Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28

Tiomna Nua

Matha 15 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Ba ansin a tháinig Fairiséigh agus scríobhaithe chuig Íosa as Iarúsailéim agus dúirt siad leis,

2. “Cad chuige a mbíonn do dheisceabail ag sárú nósanna na seanóirí? Mar ní níonn siad a lámha nuair a chaitheann siad bia.”

3. Is é an freagra a thug sé orthu, “Agus cad chuige a sháraíonn sibhse aithne Dé mar mhaithe le bhur nósannasa?

4. Mar is í an aithne a thug Dia uaidh, ‘Tabhair onóir do d'athair agus do do mháthair,’ agus ‘An té a labhraíos an t‑olc ar a athair nó ar a mháthair, cuirtear chun báis é gan teip.’

5. Ach is é a bhíos á rá agaibhse, ‘Má insíonn duine dá athair nó dá mháthair, An rud a bhí agam le tabhairt duitse is tabhartas do Dhia é, níl aon fheidhm air onóir a thabhairt dá athair.’

6. Dá bhrí sin de, tá briathar Dé curtha ar ceal agaibh mar mhaithe le bhur nós úd.

7. A dhream an chrábhaidh bhréige! Nach maith a rinne Ísáia tairngreacht fúibh, nuair a dúirt sé:

8. ‘Tugann an mhuintir seo onóir dom lena mbéal,ach is fada uaim a gcroí;

9. is díomhaoin an t‑adhradh a thugann siad dom,agus gan sa teagasc a bhíos á theagasc acu ach ar ordaigh daoine.’”

10. Agus ghlaoigh sé na daoine chuige go ndúirt sé leo, “Éistigí leis seo agus tuigigí:

11. ní hé an ní a théas isteach sa bhéal a shalaíos an duine, ach an ní a thagas amach as an mbéal, sin an ní a shalaíos an duine.”

12. Tháinig na deis­ceabail chuige ansin agus dúirt siad leis, “Nach bhfuil fhios agat gur ghlac na Fairiséigh scannal nuair a chuala siad an rá sin agat?”

13. Ba é a d'fhreagair sé, “Níl aon phlanda nach bhfuil curtha ag m'Athair neamhaí nach dtarraingeofar amach as na fréamhacha.

14. Ná bainigí leo; is iad na treoraithe dalla iad. Má threoraíonn dall dall, titfidh siad ar aon i bpoll.”

15. Ach dúirt Peadar leis, “Mínigh an fáithscéal dúinn.”

16. Agus dúirt sé, “An bhfuil sibhse go fóill gan tuiscint freisin?

17. Nach bhfeiceann sibh, cibé ní a théas isteach ar an mbéal, go dtéann sé ar aghaidh leis go dtí an goile, agus amach sa chamra?

18. Ach an ní a thagas amach ar an mbéal is ón gcroí a thagas sé, agus salaíonn seo an duine.

19. Mar is iad a thagas as an gcroí na drochsmaointe, an dúnmharú, an t‑adhaltranas, an drúis, an ghadaíocht, an fhianaise bhréige, an t‑ithiomrá.

20. Is iadsan a shalaíos an duine; ach ní shalaíonn sé duine má chaitheann sé bia le lámha nár níodh.”

21. Agus d'imigh Íosa as an áit úd agus tharraing sé i leataobh go dúiche Thior agus Shiodóin.

22. Agus b'shiúd an bhean Chánáníteach as an dúiche úd a tháinig amach agus a ghlaoigh, “Déan trócaire orm, a Thiarna, a Mhic Dháibhí; tá deamhan dian i gcorp m'iníne.”

23. Ach níor thug sé focal de fhreagra uirthi. Agus tháinig a dheisceabail chuige agus chuir siad achainí air agus dúirt siad, “Cuir ar shiúl í, mar tá sí ag screadach inár ndiaidh.”

24. Ba é a fhreagra, “Níor cuireadh mise ach amháin chuig caoirigh sheachráin de theaghlach Iosrael.”

25. Ach tháinig sise go ndeachaigh ar a glúine roimhe, á rá, “A Thiarna, cuidigh liom.”

26. Agus d'fhreagair sé, “Ní cóir é breith ar chuid aráin na clainne agus a chaitheamh chun na gcoileán.”

27. Agus ar sise, “Is fíor sin duit, a Thiarna, ach bíonn cead ag na coileáin bheith ag ithe a dtiteann de ghrabhróga ó bhord a máistir.”

28. Ba ansin a d'fhreagair Íosa í, “A bhean úd an mhórchreidimh! Bíodh agat mar atá iarrtha agat.” Agus slánaíodh a hiníon ar an toirt.

29. Agus d'fhág Íosa an áit úd agus chuaigh thart faoi bhruach Mhuir Ghalailí agus suas faoi na cnoic, gur shuigh ansin.

30. Agus tháinig sluaite móra chuige, agus iad ag iompar leo na gcláiríneach agus na gciothramach, na ndall agus na mbalbhán, agus mórán othar eile, gur lig anuas ag a chosa iad, agus leigheas sé iad,

31. sa chaoi go ndearna an slua iontas de, nuair a chonaic siad na balbháin ag labhairt, a mbaill beatha ag na ciothramaigh, na cláirínigh ag siúl, agus an t‑amharc ag na daill; agus thug siad glóir do Dhia Iosrael.

32. Ba ansin a ghlaoigh Íosa a dheisceabail chuige go ndúirt sé leo, “Tá trua agam don slua, mar tá siad na trí lá seo i mo chuideachta, agus gan bia le caitheamh acu; agus tá leisce orm á gcur uaim agus ocras orthu, ar eagla go dtite siad i laige ar an tslí.”

33. Agus d'fhiafraigh na deis­ceabail de, “Cá has a bhfaighimid arán go leor san fhásach lena sá bia a thabhairt do shlua chomh mór leis?”

34. Agus d'fhiafraigh Íosa díobh, “Cé mhéid builíní atá agaibh?” Agus dúirt siad, “Seacht mbuilín agus dornán de mhionéisc.”

35. Agus d'ordaigh sé don slua suí fúthu ar an talamh,

36. agus ghlac sé na seacht mbuilín agus an t‑iasc, agus d'altaigh sé iad agus roinn sé iad agus thug do na deisceabail iad, agus thug na deisceabail do na sluaite iad.

37. Agus d'ith siad uile go léir a sá; agus tógadh seacht gciseán lána den fhuílleach a bhí fágtha.

38. An méid a d'ith bhí siad ceithre mhíle fear ann, gan mná ná páistí a chur san áireamh.

39. Agus nuair a bhí na sluaite scaoilte chun siúil aige, chuaigh sé ar an mbád agus d'imigh sé leis go críocha Mhagadáin.