Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Aitheasc Dháiví

1. Chruinnigh Dáiví le chéile in Iarúsailéim feidhmeannaigh Iosrael go léir, uachtaráin na dtreibheanna, oifigigh na ndíormaí i seirbhís an rí, na ceannairí míle, agus na ceannairí céad, maoir maoine agus eallaigh an rí agus a mhic, agus, chomh maith leosan, na coillteáin agus na curaidh chróga chatha.

2. Ansin sheas Dáiví rí ar a chosa deiridh agus dúirt: “A ghaolta agus a mhuintir liom, tugaigí cluas dom. Bhí sé bhuailte isteach i mo chroí teach socair a thógáil d'áirc chonradh an Tiarna, agus mar stól do chosa ár nDé. Rinne mé ullmhúchán don tógáil,

3. ach dúirt an Tiarna liom: ‘Ní thógfaidh tú teach do m'ainm mar gur curadh cogaidh thú agus gur dhoirt tú fuil.’

4. Ach mar sin féin, thogh an Tiarna Dia Iosrael mise, thar theaghlach uile m'athar, le bheith i mo rí ar Iosrael go deo. Thogh sé Iúdá mar thaoiseach, agus mo fhine-se laistigh de theaghlach Iúdá; agus thar chlann mhac m'athar, thug sé mise mar rí d'Iosrael go léir le barr deamhéine.

5. Agus thogh sé mo mhac Solamh thar mo chlann mhac go léir - mar bhronn an Tiarna a lán mac orm - le suí ar ríchathaoir an Tiarna i gceannas Iosrael.

6. Dúirt sé liom: ‘Solamh do mhac a thógfaidh mo theach agus mo chúirteanna dom, óir thogh mé é le bheith mar mhac agam, agus beidh mise mar athair aigesean.

7. Daingneoidh mé a fhlaitheas go brách, má choimeádann sé m'aitheanta agus m'orduithe mar atá siad inniu.’

8. I láthair Iosrael go léir anois, dá bhrí sin, agus i láthair chomhthionól an Tiarna, agus in éisteacht ár nDé, comhlíonaigí agus faighigí tuiscint ar aitheanta uile an Tiarna bhur nDia, i dtreo go mbeidh an tír bhreá thorthúil seo in bhur seilbh agus go bhfágfaidh sibh mar oidhreacht é ag bhur gclann in bhur ndiaidh go brách.

9. Agus tusa, a Sholaimh, a mhic, cuir aithne ar Dhia d'athar; tabhair seirbhís dó ó do chroí go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán; óir scrúdaíonn an Tiarna gach croí agus is eol dó gach beartas agus gach smaoineamh. Má lorgaíonn tú é, ligfidh sé duit é a fháil, ach má dhéanann tú é a thréigean, caithfidh sé i leataobh thú go brách.

10. Déan do mhachnamh anois ar conas a thogh an Tiarna thú le teach a thógáil don sanctóir. Bí laidir agus déan amhlaidh.”

11. Thug Dáiví ansin do Sholamh, a mhac, an plean do phóirse an Teampaill, dá fhoirgnimh, dá chistí, dá sheomraí uachtair, dá sheomraí cúil, agus don seomra i gcomhair chathaoir na trócaire;

12. thug sé cur síos dó freisin ar a raibh beartaithe aige do chúirteanna theach an Tiarna, do na seomraí ina thimpeall, do chistí theach Dé, agus do chistí na n‑ofrálacha deonacha;

13. agus do ranna na sagart agus na Léivíteach, agus do na dualgais liotúirge i dTeampall an Tiarna, do ghréithe uile na seirbhíse i dTeampall an Tiarna;

14. don mheáchan óir do na soithí óir go léir do gach seirbhís, don mheáchan airgid do na soithí airgid do gach seirbhís,

15. don mheáchan óir do na coinnleoirí óir agus dá lóchrainn, don mheáchan óir do gach coinnleoir agus dá lóchrainn, don mheáchan airgid don choinnleoir airgid agus dá lóchrainn, de réir mar ba ghá do gach coinnleoir sa tseirbhís,

16. don mheáchan óir do gach bord i gcomhair arán an taispeántais, don airgead do na boird airgid,

17. don ór fíre do na gabhla, na miasa, na cupáin; do na cuacha óir agus do mheáchan gach cinn díobh; do na cuacha airgid agus do mheáchan gach cinn díobh;

18. don mheáchan óir fhíre d'altóir na túise; thug sé dó chomh maith a phlean do charbad óir na gceiribíní a leathann a sciatháin os cionn áirc chonradh an Tiarna -

19. bhí sé sin go léir de réir mar a bhí scríofa ag an Tiarna faoi lena láimh féin d'fhonn go ndéanfadh sé an obair go léir dár thug sé na pleananna soiléir.

20. Ansin dúirt Dáiví le Solamh a mhac: “Bí daingean teann agus tabhair faoin obair. Ná bíodh eagla ort! Bíodh misneach agat mar tá an Tiarna Dia, mo Dhia-sa, le d'ais. Ní theipfidh seisean ort ná ní thréigfidh sé thú nó go mbeidh an saothar go léir atá le déanamh do theach an Tiarna curtha i gcrích!

21. Seo agat ranna uile na sagart agus na Léivíteach do dhualgais theach Dé go léir. Gach duine a bhfuil fonn air agus cumas d'aon saghas ann, cabhróidh sé leat san obair seo go léir. Tá na hoifigigh agus an pobal ar fad ar do chomhairle go hiomlán.”