Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Treibheanna an Deiscirt

1. Clann mhac Iúdá: Bearna, Heazrón, Cairmí, Húr, Seobál.

2. Ghin Reáiá mac Sheobál Iachat; ghin Iachat Achúmai agus Lachad. Sin iad finí na Zorátach.

3. Seo iad clann mhac Eatám: Izréil, Ismeá, Iodbáis. Hazalalpóiní ab ainm dá ndeirfiúr.

4. Ghin Panúéil Gador; ghin Eizir Húiseá. Iadsan clann mhac Húr, céadghin Eafrátá, athair Bhéitlihim.

5. Bhí beirt bhan ag Aischiúr, athair Theacóá, Healá agus Nárá.

6. Rug Nárá dó: Achuzám, Héifir, na Timnigh agus na hAchaisteáraigh. Iadsan clann mhac Nárá.

7. Clann mhac Healá: Zeirit, Zochar, Eatnán.

8. Ghin Cóz Anúb, Hazobaebá, agus finí Acharchael mac Hárum.

9. Thuill Iabaez onóir thar a dheartháireacha, agus thug a mháthair Iabaez air, “mar,” ar sí, “thug mé ar an saol é in anacair.”

10. Ghlaoigh Iabaez ar Dhia Iosrael á rá: “Má chuireann tú do bheannacht orm dáiríre, cuirfidh tú breis le mo chríocha, beidh do lámh le m'ais, déanfaidh tú mé a chumhdach ón olc agus beidh deireadh le mo bhroid.” Dheonaigh Dia dó gach ar iarr sé.

11. Ghin Calúb, deartháir Shiúchá, Meichír. Ghin seisean Eisteon.

12. Ghin Eisteon Béatráfá, Pásaech, agus Titineá athair Iornácháis. Sin iad fir Reacá.

13. Clann mhac Chanaz: Oitníéil agus Saráiá. Clann mhac Oitníéil: Hatat agus Meonotai.

14. Ghin Meonatai Ofrá agus ghin Saráiá Ióáb, athair Ghaeharáisím, agus ba cheardaithe iadsan.

15. Clann mhac Chálaeb mac Iafuna: Írú, Éalá, Nám; clann mhac Éalá: Canaz.

16. Clann mhac Iahallalael: Zíf, Zífeá, Tíriá, Asarael.

17. Clann mhac Eazrá: Ieitir, Meirid, Éifir, Iálón. Ansin rug [a bhean] Miriám, Seamaí, agus Isbeach, athair Eistimeoa.

18. Rug a bhean Iúdách Ieirid athair Ghador, Heibir athair Shócó, agus Iacúitíéil athair Zánóa. Sin iad clann mhac Bhitiá, iníon Fhorainn a phós Meirid.

19. Clann mhac bhean Hóidíá, deirfiúr Nacham: athair Cheíleá an Garmach agus Eistimeoa an Mácátach.

20. Clann mhac Shimeon: Amnón Rinneá, Bein Hánán, Tíleón. Clann mhac Isí: Zóchaet agus Bein Zóchaet.

21. Clann mhac Shéileá mac Iúdá: Éar athair Laecá, Ladá athair Mháiréiseá, finí lucht déanta línéadaigh ag Béit Aisbéa,

22. Iócaím, muintir Chozaebá; Ióáis agus Sárof a chuaigh go Móáb le mná a fháil [roimh filleadh go Béitlihim]. (Sin mar a bhí fadó.)

23. Ba chriadóirí iadsan agus mhaireadar i Natáím agus i nGadaerá. D'fhan siad leis an rí ansiúd ag obair ina cheardlann.

24. Clann mhac Shimeon: Namúéil, Iáimín, Iáraíb, Zearach, Seáúl;

25. Sealúm a mhac; Miobsám a mhacsan; Mismeá a mhacsan.

26. Clann mhac Mhismeá: Hamúéil a mhac; Zacúr a mhacsan; Simeí a mhacsan.

27. Bhí sé mhac déag ag Simeí agus seisear iníon ach ní raibh a lán clainne ag a dheartháireacha, agus níor mhéadaigh líon a bhfiní mar a tharla do mhic Iúdá.

28. Chuireadar fúthu i mBéar Seaba, Móládá, Hazar Siúál,

29. Bilheá, Eizim, Tólád,

30. Batúéil, Hormá, Zicleag,

31. Béit Marcábót, Hazar, Súsaím, Béit Birí, Seáraím. Ba iadsan a gcathracha go dtí réimeas Dháiví.

32. Ba iad seo a sráidbhailte: Éatám, Aín, Rimeon, Toicin, Áiseán, cúig bailte,

33. leis na sráidbhailte go léir timpeall na mbailte sin chomh fada le Bál. Ba iadsan a n‑áiteanna lonnaithe, agus dáileadh iad de réir a bhfiní ar leith sa seanchas.

34. Meiseóbáb, Iamlaec, Ióiseá mac Amaiziá,

35. Ióéil, Iéahú mac Ióisibiá, mac Shearáiá, mac Asíél,

36. Eiliónaenaí, Iácobá, Íseocháiá, Asáiá, Aidíéil, Íosaímiéil, Banáiá,

37. Zízeá mac Shifí, mac Allón, mac Iadáiá, mac Shimrí, mac Sheamaiá.

38. Tháinig na fir a ainmníodh ansin lena gclann agus lena muintir, chuadar i líonmhaire agus leathadar amach.

39. Ag lorg féaraigh dá dtréada bhogadar leo ó bhealach [Ghearár] go hoirthear an ghleanna;

40. fuair siad féarach breá méith ansiúd; bhí fairsinge ann, é socair síochánta. Bhí sliocht Hám ina gcónaí ann rompu.

41. Tháinig [na Simeonaigh] ansiúd, agus iad cláraithe ó ainm, i réimeas Hizicíá, rí Iúdá. Scriosadar a mbothanna agus na háitribh a fuaireadar rompu. Chuir siad iad faoi bhang atá i bhfeidhm fós inniu agus chuir siad fúthu ina n‑áit mar go raibh féarach ann dá dtréada.

42. Cuid acu, cúig céad fear de shliocht Shimeon, shroich siad Sliabh Shaeír; Palatiá, Neairiá, Rafáiá, agus Uizíéil, clann mhac Isí, a bhí i gceannas orthu.

43. Bhriseadar ar a raibh fágtha d'fhuíoll áir na nAmailéiceach agus tá siad ina gcónaí ann go dtí inniu féin.