Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Na Cantairí

1. Dáiví, agus na feidhmeannaigh shinsearacha, chuir siad ar leithligh: clann mhac Ásáf agus Haemán agus Iadútún, fáithe a chanadh le tionlacan ó chruit ó chláirseach agus ó chiombal, agus rinneadh liosta díobh siúd a raibh na dualgais sin le comhlíonadh acu.

2. De chlann Ásáf: Zacúr, Iósaef, Natainiá, Aisearaelá. Bhí clann Ásáf faoi threoir Ásáf, a rinne fáidheoireacht faoi threoir an rí.

3. De Iadútún: clann mhac Iadútún: Gadailiá, Zeirí, Íseáia, [Simeí], Haisaibiá, Maititiá; bhí seisear díobh faoi threoir Iadútún, a n‑athair, a rinne fáidheoireacht le tionlacan na cruite ag moladh agus ag móradh an Tiarna.

4. De Haemán: clann mhac Haemán: Buicíá, Matainiá, Uizíéil, Seabúéil, Iaraemót, Hanainiá, Hanáiní, Eilíátá, Giodailtí, Romaimtí Eizir, Iosbacáiseá, Malóití, Hóitír, Machaizíót.

5. Clann mhac Haemán an fáidh iadsan go léir. Ba iad a shéideadh an stoc mar thionlacan le briathra Dé. Bhronn Dia ceathrar mac déag agus triúr iníon ar Haemán.

6. Chanaidís go léir i dTeampall an Tiarna faoi threoir a n‑athar, le tionlacan an chiombail, na cruite, na clairsí, i gcomhair an liotúirge i dteach an Tiarna faoi threoir an rí. Maidir le hÁsáf, Iadútún agus Haemán,

7. an méid díobh a bhí oilte le canadh don Tiarna, cláraíodh iad lena ngaolta; ba é líon na ndaoine a cláraíodh ná dhá chéad agus ochtó a hocht.

8. Cuireadh a dtéarmaí dualgais ar cranna dóibh go léir, idir shóisear agus shinsear, idir mháistir agus dhalta.

9. Ba é an chéad duine ar ar thit an crann an tÁsáfach, Iósaef; an dara duine, Gadailiá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

10. An tríú duine, Zacúr.

11. An ceathrú duine, Ízrí, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

12. An cúigiú duine, Natainiá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

13. An séú duine, Buicíá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

14. An seachtú duine, Aisearaelá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

15. An t‑ochtú duine, Íseáia, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

16. An naoú duine, Matainiá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

17. An deichiú duine, Simeí, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

18. An t‑aonú duine déag, Azarael, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

19. An dara duine déag, Haisaibíá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

20. An tríú duine déag, Seabúéil, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

21. An ceathrú duine déag, Maititiá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

22. An cúigiú duine déag, Iaraemót, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

23. An séú duine déag, Hanainiá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

24. An seachtú duine déag, Iosbacáiseá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

25. An t‑ochtú duine déag, Hanáiní, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

26. An naoú duine déag, Malóití, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

27. An fichiú duine, Eilíátá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

28. An t‑aonú duine fichead, Hóitír, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

29. An dara duine fichead, Giodailtí, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

30. An tríú duine fichead, Machaizíót, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

31. An ceathrú duine fichead, Romaimtí Eizir, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.