Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Treibheanna an Tuaiscirt

1. Clann mhac Íosácár: Tólá, Púvá, Iáisiúb, Siomrón; ceathrar.

2. Clann mhac Thólá: Uizí, Rafáiá, Íríéil, Iachmai, Íobsám, Samúéil, cinn finí Thólá. Le linn Dháiví ba é a líon fiche dó míle sé chéad gaiscíoch groí, de réir a gcraobh ghinealaigh.

3. Clann mhac Uizí: Iozraichiá. Clann mhac Iozraichiá: Míocáéil, Obaidiá, Ióéil, Ísíá; cúigear taoiseach ar fad;

4. bhí acu, de réir gaoil agus fine, líon slua de thríocha sé mhíle, mar bhí a lán ban agus leanaí acu.

5. Bhí gaolta acu i measc finí Íosácár go léir, ochtó seacht míle gaiscíoch groí agus iad go léir i gceap na haon chraoibhe.

6. Biniáimin: Beala, Beicir, Idíael; triúr.

7. Clann mhac Bheala: Eazbón, Uizí, Uizíael, Irímeot agus Írí; cúigear, cinn finí, laochra tréana; áiríodh iad fiche dó míle tríocha ceathair de réir ginealaigh.

8. Clann mhac Bheicir: Zimíreá, Ióáis, Eilíeizir, Eilióaenaí, Omraí, Iréamót, Aibíá, Anatót, Álaimit. Ba clann mhac le Beicir iadsan go léir.

9. Ba cheap aontaithe de réir gaoil iad, fiche míle dhá chéad fear, cinn a bhfiní, laochra tréana.

10. Clann mhac Idíael: Bileán. Clann mhac Bhileán: Ieúis, Biniáimin, Éahúd, Canáná, Zaetán, Tairsís, Aichíosáchar.

11. Rinne cinn finí de na mic seo go léir le hIdíael, laochra tréana, seacht míle dhéag dhá chéad fear réidh chun cogaidh.

12. Siúipím agus Huipim. Clann mhac Ír: Huisim; a mhacsan Achaer.

13. Clann mhac Naftáilí: Iachzael, Gúiní, Iéizir, Sealúm. Ba iadsan clann Bhileá.

14. Clann mhac Mhanaise: Aisríael, a rug a leannán Aramach; rug sí Mácaír athair Ghileád.

15. Fuair Mácaír bean do Huipim agus Shiuipím. Mácá ab ainm dá dheirfiúr. Ainm an dara duine díobh ab ea Zalofachád. Bhí iníonacha ag Zalofachád.

16. Rug Mácá, bean Mhácaír, mac ar ar thug sí Péiris; Seiris ab ainm dá dheartháir. Úlám agus Ráicim a mhic.

17. Clann mhac Úlám: Badán. Ba iadsan clann mhac Ghileád mac Mhácaír, mac Mhanaise.

18. Rug a dheirfiúr Hamomaileit Íseod, Aibiézir agus Machlá.

19. Bhí clann mhac ag Simíodá: Aichián, Seicim, Licí, Ainíám.

20. Clann mhac Eafráim: Siútalach, Beirid a mhac, Tachat a mhacsan, Eileádá a mhacsan, Tachat a mhacsan,

21. Zábád a mhacsan, Siútelach a mhacsan; Eizir agus Eileád. Mharaigh muintir Ghat [a bhí ag cur fúthu sa tír] iad mar gur thángadar anuas chun foghail a dhéanamh ar a n‑eallach.

22. Chaoin Eafráim a n‑athair iad ar feadh mórán laethanta agus tháinig a dheartháireacha chun sólás a thabhairt dó.

23. Ansin chuaigh Eafráim chun a mhná agus ghabh sí gin agus rug sí mac, agus thug sí Béiríá (.i. Mí-Ádh) mar ainm air, “mar,” a dúirt sí, “i mo theachsa bíonn mí-ádh ar dhuine.”

24. Bhí iníon aige darbh ainm Séará agus is í a thóg Béit Horon Íochtarach agus Uachtarach, agus Uzaen Séará.

25. Reafach a mhac; Reisif a mhacsan, Tealach a mhacsan, Tachan a mhacsan,

26. Ladán a mhacsan, Aimíohúd a mhacsan, Eilíseamá a mhacsan,

27. Nún a mhacsan, Iósua a mhacsan.

28. Ba iad a dtailte agus a n‑áitribh: Béitéil agus a bhailte máguaird, Nárán lastoir, Geizir agus a bhailte máguaird laistiar, Seicim agus a bhailte máguaird, Aiá agus a bhailte máguaird.

29. Bhí Béit Seán, Tánác, Migideo agus Dór, lena mbailte ar leith máguaird, i lámha chlann mhac Mhanaise. Ansin a mhair clann mhac Iósaef mac Iosrael.

30. Clann mhac Áiséar: Imná, Isvá, Isví, Beiríá agus a ndeirfiúr Sarach.

31. Clann mhac Bheiríá: Héibir agus Mailcíéil; eisean athair Bhiorzáit.

32. Ghin Héibir Iaflaet, Siómaer, Hótám, agus a ndeirfiúr Siúá.

33. Clann mhac Iaflaet: Pásac, Bimeál, Aisveát; sin iad clann mhac Iaflaet.

34. Clann mhac Sheimir [a dheartháir]: Rogá, Iachubá, Arám.

35. Clann mhac Héilim, a dheartháir: Zófach, Imneá, Séilis, agus Ámál.

36. Clann mhac Zófach: Súach, Hairneifir, Siúál, Béirí, Imreá,

37. Beizir, Hód, Seamá, Silseá, Íotrán agus Béará.

38. Clann Ieitir: Iafuna, Pispeá, agus Ará.

39. Clann mhac Ulla: Árach, Hainíéil agus Riziá.

40. Ba de chlann Áiséar iad sin go léir, cinn finí laochra tofa tréana, ceannairí ar fhlatha. Áiríodh ar an gceap craoibhe seo fiche sé míle fear réidh chun cogaidh.