, tháinig na deisceabail chuige agus ar siadsan leis, “Áit uaigneach gan áitreabh atá anseo, agus tá sé mall sa lá cheana féin; cuir na sluaite ar shiúl go dté siad isteach sna bailte agus go gceannaí siad bia dóibh féin.”

16. Is é a dúirt Íosa, “Níl feidhm orthu imeacht; tugaigí féin bia dóibh.”

17. Ar siadsan leis, “Níl againn anseo ach cúig bhuilín aráin agus dhá iasc.

18. Agus dúirt sé, “Tugaigí chugam anseo iad.”

19. D'ordaigh sé ansin do na sluaite suí fúthu ar an bhféar; agus ghlac sé na cúig bhuilín aráin agus an dá iasc agus d'fhéach suas ar neamh, agus bheannaigh na builiní agus roinn i ranna iad gur thug do na deisceabail iad, agus thug na deisceabail do na sluaite iad.

20. Agus d'ith siad uile a sá. Agus tógadh dhá chiseán déag a bhí lán de na ghrabhróga a fágadh mar fhuílleach.

21. Agus an méid a d'ith an bia bhí siad cúig mhíle fear ann gan na mná ná na páistí a chur san áireamh.

22. Thug sé ansin ar na deisceabail dul ar an mbád agus seoladh anonn go dtí an taobh eile, a fhad agus bheadh sé féin ag scaoileadh na sluaite.

23. Ansin nuair a bhí na sluaite scaoilte aige, chuaigh sé suas leis féin faoi na cnoic a dhéanamh urnaí. Nuair a tháinig an oíche ní raibh aige ach é féin,

24. ach faoin am seo bhí an bád mórán stáid amach ón talamh, agus é á choscairt ag na tonnta; mar bhí an ghaoth ina n‑éadan.

25. Agus tháinig sé chucu sa cheathrú faire den oíche, agus é ag siúl na farraige.

26. Ach nuair a chonaic na deisceabail ag siúl na farraige é, bhí an t‑uafás orthu, agus dúirt siad, “Taibhse atá ann!” Agus lig siad béic astu leis an eagla a bhí orthu.

27. Ach labhair sé leo ar an móimint, agus dúirt sé leo, “Bíodh uchtach agaibh, is mise atá ann; ná bíodh aon eagla oraibh.”

28. Agus d'fhreagair Peadar é, “A Thiarna, más tú atá ann, ordaigh dom teacht chugat ar uachtar an uisce.”

29. “Tar”, ar seisean leis. D'éirigh Peadar mar sin amach as an mbád gur tháinig chuig Íosa agus é ag siúl an uisce;

30. ach nuair a chonaic sé an ghaoth, bhí eagla air, agus thosaigh sé ar dhul faoi agus dúirt sé in ard a chinn, “A Thiarna, tarrthaigh mé.”

31. Shín Íosa a lámh amach ar an bpointe ag breith air, agus dúirt sé leis, “A fhir an chreidimh bhig, cad chuige duit bheith in amhras?”

32. Agus nuair a chuaigh siad ar bhord an bháid, thit an ghaoth.

33. Agus thug a raibh sa bhád adhradh dó, agus iad á rá, “Is fíor gur tú Mac Dé.”

34. Nuair a bhí siad thall, tháinig siad i dtír ag Genesaret.

35. Agus nuair a d'aithin lucht na háite cé a bhí ann, chuir siad an scéal amach ar fud an cheantair úd agus thug siad chuige a raibh breoite,

36. agus d'iarr siad air ligean dóibh gan ach a lámha a leagan ar fhrainse a fhallainge; agus slánaíodh ar leag lámh air.