Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28

Tiomna Nua

Matha 11 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Nuair a bhí críoch curtha ag Íosa ar an teagasc a thug sé dá dháréag deisceabal, shiúil sé ar aghaidh ansin a theagasc agus a sheanmóireacht ina gcathracha.

2. Nuair a chuala Eoin iomrá ar ghníomhartha an Chríost, agus é sa phriosún, chuir sé scéal chuige lena dheisceabail féin

3. ag fiafraí de, “An tú an té atá le teacht, nó an mbeidh súil againn le duine nach tú?”

4. Agus ba é an freagra a thug Íosa orthu, “Imigí agus insígí d'Eoin a gcluineann sibh agus a bhfeiceann sibh:

5. faigheann na daill a radharc agus tá na ciothramaigh ag siúl, glantar na lobhair agus cluineann na bodhráin, tógtar na mairbh, agus fógraítear an dea-scéal do na boicht.

6. Agus is beannaithe an té nach nglacann scannal liom.”

7. Nuair a bhí siadsan ag imeacht, thosaigh Íosa ag cur síos ar Eoin leis na sluaite: “Cad é an rud é a ndeachaigh sibh amach ar an bhfásach le hamharc a fháil air? Giolcach á luascadh le gaoth?

8. Ach cad chuige a ndeachaigh sibh amach? An le fear a fheiceáil a mbíodh éadaí míne air? Ach is i dtithe na ríthe a bhíos lucht an éadaigh mhín.

9. Cad chuige mar sin a ndeachaigh sibh amach? Le fáidh a fheiceáil? Is ea, agus ní is mó, deirim libh, ná fáidh.

10. Is é sin an té a bhfuil sé scríofa faoi,‘Féach, cuirim mo theachtaire ar do bhealach,a réiteos do shlí romhat.’

11. Deirim libh go fíor nach raibh mac ag máthair riamh a ba mhó ná Eoin Baiste; ach ní fhágann sin nach mó ná é an té is lú i ríocht na bhflaitheas.

12. Ó laethanta Eoin Bhaiste go dtí anois tá foréigean á imirt ar ríocht na bhflaitheas, agus lucht an fhoréigin á éigniú.

13. Mar bhíodh na fáithe uile agus an dlí ag déanamh fáistine go dtí gur tháinig Eoin;

14. agus más toil libh glacadh leis uaim, is é sin Elía a bhí le teacht.

15. An té a bhfuil cluasa aige le héisteacht, éisteadh sé.

16. “Ach cé an tsamhail a thabharfaidh mé don ghlúin seo?Is í an tsamhail atá orthu, páistí ina suí i sráid an mhargaidh agus ag glaoch ar na páistí eile atá ag súgradh leo,

17. ‘Sheinneamar na píobaí daoibh, agus ní dhearna sibh damhsa;rinneamar mairgneach, agus ní dhearna sibh brón.’

18. Mar tháinig Eoin gan é ag ithe ná ag ól, agus deir siad ‘Tá deamhan ina chorp’;

19. agus tháinig Mac an duine agus é ag ithe agus ag ól, agus is é a deir siad, ‘Seo craosaire bia agus pótaire fíona, seo cara na mbailitheoirí cánacha agus na bpeacach!’ Ach tugann a bearta a ceart don eagnaíocht.”

20. Ba ansin a thosaigh sé ar cháineadh na gcathracha ba mhó a ndearna sé móroibreacha iontu, as siocair gan aithrí a bheith orthu.

21. “Mo chreach tú, a Chorasin! Mo bhrón tú, a Bhétsáida! Dá mba i dTior nó i Siodón a dhéantaí na móroibreacha a rinneadh ionaibhse, bheadh a aithreachas déanta acu fad ó shin agus saicéadach agus luaithreach orthu.

22. Ach deirimse libh, is éadroime a bheifear lá an bhreithiúnais ar Thoir agus ar Shiodón ná oraibhse.

23. Agus tusa, a Chaparnáum, an ardófar go neamh thú? Is é rud, ísleofar go Háidéas thú. Mar dá mba i Sodóm a dhéantaí na móroibreacha a rinneadh ionatsa, bheadh sé ag fanacht ina sheasamh go dtí an lá inniu.

24. Ach deirimse libh gur éadroime an bhreith a thabharfar lá an bhreithiúnais ar Thír Shodóim ná an bhreith a thabharfar ort.”

25. Is san am sin a dhearbhaigh Íosa, “Beirim buíochas leat, a Athair, a Thiarna neimhe agus talaimh, gur cheil tú na nithe seo ar lucht na heagna agus na tuisceana agus gur nocht tú do na leanbáin iad;

26. is ea, bhí sin amhlaidh, a Athair, ba é sin do thoil agus do dheoin.

27. Tá gach uile ní tugtha uaidh i mo láimh ag m'Athairse; agus ní aithnid an Mac d'aon duine ach don Athair, agus ní aithnid an tAthair d'aon duine ach don Mhac agus duine ar bith a dtoilíonn an Mac a nochtadh dó.

28. Tagaigí chugamsa, a dhream úd a mbíonn saothar mór agus ualaí troma oraibh, agus tabharfaidh mé suaimhneas daoibh.

29. Tagaigí faoi mo chuing, agus glacaigí le mo theagasc; mar is caoin uiríseal mo chroí, agus gheobhaidh sibh suaimhneas anama agam.

30. Is cuing éasca mo chuingse, agus is éadrom an t‑ualach m'ualachsa.”