Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Cogaí

1. Ina dhiaidh sin bhris Dáiví ar na Filistínigh agus chloígh iad. Ghabh sé Gat agus na bailte máguaird ó lámha na bhFilistíneach.

2. Bhris sé freisin ar Mhóáb, agus thug Móáb géillsine do Dháiví agus d'íoc cáin leis.

3. Chloígh Dáiví Hadad Eizir rí Zóbá agus é ar an mbealach chun a chumhacht a leathnú thar abhainn an Eofrataes.

4. Ghabh Dáiví míle carbad, seacht míle carbadóir, agus fiche míle troitheach uaidh. Ghearr Dáiví speireacha seisreacha na gcarbad, ach céad díobh a choimeád sé.

5. Tháinig Aramaeigh ón Damaisc i gcabhair ar Hadad Eizir rí Zóbá ach mharaigh Dáiví dhá mhíle agus fiche de na hAramaeigh.

6. Chuir Dáiví lucht ceannais i bhfeighil Arám na Damaisce agus ghéill na hAramaeigh go léir do Dháiví agus d'íocadar cáin leis. Thugadh an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a dtéadh sé.

7. Thóg Dáiví na sciatha óir a bhíodh á n‑iompar ag cosantóirí Hadad Eizir agus thug leis iad go Iarúsailéim.

8. Thug Dáiví dlús mór cré-umha ó Thibeat agus ó Chún, cathracha le Hadad Eizir; de sin a rinne Solamh an mhuir chré-umha, agus na colúin chré-umha, agus na soithí cré-umha.

9. Nuair a chuala Tóú rí Hamát gur bhris Dáiví ar arm Hadad Eizir rí Zóbá go léir,

10. chuir sé a mhac Hadórám go Dáiví rí chun beannú dó agus comhghairdeas a dhéanamh leis mar gur throid sé le Hadad Eizir agus gur bhuaigh sé air, mar gur mhinic é Hadad Eizir ag troid le Tóú. Chuir sé gréithe óir, airgid agus cré-umha de gach sort chuige.

11. Rinne Dáiví rí iadsan go léir a choisreacan don Tiarna mar aon leis an airgead agus leis an ór a rinne sé a thobhach ó na náisiúin go léir a bhí curtha faoi chois aige: Eadóm, Móáb, na hAmónaigh, na Filistínigh, Amáiléic.

12. Chloígh Aibísí mac Zarúá na hEadómaigh i nGleann an tSalainn, ocht míle dhéag díobh.

13. Chuir sé garastúin in Eadóm agus tháinig na hEadómaigh go léir faoi smacht Dháiví. Thugadh an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a dtéadh sé.

14. Bhí Dáiví i réim os cionn Iosrael ar fad, ag riar dlí agus cirt ar a phobal go léir.

15. Bhí Ióáb mac Zarúá i gceannas an airm, agus Iahóiseáfát mac Aichíliúd ina sheanchaí.

16. Bhí Zádóc mac Aichítiúb agus Aichímeilic mac Aibíátár ina sagairt; bhí Seavsea ina rúnaí.

17. Bhí Banáiá mac Iachóiádá i gceannas na gCeiréiteach agus na bPeiléiteach. Bhí clann mhac Dháiví sa chéad áit lena thaobh.