Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Biniáimin

1. Ghin Biniáimin Beala, a chéadghin, Aisbéal an dara mac, Aichíorám an tríú mac,

2. Nóchá an ceathrú mac, Ráfá an cúigiú mac.

3. Bhí clann mhac ag Beala: Adár, Géará, Aibíhiúd,

4. Aibíseúa, Námán, Achóach,

5. Géará, Seafúfán, agus Húrám.

6. Seo iad clann mhac Éachúd (ba chinn fine iadsan den lucht cónaithe i nGeaba, agus tugadh ar deoraíocht iad go Mánáchat):

7. Námán, Aichíá, Géará - eisean a rug ar deoraíocht iad - ghin sé Uzá agus Aichíchiud.

8. Ghin sé Seacharaím i mbánta Mhóáb tar éis dó a mhná Húisím agus Bárá a chur i leataobh.

9. Rug a chéad bhean eile mic dó: Ióbáb, Zibiá, Méiseá, Malcám,

10. Ieúz, Saiciá, Mirmeá. Ba iadsan a chlann mhac, cinn fine.

11. Rug Húisím clann mhac dó chomh maith: Aibítiúb agus Ealpál.

12. Clann mhac Ealpál: Éibir, Miseám, Seimid, an té a thóg Ónó agus Lod lena bhailte máguaird,

13. Beiríá agus Seama. Ba iadsan cinn fine na muintire a bhí ina gcónaí i nAiálón agus a ruaig lucht Ghat.

14. A dheartháir: Seáiseac; agus Iréamót.

15. Zabaidiá, Arád, Eidir,

16. Míocáéil, Ispeá, Ióchá - ba iadsan clann mhac Bheiríá.

17. Zabaidiá, Misiulám Hizcí, Háibir,

18. Ismearai, Izlíá, Ióbáb - ba iadsan clann mhac Ealpál.

19. Iacaím, Zicrí, Zaibdí,

20. Eilioaenaí, Zilleatai, Eilíéil,

21. Adáiá, Baráiá, Simreát - ba iadsan clann mhac Shimeí.

22. Ispeán, Éibir, Eilíéil,

23. Abdón, Zicrí, Hánán,

24. Hanainiá, Éileám, Antoitía,

25. Ifdeiá, Panúéil - ba iadsan clann mhac Sheáiseac.

26. Seimsearaí, Seachariá, Atailiá,

27. Iaraisiá, Éilíá, Zicrí - ba iadsan clann mhac Iarochám.

28. Ba iadsan na cinn fine, ceannairí, in ord de réir gaoil. Bhí cónaí orthu i Iarúsailéim.

29. Bhí cónaí i nGibeón ar Aibí Gibeón, agus Mácá ab ainm dá bhean.

30. Abdón a chéadghin; ansin Zúr, Cís, Bál, [Néar], Nádáb,

31. Gadór, Aichió, Zeicir,

32. Micleot - eisean athair Shimeá. Mhair siadsan freisin taobh lena ngaolta in Iarúsailéim in éineacht lena ngaolta.

33. Ghin Néar Cís, ghin Cís Sól, ghin Sól Iónátán, Mailcíosú, Aibíonádáb agus Eisbeál.

34. Meirí Bál mac Iónátán; agus ghin Meirí Bál Míceá.

35. Clann mhac Mhíceá: Píteon, Meilic, Tairéa, Áchaz.

36. Ghin Áchaz Iahóadá. Ghin Iahóadá Álaimit, Azmávat, agus Zimrí. Ghin Zimrí Mózá.

37. Ghin Mózá Bineá; Ráfá a mhac; Eileásá a mhacsan: Ázael a mhacsan.

38. Bhí seisear mac ag Ázael darbh ainm: Aizríceám, [Bocarú,] Ísmeáéil, Seairiá, Obaidiá agus Hánán. Ba chlann mhac le Ázael iadsan go léir.

39. Clann mhac Éisic a dheartháir: Úlám a chéadghin, Ieúis a dhara mac, Eilífilit a thríú mac.

40. Ba ghaiscígh thréana iad clann Úlám, agus saigheadóirí. Bhí sliocht mór orthu féin, agus ar a sliochtsan arís, céad go leith díobh. Ba de chlann Bhiniáimin iad go léir.