Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28

Tiomna Nua

Matha 18 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Ba san am úd a tháinig na deisceabail chuig Íosa ag fiafraí de, “Cé is mó i ríocht neimhe?”

2. Agus ghlaoigh sé leanbh chuige, agus chuir ina sheasamh ina lár é,

3. agus dúirt sé, “Deirim go fírinneach libh, mura n‑iompaíonn sibh agus mura mbíonn sibh ar chiall na bpáistí, ní rachaidh sibh choíche isteach i ríocht neimhe.

4. An té a íslíos é féin mar an leanbh seo, is é is mó céim i ríocht neimhe.

5. “An té a ghlacas le haon leanbh mar seo i m'ainmse is liom a ghlacann sé;

6. ach an té a thugas ábhar peaca d'aon duine amháin den mhuintir bheag seo a chreideas ionam, b'fhearr dó cloch mhór mhuilinn á crochadh faoina mhuineál agus a bhá i nduibheagán na farraige.

7. “Is mairg don domhan faoi na cathuithe! Mar ní féidir nach dtiocfaidh na cathuithe, ach is mairg don duine a dtagann na cathuithe tríd!

8. Agus más ábhar peaca duit do lámh nó do chos, gearr díot agus caith uait í; is fearr duit dul go tír na mbeo ar leathláimh nó ar leathchois ná bheith do do chaitheamh isteach sa tine shíoraí agus dhá láimh agus dhá chois ort.

9. Agus más ábhar peaca duit do shúil pioc amach agus caith uait í; is fearr duit dul isteach go tír na mbeo ar aon súil ná do chaitheamh i dtinte ifrinn le dhá shúil i do cheann.

10. “Tugaigí aire gan a bheag a dhéanamh d'aon duine den mhuintir bheag seo; mar táim á insint daoibh go mbíonn a n‑aingil siúd i bhflaitheas Dé i gcónaí ag amharc ar ghnúis m'Athar atá ar neamh.

12. Cad é bhur mbarúil? Má bhíonn fear ann agus céad caora aige, agus caora acu i ndiaidh dul ar seachrán, nach bhfágann sé an nócha is naoi gcaora ina dhiaidh, agus nach dtéann sé ag cuardach na caorach seachráin?

13. Agus má fhaigheann sé í, go fírinneach insím daoibh gur mó a lúcháir fúithi ná a lúcháir faoina nócha a naoi nach ndeachaigh ar seachrán uaidh riamh.

14. Mar sin ní toil le m'Athair atá ar neamh go gcailltí aon duine den mhuintir bheag seo.

15. “Má pheacaíonn do bhráthair i d'aghaidh, gabh chuige agus inis a locht dó, gan aon duine ann ach amháin tusa agus eisean. Má éisteann sé leat, tá do bhráthair gnóthaithe agat.

16. Ach mura n‑éisteann sé leat, beir duine nó beirt eile maraon leat, ionas go ndaingnítear gach focal le fianaise beirte nó triúir.

17. Má dhiúltaíonn sé éisteacht leosan, inis don eaglais é; agus má dhiúltaíonn sé éisteacht leis an eaglais féin, bíódh sé agat mar Ghintlí nó mar bhailitheoir cánacha.

18. Deirim go fírinneach libh, cibé a cheanglós sibh ar talamh ceanglófar ar neamh é, agus cibé a scaoilfeas sibh ar talamh, scaoilfear ar neamh é.

19. Deirim libh arís, má thagann beirt agaibh ar aon intinn ar talamh faoi aon rud a iarrfas sibh, déanfaidh m'Athair atá ar neamh dóibh é.

20. Mar cibé áit a mbíonn beirt nó triúr cruinnithe i m'ainmse, bímse ansin ina measc siúd.”

21. Ba ansin a tháinig Peadar aníos gur fhiafraigh de, “A Thiarna, cé mhéid uair a pheacós mo bhráthair i m'aghaidh agus a mhaithfeas mé dó? An oiread le seacht n‑uaire?”

22. Is é a dúirt losa leis, “Ní deirim leat seacht n‑uaire, ach seachtó faoi sheacht!

23. “Dá bhrí sin féadtar ríocht neimhe a chur i gcosúlacht le rí a raibh mian air cuntas a iarraidh ar a sheirbhísigh.

24. Nuair a thosaigh sé ar an gcuntasaíocht, tugadh fear chuige a raibh fiacha deich míle talann air.

25. Agus ó nár fhéad sé a n‑íoc, d'ordaigh a thiarna go ndíoltaí é féin agus a bhean agus a chlann agus a raibh aige, agus na fiacha a íoc.

26. Mar sin thit an seirbhíseach ar a ghlúine ag cur impí air, ‘A Thiarna, bíodh foighne agat liom, agus íocfaidh mé an t‑iomlán leat.’

27. Agus de bharr na trua a bhí aige dó scaoil tiarna an tseirbhísigh úd é agus mhaith sé na fiacha dó.

28. Ach nuair a bhí an seirbhíseach céanna ag imeacht, tharla sé ar dhuine dá chomhsheirbhísigh a raibh céad déanar aige air; agus rug sé ar sceadamán air agus ar seisean, ‘Íoc a bhfuil d'fhiacha agam ort’

29. Dá bhrí sin thit a chomhsheirbhíseach síos gur chuir impí air, ‘Bíodh foighne agat liom, agus íocfaidh mé an t‑iomlán.’

30. Agus dhiúltaigh seisean é agus d'imigh leis gur chuir i bpríosún é go dtí go n‑íocfadh sé na fiacha.

31. Nuair a chonaic a chomhsheirbhísigh cad é a tharla, bhí aiféala mór orthu, agus chuaigh siad gur thug siad faisnéis dá dtiarna ar ar tharla.

32. Chuir a thiarna fios air ansin agus dúirt sé leis, ‘A sheirbhísigh mhallaithe! Mhaith mé na fiacha úd uile duit ar d'impí;

33. agus nárbh é do cheart trócaire a bheith agat ar do chomhsheirbhíseach, mar an trócaire a bhí agam ort?’

34. Agus le méid a fheirge thug a thiarna i lámha na séiléirí é, go n‑íocfadh sé iomlán a fhiach.

35. Is amhlaidh a dhéanfas m'Athair neamhaí libhse, mura maitheann sibh, gach duine agaibh, dá bhráthair óna chroí.”