Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Iarúsailéim

1. Áiríodh Iosrael go léir de réir a gcraobha ginealaigh, agus tá siadsan scríofa i Leabhar Ríthe Iosrael agus Iúdá nuair a tugadh iad ar deoraíocht go dtí an Bhablóin de bharr a mídhílse.

2. Ba iad an chéad dream a chuir fúthu arís ina dtailte agus ina gcathracha ná na hIosraelaigh, na sagairt, na Léivítigh, agus freastalaithe an Teampaill.

3. Bhí cuid de mhuintir Iúdá, Bhiniáimin, Eafráim, agus Mhanaise ina gcónaí in Iarúsailéim:

4. Útaí mac Aimíohúd, mac Omraí, mac Imrí, mac Bháiní, de chlann Pheiriz mac Iúdá.

5. De na Síolónaigh: Asáiá an chéadghin agus a chlann mhac.

6. De chlann mhac Zearach: Iúéil agus a ngaolta: sé chéad nócha.

7. De chlann Bhiniáimin: Sallú mac Mhisiulám, mac Hódaiviá, mac Hasanuá,

8. Ibniá mac Iarochám, Éalá mac Uizí, mac Mhicrí, Misiulám mac Shafaitiá, mac Reúél, mac Ibníá.

9. Bhí naoi gcéad caoga sé dá ngaolta ann, iad áirithe de réir a gcraobha ginealaigh. Ceann fine ab ea gach duine díobhsan ar a mhuintir féin.

10. De na sagairt: Iadaiá, Iahóiáraíb, Iáicín,

11. Azairiá mac Hilcíá, mac Mhisiulám, mac Zádóc, mac Mharáiót, mac Aichítiúb, reachtaire theach Dé;

12. Adáiá mac Iarochám, mac Phaischiúr, mac Mhilcía; Másai mac Aidíél, mac Iachzaerá, mac Mhisiulám, mac Mhisiléimit, mac Iméir.

13. Bhí míle seacht gcéad agus a seasca laoch tréan dá ngaolta ann, cinn fine, a ghabh de láimh dualgais Theampall Dé.

14. Ar na Léivítigh: Seamaiá mac Haisiúb, mac Aizríceám, mac Haisibiá, de shliocht Mharáraí;

15. Bacbacar, Heiris, Gálál, Matainiá mac Mhíceá, mac Zicrí, mac Ásáf;

16. Obaidiá mac Sheamaiá, mac Ghálgal, mac Iadútún, agus Beiriciá mac Ásá, mac Ealcáná a chuir fúthu i mbailte na Natófátach.

17. Lucht faire an gheata: Sealúm, Acúb, Talmón, Aichímeán, agus a ngaolta. Tá Sealúm an ceannasaí

18. ina láthair fós ag geata an rí lastoir. Ba iadsan lucht faire gheataí champaí na Léivíteach.

19. Bhí Sealúm mac Chórae, mac Eibiásáf, mac Chorach, agus a ghaolta na Corachaigh, den chlann chéanna, freagrach i seirbhís an liotúirge; ba iad a choimhéadadh tairseacha na Botha faoi mar a choimhéadadh a sinsir campa an Tiarna agus a d'fhairidís an tslí isteach ann.

20. Bhí Píneachás mac Eileázár i gceannas orthu tráth, agus bhí an Tiarna lena ais.

21. Bhí Zacairiá mac Mhisilimiá ina gharda ar an ngeata ar an mbealach isteach i mBoth na Teagmhála.

22. Daoine tofa ab ea na gardaí geata go léir ag na tairseacha; bhí dhá chéad agus dháréag díobh ann. Áiríodh iad de réir ginealach ina mbailte. Daingníodh iad i mbun a gcúraim ag Dáiví agus Samúéil an fáidh, de bharr a ndílseachta.

23. Bhíodar féin agus a gclann mhac i bhfeighil gheataí Theampall an Tiarna, teach na Botha.

24. Bhí gardaí na ngeataí ar na ceithre sleasa - thoir, thiar, thuaidh agus theas.

25. Thagadh a ngaolta ó na bailte le bheith i bpáirt leo ar feadh seachtaine ó am go ham.

26. Mhaireadh na ceithre príomhghardaí féin go seasmhach ann. Ba iadsan na Léivítigh a bhí freagrach i seomraí agus i seoda theach Dé.

27. Chaithidís an oíche i dtimpeallacht theach Dé agus é de dhualgas orthu é a fhaire agus a oscailt gach maidin.

28. Bhíodh cuid acu i bhfeighil gréithe na seirbhíse; níorbh foláir dóibh iad a chomhaireamh nuair a thógtaí amach iad agus nuair a chuirtí ar ais isteach iad.

29. Bhíodh a thuilleadh acu i bhfeighil an troscáin agus na soithí naofa go léir, na mine míne, an fhíona, na hola, na túise, na spíosraí.

30. Ba shagairt an mhuintir a d'ullmhaíodh meascán na spíosraí.

31. Maititiá, duine de na Léivítigh, céadghin Shealúm, Corachach, leagadh de dhualgas air, de bharr a dhílseachta, na habhlanna, a bhruití san oigheann, a ofráil.

32. Bhí sé de dhualgas ar chuid dá ngaolta, Cohátaigh, na builíní a leagan amach ina sraitheanna sabóid ar shabóid.

33. Ba iadsan na cantairí, cinn finí na Léivíteach; mhairidís i seomraí an Teampaill nuair nach mbídís ar dualgas, mar bhídís ar dualgas de lá agus d'oíche.

34. Ba iadsan cinn finí na Léivíteach in ord de réir gaoil. Bhí cónaí ar na ceannairí seo in Iarúsailéim.

Sól

35. Bhí cónaí i nGibeón ar Aibí Gibeón agus ar Ieíéil; Mácá ab ainm dá bhean seo.

36. Abdón a chéadghin, ansin Zúr, Cís, Bál, Néar, Nádáb,

37. Gador, Aichió, Zacairiá, Micleot -

38. eisean athair Shimeám. Mhair siadsan freisin taobh lena ngaolta i Iarúsailéim in éineacht lena ngaolta.

39. Ghin Néar Cís, ghin Cís Sól, ghin Sól Iónátán, Mailcíosú, Aibíonádáb agus Eisbeál.

40. Meirí Bál mac Iónátán. Ghin Meirí Bál Míceá.

41. Clann mhac Mhíceá: Píteon, Meilic, Tairéa, [Áchaz].

42. Ghin Áchaz Iará; ghin Iará Álaimit, Azmávat, agus Zimrí. Ghin Zimrí Mózá.

43. Ghin Mózá Bineá; Rafáiá a mhac; Eileásá a mhacsan, Ázael a mhacsan.

44. Bhí seisear mac ag Ázael darbh ainm: Aizríceám, Bocarú, Ísmeáéil, Seairiá, Obaidiá agus Hánán. Ba chlann mhac le hÁzael iadsan go léir.