Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28

Tiomna Nua

Matha 23 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Dúirt Íosa ansin leis na sluaite agus lena dheisceabail féin,

2. “Bíonn na scríobhaithe agus na Fairiséigh ina suí i gcomharbas Mhaois;

3. coimeádaigí agus cleachtaigí a n‑ordaíonn siad daoibh, ach ná déanaigí aithris ar a ngníomhartha; mar ní bhíonn a mbeart de réir a mbriathair.

4. Ceanglaíonn siad le chéile tromualaí do-iompair agus leagann siad ar ghuaillí daoine iad; ach ní leagfaidh siad barr méire orthu lena dtógáil.

5. Déanann siad a ngníomhartha uile ionas go bhfeice daoine iad; mar cuireann siad leithead ina bhfileactaeirí agus fad ina bhfrainsí,

6. agus bíonn dúil mhór acu sna háiteanna is onóraí ag féastaí, agus sna suíocháin is fearr sna sionagóga,

7. agus daoine ag beannú dóibh i sráideanna an mhargaidh, agus ag tabhairt rabbí orthu.

8. Ach ná glaoítear rabbí oraibhse, mar níl agaibh ach an t‑aon oide amháin, agus is bráithre sibh uile.

9. Agus ná bíodh meas athar agaibh ar aon duine ar an talamh, mar níl agaibh ach an t‑aon Athair amháin, atá ar neamh.

10. Agus ná glaoítear máistir oraibh, mar níl agaibh ach an t‑aon mháistir amháin, an Críost.

11. An té is mó oraibh beidh sé ina sheirbhíseach agaibh;

12. an té a ardaíos é féin ísleofar é, agus an té a íslíos é féin ardófar é.

13. “Ach is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, a lucht na cráifeachta bréige! as siocair go ndúnann sibh ríocht neimhe in aghaidh na ndaoine; mar ní théann sibh féin isteach; agus ní ligeann sibh don dream atá ag iarraidh dul isteach dul thar an táirseach.

15. Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, a lucht na cráifeachta bréige! mar tugann sibh cuairt na mara agus na tíre le haon duine amháin a iompú, agus nuair a iompaíos sé, déanann sibh ifreannach de is measa faoi dhó ná sibh féin.

16. “Is mairg daoibh, a threoraithe na daille, a deir, ‘Má thugann duine móid ar an teampall, níl aon ní ráite aige; ach má thugann duine móid ar ór an teampaill, tá sé faoi cheangal a mhóide.

17. A amadána na daille! Cé acu is mó, an t‑ór nó an teampall a naomhaigh an t‑ór?

18. Agus is é a deir sibh, ‘Má thugann duine móid ar an altóir, níl aon ní ráite aige; ach má thugann aon duine móid ar an tabhartas atá ar an altóir, tá sé faoi cheangal a mhóide’.

19. A lucht na daille! Cé acu is mó, an tabhartas nó an altóir a naomhaíos an tabhartas sin?

20. Mar sin an té a thugas an altóir mar mhóid tugann sé í agus a bhfuil uirthi;

21. agus an té a thugas móid ar an teampall, tugann sé é agus an té a chónaíos ann mar mhóid;

22. agus an té a thugas móid ar neamh, tugann sé cathaoir Dé agus an té atá ina shuí uirthi mar mhóid.

23. “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, a lucht na cráifeachta bréige! mar tugann sibh deachú den mhismín agus den lus mín agus den chuimin, agus tá neamart déanta agaibh sna nithe ar mhó a dtábhacht sa dlí, den chóir agus den trócaire agus den fhírinne; arbh é bhur gceart iad a chur i ngníomh, gan neamart a dhéanamh sa chuid eile.

24. A threoraithe na daille, a scagann amach an mhíoltóg agus a alpas síos an camall!

25. “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, a lucht na cráifeachta bréige! mar glanann sibh an taobh amuigh den chupán agus den phláta, agus bíonn an taobh istigh lán de shaint agus de chraos.

26. A Fhairiséacha dalla, glan an taobh istigh den chupán agus den phláta an chéad uair, ionas go mbeidh an taobh amuigh glan freisin.

27. “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, lucht na cráifeachta bréige! mar tá sibh mar thuamaí atá nite le haol, a mbíonn cuma álainn orthu ar an taobh amuigh, ach a bhfuil an taobh istigh lán de chnámha marbhán agus den uile chineál salachair.

28. Bíonn cuma na fíréantachta oraibhse mar sin ar an taobh amuigh os comhair na ndaoine, ach ar an taobh istigh tá sibh lán de bhréagchráifeacht agus den éagóir.

29. “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, a lucht na cráifeachta bréige! mar tógann sibh tuamaí na bhfáithe agus maisíonn sibh leachta cuimhneacháin na bhfear fíréan,

30. agus is é a deir sibh, ‘Dá mairimis i laethanta na n‑aithreacha, ní bheimis páirteach leo i ndoirteadh fhuil na bhfáithe.’

31. Mar sin tá sibh in bhur bhfinnéithe in bhur n‑éadan féin gur sibh clann mhac dhúnmharfóirí na bhfáithe.

32. Líonaigí go bruach, mar sin, miosúr bhur n‑aithreacha.

33. A phéisteanna, a áil nathracha nimhe, conas a éalóidh sibh ó dhaoradh chun ifrinn?

34. Dá bhrí sin de, cuirim chugaibh fáithe agus saoithe agus scríobhaithe, agus maróidh sibh agus céasfaidh sibh cuid acu, agus tá cuid acu a mbeidh sibh á sciúrsáil in bhur sionagóga agus á ngéarleanúint ó bhaile go baile,

35. ionas go dtite oraibh ar doirteadh d'fhuil fhíréanta ar an talamh, ó fhuil Abel neamhchiontaigh go dtí fuil Shecaría mhic Bharacía, ar dhúnmharaigh sibh é idir an sanctóir agus an altóir.

36. Deirim libh go fíor go dtitfidh sin uile ar an nglúin seo.

37. “A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, a bhíos ag marú na bhfáithe agus ag imirt báis le clocha ar a gcuirtear chugat! Nach minic ba thoil liomsa do chlannsa a chruinniú mar chruinníonn an chearc a hál faoi scáth a sciathán, agus níor thoil libhse é!

38. Féach, is bánaithe tréigthe atá bhur dteachsa.

39. Mar is é m'fhocal daoibh nach bhfeicfidh sibh arís mé, go dtí go ndeir sibh, ‘Is beannaithe a thagas chugam in ainm an Tiarna.’”