Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Seo iad na ranna atá ar chlann mhac Árón: Clann mhac Árón: Nádáb, Aibíchiú, Eileázár agus Íteámár.

2. D'éag Nádáb agus Aibíchiú roimh a n‑athair, gan clann a fhágáil, i dtreo go ndearnadh sagairt de Eileázár agus d'Íteámár.

3. Rinne Dáiví iad a eagrú ina ranna de réir a ndualgais seirbhíse le cabhair Zádóc, mac le hEileázár, agus Aichímeilic mac le hÍteámár.

4. Bhí níos mó ceannairí ar chlann mhac Eileázár ná ar chlann mhac Íteámár; rinneadh dá réir sin sé roinn déag de chinn finí chlann Eileázár agus ocht gcinn díobh siúd de chlann Íteámár.

5. Rinneadar an dá dhream acu a eagrú ar cranna mar bhí feidhmeannaigh choisricthe, feidhmeannaigh le Dia, ar chlann Eileázár agus ar chlann Íteámár chomh maith.

6. Rinne duine de na Léivítigh, an scríobhaí Seamaiá mac Natanael, iad a scríobh síos i láthair an rí agus a mhaithe, agus Zádóc an sagart agus Aichímeilic mac Aibíátár agus chinn finí na sagart agus na Léivíteach. Cuireadh gach fine de chlann mhac Eileázár agus de chlann mhac Íteámár ar cranna ar a n‑uair.

7. Thit an chéad chrann ar Iahóiáraíb, an dara ceann ar Iadaiá,

8. an tríú ceann ar Háirim, an ceathrú ceann ar Shoirím,

9. an cúigiú ceann ar Mhailciá, an séú ceann ar Mhíáimin,

10. an seachtú ceann ar Hacóz, an t‑ochtú ceann ar Aibíá,

11. an naoú ceann ar Iéisiúa, an deichiú ceann ar Shacainiá,

12. an t‑aonú ceann déag ar ar Eiliáisíb, an dara ceann déag ar Iácaím,

13. an tríú ceann déag ar Húpá, an ceathrú ceann déag ar Ís Bál,

14. an cúigiú ceann déag ar Bhilgeá, an séú ceann déag ar Iméar,

15. an seachtú ceann déag ar Héizír, an t‑ochtú ceann déag ar Haipizéar,

16. an naoú ceann déag ar Phataichiá, an fichiú ceann ar Ichizcéil,

17. an t‑aonú ceann fichead ar Iáicín, an dara ceann fichead ar Ghámúl,

18. an tríú ceann fichead ar Dhaláiá, an ceathrú ceann fichead ar Mháiziá.

19. Ba iadsan na fir, mar a claraíodh iad de réir a ndualgas ar leith, a raibh sé de chúram orthu dul isteach i dTeampall an Tiarna de réir mar a shocraigh Árón, a sinsear, dóibh, faoi mar a d'ordaigh an Tiarna Dia Iosrael dó.

20. Maidir leis an gcuid eile de chlann Léiví: de chlann Amrám, Siúbáéil; de chlann Shiúbáéil, Iadaiá.

21. De Rachaibiá, de chlann mhac Rachaibiá: Isíá an sinsear.

22. De na hIzeáraigh: Sealómót; de chlann mhac Shealómót, Iáchat.

23. De chlann Heabrón, Iríá an sinsear, Amairiá, an dara duine, Iachaizíéil an tríú duine, Iacamám an ceathrú duine.

24. Clann mhac Uizíéil, Míceá. Clann mhac Mhíceá, Seámair.

25. Deartháir Mhíceá, Ísía. De chlann Ísía, Zacairiá.

26. De chlann Mharáraí, Mailí agus Múisí. De chlann Iáizíá, Banó.

27. Clann mhac Mharáraí: Iáizíá, Banó, Seoham, Zacúr agus Ibrí.

28. De Mhailí, Eileázár a bhí gan mhac.

29. De Chís, clann mhac Chís: Iarachmael.

30. Clann Mhúisí: Mailí, Éidir agus Iaraemót.Ba iadsan clann Léiví de réir a bhfiní.

31. Dála a ngaolta, clann Árón, cuireadh na finí seo, idir shinsear agus shóisear, ar cranna i láthair an rí Dáiví: Zádóc, Aichímeilic agus cinn finí na sagart agus na Léivíteach.