Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Dáiví faoi Bhua in Iarúsailéim

1. Chuir Híorám rí na Tuíre teachtairí go Dáiví le hadhmad céadair agus saoir chloiche, agus saoir adhmaid, le pálás a thógáil dó.

2. Thuig Dáiví ansin go raibh sé daingnithe ag an Tiarna mar rí ar Iosrael, agus go raibh a réimeas á mhóradh ar mhaithe lena phobal Iosrael.

3. Ghlac Dáiví a thuilleadh ban chuige i Iarúsailéim agus ghin sé a thuilleadh mac agus iníonacha.

4. Seo iad ainmneacha na leanaí a rugadh dó in Iarúsailéim: Seamúa, Seobáb, Nátán, Solamh,

5. Ibcheár, Eilíseúa, Eilpilit,

6. Noga, Neifig, Iáifía,

7. Eilíseámá, Beiliádá, agus Eilífilit.

8. Nuair a chuala na Filistínigh gur ungadh Dáiví ina rí ar Iosrael go léir mháirseáil siad go léir amach ar a thóir. Chuala Dáiví ina thaobhsan agus ghabh sé amach ina gcoinne.

9. Nuair a tháinig na Filistínigh chuireadar cóiriú oscailte catha orthu féin i nGleann Rafáím.

10. Chuaigh Dáiví i gcomhairle le Dia á rá: “An rachaidh mé in aghaidh na bhFilistíneach? An dtabharfaidh tú i mo lámha dom iad?” D'fhreagair an Tiarna é: “Ionsaigh iad! Tabharfaidh mé i do lámha duit iad.”

11. Ghabh siad suas go Bál Parázaím dá bhrí sin agus bhuaigh Dáiví orthu ansiúd. Dúirt Dáiví: “Rinne an Tiarna maidhm i líne mo namhad le mo chabhair, faoi mar a dhéanfadh tuile na habhann.” Tugadh, dá bhrí sin, Bál Parázaím (nó Maidhm an Tiarna) ar an áit sin.

12. D'fhág na Filistínigh a n‑íola ansiúd agus d'ordaigh Dáiví iad a dhó, rud a rinneadh.

13. Tháinig na Filistínigh arís agus chuir siad cóiriú oscailte catha orthu féin sa ghleann.

14. Chuaigh Dáiví i gcomhairle le Dia agus d'fhreagair Dia é: “Ná hionsaigh iad ceann ar aghaidh; gabh timpeall agus cuir cath orthu os comhair na gcrann balsaim.

15. Nuair a chloisfidh tú trup na gcoiscéimeanna ar bharr na gcrann balsaim, ar aghaidh le d'ionsaí mar is é an Tiarna a bheidh ann ag gabháil romhat chun briseadh ar arm na bhFilistíneach.”

16. Rinne Dáiví mar a d'ordaigh an Tiarna dó, agus chuir sé an ruaig ar na Filistínigh ó Ghibeón ar aghaidh go dtí Bealach Gheizir.

17. Leath cáil Dháiví ar fud na gcríoch go léir, agus líon an Tiarna gach cine le heagla roimhe.