Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28

Tiomna Nua

Matha 21 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Agus nuair a bhí siad ag druidim le hlarúsailéim, agus a shroich siad Bétfagé, agus Cnoc na nOlóg, chuir Íosa beirt dheisceabal uaidh ansin,

2. agus dúirt sé leo, “Siúlaigí isteach sa bhaile beag os bhur gcomhair, agus ní fada go dtiocfaidh sibh ar asal ceangailte ann, agus searrach léi; scaoiligí iad agus tugaigí chugam iad.

3. Má deir duine ar bith rud ar bith libh, déarfaidh sibh, ‘Tá feidhm ag an Tiarna leo’, agus cuirfidh sé uaidh iad gan a thuilleadh moille.”

4. Tharla seo leis an rud a bhí ráite ag an bhfáidh a chomlíonadh, is é a deir sé:

5. “Inis d'iníon Shíóin,féach, tá do rí-se ag teacht chugat,go huiríseal, agus é ag marcaíocht ar asal,agus ar shearrach óg asail.”

6. Chuaigh na deisceabail agus rinne siad mar a bhí ordaithe ag Íosa dóibh;

7. thug siad leo an t‑asal agus an searrach, agus chuir siad a mbaill éadaigh orthu, agus shuigh sé orthu.

8. Leath bunús an tslua a mbaill éadaigh ar an mbóthar, agus ghearr daoine eile craobhacha as na crainn agus leath siad ar an mbóthar iad.

9. Agus na sluaite a bhí ag dul roimhe agus ag teacht ina dhiaidh, lig siad an gháir seo astu, “Hósanna do Mhac Dháibhí! Is beannaithe an té a thagas in ainm an Tiarna. Hósanna in airdí na bhflaitheas.”

10. Agus nuair a chuaigh sé isteach go hlarúsailéim, bhí corraí faoi lucht uile na cathrach, agus d'fhiafraigh siad, “Cé hé seo?”

11. Agus ba é a dúirt na sluaite, “Is é seo an fáidh Íosa ó Nasair na Galailí.”

12. Agus chuaigh Íosa isteach i dteampall Dé agus thiomáin sé amach as an teampall gach uile dhuine a bhíodh ag ceannach nó ag díol ann, agus chaith sé bun os cionn na boird a bhí ag lucht díolta na gcolm.

13. Is é a dúirt sé leo, “Is é atá scríofa, ‘Gairfear teach urnaí de mo theachsa’; ach tá uaimh gadaithe déanta agaibhse de.”

14. Agus tháinig na bacaigh agus na daill chuige sa teampall, agus leigheas sé iad.

15. Ach nuair a chonaic na hardsagairt agus na scríobhaithe na hiontais a bhí á ndéanamh aige, agus na leanaí ag glaoch, “Hósanna do Mhac Dháibhí,” os ard sa teampall bhí fearg orthu;

16. agus d'fhiafraigh siad de, “An gcluineann tú cad é atá siad seo á rá?” Agus dúirt Íosa leo, “Cluinim; nár léigh sibh riamh,‘Is as béal na naíonán agus na leanaí diúila thug tú fíormholadh’?”

17. Agus d'fhág sé iad, agus shiúil sé amach as an gcathair go Bétáin gur fhan an oíche ansin.

18. Ar maidin, ar a bhealach ar áis chun na cathrach, bhí ocras air.

19. Agus chonaic sé crann fige ar thaobh an bhóthair agus chuaigh sé go dtí é, agus ní bhfuair air ach duilleoga amháin. Agus dúirt sé leis, “Nár thaga aon toradh uait arís choíche!” Agus feodh an crann fige ar an toirt.

20. Nuair a chonaic na deisceabail é rinne siad iontas de agus dúirt siad, “Cad é a thug ar an gcrann fige feo chomh tobann sin?”

21. Agus d'fhreagair Íosa iad, “Deirim go fírinneach libh, má bhíonn creideamh agaibh agus má bhíonn sibh gan drochamhras, ní dhéanfaidh sibh an ní seo amháin a rinn­eadh leis an gcrann fige, ach go fiú má deir sibh leis an sliabh seo, ‘Tógtar in airde thú agus caitear amach san fharraige thú,’ go ndéanfar amhlaidh.

22. Agus cibé rud a iarras sibh san urnaí, gheobhaidh sibh é, ach creideamh a bheith agaibh.”

23. Agus nuair a chuaigh sé isteach sa teampall, tháinig na hardsagairt agus seanóirí an phobail aníos chuige nuair a bhí sé ag teagasc, gur fhiafraigh siad de, “Cad é an t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, agus cé thug an t‑údarás seo duit?”

24. D'fhreagair Íosa iad, “Cuirfidh mise aon cheist amháin oraibh freisin; agus má thugann sibh an freagra dom, inseoidh mise daoibh freisin cad é an t‑údarás atá agam agus mé ag déanamh na nithe seo.

25. Baiste Eoin, cárb as dó? Cé acu ó neamh nó ó dhaoine?” Agus rinne siad díospóireacht le chéile, “Má deirimid, ‘Ó neamh,’ déarfaidh sé linn, ‘Cad chuige mar sin nár chreid sibh é?’

26. Ach má deirimid, ‘Ó dhaoine’, tá eagla orainn roimh an slua; mar glacann siad leis mar fhírinne gur fáidh a bhí in Eoin.”

27. Mar sin de thug siad mar fhreagra ar Íosa, “Níl a fhios againn.” Agus dúirt sé leo, “Ní inseoidh mise daoibh ach oiread cad é an t‑údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.

28. “Cad é bhur mbarúil? Bhí fear ann a raibh beirt mhac aige; agus chuaigh sé chuig an gcéad duine acu agus dúirt sé, ‘A mhic, siúil leat agus oibrigh san fhíonghort inniu.’

29. Agus d'fhreagair sé, ‘Ní dhéanfaidh’; ach bhí aithreachas air ina dhiaidh agus chuaigh sé ann.

30. Agus chuaigh sé chuig an dara mac agus dúirt sé an rud céanna leis-sean; agus d'fhreagair sé, ‘Rachaidh, a dhuine uasail,’ ach ní dheachaigh sé.

31. Cé acu den bheirt a chuir toil a athar i ngníomh?” “An chéad duine acu,” d'fhreagair siad. Arsa Íosa leo, “Deirim go fírinneach libh, go rachaidh na bailitheoirí cánacha agus na striapacha isteach go ríocht Dé sula dté sibhse isteach.

32. Mar tháinig Eoin chugaibh slí na firéantachta, agus níor chreid sibh é, ach chreid na bailitheoirí cánacha agus na striapacha é; agus go fiú nuair a bhí sin feicthe agaibh, ní dhearna sibh aithreachas agus níor chreid sibh é ina dhiaidh sin féin.”

33. “Éistigí le fáithscéal eile. Bhí ceann tí ann a phlandaigh fíonghort agus a chuir fál ina thimpeall, agus a thochail cantaoir fhíona, agus a thóg túr, agus a lig ar chíos do thionóntaí é, agus a thug tír eile air féin.

34. Nuair a bhí séasúr an toraidh ag teacht, chuir sé uaidh a sheirbhísigh chuig na tionóntaí, lena chuid torthaí a fháil;

35. agus rug na tionóntaí ar a sheirbhísigh, agus bhuail siad duine acu, agus mharaigh siad an dara duine, agus d'imir siad bás ar dhuine eile acu le clocha.

36. Chuir sé seirbhísigh eile uaidh arís, níos mó ná an chéad uair, agus rinne siad mar an gcéanna leo.

37. Chuir sé a mhac chucu ina dhiaidh sin, á rá, ‘Beidh meas acu ar mo mhac.’

38. Ach nuair a chonaic na tionóntaí an mac, dúirt siad ina n‑intinn féin, ‘Is é seo an t‑oidhre; tagaigí go maraímid é ionas go mbeidh a oidhreacht againne.’

39. Agus rug siad air agus chaith siad amach as an bhfíonghort é, agus mharaigh siad é.

40. Nuair a thiocfas an té ar leis an fíonghort mar sin, cad é a dhéanfaidh sé leis na tionóntaí úd?”

41. Ar siadsan leis, “Cuirfidh sé na bithiúnaigh chun báis léanmhair, agus ligfidh sé an fíonghort ar chíos do thionóntaí eile a thabharfas na torthaí dó ina séasúir.”

42. Arsa Íosa leo, “Nach bhfuil léite agaibh sna scrioptúir:‘An chloch sin dar dhiúltaigh na saoirtá sí mar chloch chinn sa chúinne;is é sin an gníomh a rinne an Tiarna,agus is iontach é inár súile?’

43. Insím daoibh dá bhrí sin go mbainfear ríocht Dé díbhse agus go dtabharfar í do náisiúin a bhéarfas na torthaí is dual di.”

45. Nuair a chuala na hardsagairt agus na Fairiséigh a fháithscéalta, thuig siad gur orthu a bhí sé ag caint.

46. Ach nuair a bhí siad ag iarraidh a ghabháil, bhí eagla orthu roimh na sluaite, ó ghlac siad mar fhírinne leis go raibh sé ina fháidh.