Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Thug siad áirc an Tiarna isteach agus chuir siad í sa bhoth a bhí réitithe ag Dáiví di; agus d'ofráladar íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach i láthair Dé.

2. Nuair a bhí deireadh na n‑íobairtí dóite agus na n‑íobairtí comaoineach ofráilte ag Dáiví, bheannaigh sé an pobal in ainm an Tiarna.

3. Ansin roinn sé ar na hIosraelaigh go léir, idir fhir agus mhná, builín aráin an duine, píosa feola, glac dátaí, agus císte rísíní.

Seirbhís i Láthair na hÁirce

4. Cheap Dáiví cuid de na Léivítigh ina ministirí os comhair áirc an Tiarna leis an Tiarna, Dia Iosrael, a impí, a ghlóiriú, agus a mholadh:

5. Ásáf i gceannas, Zacairiá sa dara háit, ansin [Uizíéil], Simíreámót, Íchíéil, Maititiá, Eilíáb, Banáiá, Obaed Eadóm, Íéil. An chláirseach agus an chruit a bhí le seinm acusan; bhí Ásáf leis na ciombail a bhualadh.

6. Bhí na sagairt Banáiá agus Iachaizíéil leis an adharc a shéideadh gan stad os comhair áirc chonradh an Tiarna.

7. An lá sin rinne Dáiví, fear molta an Tiarna thar chách, an t‑amhrán molta seo a chur faoi chúram Ásáf agus a ghaolta:

8. Tugaigí buíochas don Tiarna, glaoigí go hard ar a ainm.Foilsígí a oibreacha i measc na gciníocha!

9. Canaigí dó, seinnigí dó,Insígí a éachtaí go léir!

10. Bíodh mórtas oraibh mar gheall ar a ainm naofa,Agus bíodh lúcháir chroí ar an muintir atá sa tóir ar an Tiarna.

11. Bíodh tóir agaibh ar an Tiarna agus ar a neart,Lorgaígí a ghnúis gan stad.

12. Bíodh cuimhne agaibh ar na hiontais a rinne sé,Ar na héachtaí a rinne sé, agus ar bhreitheanna a bhéil.

13. A cheap Iosrael, a sheirbhíseach,A chlann mhac Iacóib a thogh sé!

14. Eisean, an Tiarna, ár nDia;Tá a údarás os cionn na cruinne go léir.

15. Is cuimhin leis a chonradh go síoraí,Agus a bhriathar ceannais ar feadh na mílte glún,

16. An conradh a rinne sé le hAbrahám,An mionn a mhionnaigh sé le hÍosác,

17. Agus a dhaingnigh sé le Iacób ina reacht daingean,Agus le hIosrael ina chonradh síoraí,

18. Á rá: “Duitse a thabharfaidh mé tír Chanán,Mar oidhreacht athartha.”

19. Nuair ba bheag é a líon,Ina ndeoraithe ann gan aird,

20. Ag dul ó chine go cine,Ó ríocht anseo go pobal ansiúd,

21. Níor lig sé d'aon duine luí orthu,Ach smachtaigh sé ríthe ar a son.

22. “Ná bainigí le mo lucht ungtha,” ar sé,“Ná déanaigí dochar do mo fháithe!”

23. Canaigí don Tiarna, a thíortha uile;Fógraígí a shlánú ó lá go lá.

24. Insígí faoina ghlóir i measc na gciníocha!Agus faoina éachtaí i measc na bpobal go léir.

25. Óir is mór é an Tiarna, agus tá sé le moladh go hard.Agus tá urraim ag dul dó thar na déithe go léir.

26. Níl sna déithe go léir ach neamhní,Ach rinne an Tiarna féin na spéartha.

27. Tá glóir agus mórgacht ina láthair,Cumhacht agus lúcháir ina áit féin.

28. Tugaigí glóir agus cumhachtMar cháin don Tiarna, a theaghlacha pobal;

29. Tugaigí an ghlóir is dual dá ainm, don Tiarna!Beirigí amach an ofráil agus tugaigí os a chomhair í.Adhraigí an Tiarna ina chúirt naofa.

30. Bí-se, a chruinne go léir, ar crith roimhe.Rinne sé an domhan daingean dobhogtha;

31. Bíodh lúcháir ar na flaithis, agus aoibhneas ar talamh!Abraigí i measc na gciníocha: “Sé an Tiarna is Ri!”

32. Go lige an fharraige, agus a bhfuil inti, búir aisti;Bíodh lúcháir ar na goirt agus ar a bhfuil iontu.

33. Cuireadh crainn na coille gáir áthais suas,i bhfianaise an Tiarna mar tá sé ag teacht a rialú na cruinne.

34. Beirigí buíochas leis an Tiarna mar is maith é;Maireann a bhuanghrá go brách!

35. Abraigí: “Tarrthaigh sinn, a Dhia ár slánaithe;Cruinnigh le chéile sinn agus fuascail sinn ó lár na gciníocha;Ionas go gceiliúrfaimis d'ainm naofa,Agus go mbeadh mórtas orainn do do mholadh.

36. Go mba beannaithe é an Tiarna, Dia Iosrael,ó shíoraíocht go síoraíocht.”Ansin dúirt an pobal go léir “Amen” agus mhol siad an Tiarna.

37. D'fhág Dáiví Ásáf agus a ghaolta ansiúd os comhair áirc chonradh an Tiarna le seirbhís bhuan a dhéanamh os comhair na háirce mar a d'éiligh gach lá;

38. agus Obaed Eadóm lena ochtar gaol agus trí fichid; cuireadh Obaed Eadóm, mac Iadútún, agus Hosá i bhfeighil an gheata.

39. D'fhág sé Zádóc an sagart agus a shagairt ghaoil os comhair thaibearnacal an Tiarna ar an ardionad i nGibeón,

40. le híobairtí uileloiscthe a ofráil gan stad maidin agus tráthnóna ar altóir an uileloiscthe agus le gach a bhfuil scríofa i ndlí an Tiarna, an dlí a leag sé ar Iosrael, a chomhlíonadh.

41. Bhí Héamán agus Iadútún ina dteannta agus an chuid eile díobh siúd a toghadh agus a ainmníodh le Dia a mholadh, “mar maireann a bhuanghrá de shíor”.

42. Bhí Héamán agus Iadútún i bhfeighil na stoc agus na gciombal agus na n‑uirlisí don cheol a bhí ag gabháil le hiomainn mholta Dé. Cuireadh clann mhac Iadútún i bhfeighil an gheata.

43. Ansin d'imigh an pobal go léir leo, gach duine chun a thí féin, agus d'fhill Dáiví abhaile le beannacht a chur ar a theaghlach féin.