Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28

Tiomna Nua

Matha 7 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. “Ná tugaigí breithiúnas ionas nach dtugtar breithiúnas oraibh.

2. Mar an breithiúnas a thugann sibh a gheo­bhaidh sibh, agus an miosúr a thomhasfas sibh a thomhasfar libh.

3. Cad chuige ar léir duit an dúradán i súil do bhráthar, agus gan tú ag tabhairt faoi deara na saile atá i do shúil féin?

4. Conas mar sin a fhéadann tú a rá le do bhráthair, ‘Lig dom an dúradán a bhaint as do shúil,’ nuair a bhíos an tsail i do shúil féin?

5. A fhimínigh, bain an tsail as do shúilse ar dtús, agus ansin beidh do shúil glinn leis an dúradán a thógáil amach as súil do bhráthar.

6. “Ná tugaigí an ní naofa do na madraí; agus ná caithigí bhur bpéarlaí roimh na muca, ar eagla go satlaí siad faoina gcosa iad agus go dtiontaí siad thart le bhur stróiceadh as a chéile.

7. “Iarraigí, agus tabharfar daoibh; cuardaígí agus gheo­bhaidh sibh; buailigí ar an doras, agus osclófar romhaibh é.

8. Mar níl duine dá n‑iarrann nach bhfaigheann, ná duine dá gcuardaíonn nach sroicheann, ná duine dá mbuaileann ar dhoras nach n‑osclaítear roimhe.

9. Mar cé agaibh a thabharfas cloch dá mhac, agus é ag iarraidh aráin air?

10. Nó a thabharfas nathair nimhe dó, agus é ag iarraidh éisc?

11. Más eol daoibh, olc is mar atá sibh, dea-thíolaicí a thabhairt do bhur gclann, nach móide go mór a thabharfaidh bhur nAthair atá ar neamh na dea-nithe don dream a bhíos á n‑iarraidh air?

12. Mar sin, déanaigí le daoine mar ba mhaith libh iad a dhéanamh libh; mar is é sin an dlí agus na fáithe.

13. “Gabhaigí isteach ar an ngeata cúng; mar is fairsing an geata agus is réidh an bealach a thugann chun an léirscríosta, agus is iomaí sin duine a théas isteach ann.

14. Mar is caol cúng an geata agus is deacair duamhar an bealach a théas chun na beatha, agus is beag duine a fhaigheas amach é.

15. “Seachnaígí na fáithe bréige, a thagann chugaibh faoi chulaith chaorach, ach atá ina mic tíre craosacha iontu féin istigh.

16. Aithneoidh sibh ar a dtorthaí iad. An gcruinnítear fíonchaora ó chrann sceiche, nó figí ó dhosanna fothannán?

17. Mar sin, tugann gach crann cóir dea-thoradh, ach tugann drochchrann toradh an oilc.

18. Ni fhéadann dea-chrann drochthoradh a iompar, ná drochchrann dea-thoradh a thabhairt.

19. Gearrtar agus caitear sa tine gach uile chrann nach dtugann dea-thoradh.

20. Mar sin aithneoidh sibh ar a dtorthaí iad.

21. “Ní hiad na daoine a bhíos á rá, ‘A Thiarna, a Thiarna’ liom, a rachas isteach i ríocht na bhflaitheas, ach an té sin a chuireas i ngníomh toil m'Atharsa atá ar neamh.

22. An lá úd is iomaí sin duine a déarfas liom, ‘A Thiarna, a Thiarna, nach ndearnamar fáidheadóireacht i d'ainmse, agus nár dhíbríomar deamhain i d'ainmse, agus nach ndearnamar oibreacha móra iontacha i d'ainmse?’

23. Agus is ansin a dhearbhóidh mé dóibh, ‘Ní raibh aithne ná eolas agam oraibh riamh; fágaigí m'amharc, a lucht déanta an oilc.’

24. “Dá bhrí sin de, gach uile dhuine dá n‑éisteann leis na briathra seo agam agus a bhíos á gcur i ngníomh, beidh sé mar an fear eagnaí a thóg a theach ar charraig chloiche;

25. agus thit an fhearthainn, agus d'éirigh na tuilte, agus shíob na gaotha agus bhuail siad an teach úd, ach níor thit sé, as siocair gur bunaíodh ar charraig chloiche é.

26. Agus gach uile dhuine dá n‑éisteann leis na briathra seo agam agus nach mbíonn á gcur i ngníomh, beidh sé mar an fear amaideach a thóg a theach ar mholl gainimh;

27. agus thit an fhearthainn, agus d'éirigh na tuilte, agus shíob na gaotha gur bhuail an teach úd, gur thit sé, agus ba mhór í a thitim.”

28. Nuair a chríochnaigh Íosa an chaint sin, bhí na sluaite ag déanamh iontais dá theagasc

29. mar bhíodh sé á dteagasc mar dhuine a raibh údarás aige, ní ionann is na scríobhaithe.