Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Na Treibheanna Thall Thar Iordáin

1. Clann mhac Reúbaen, céadghin Iosrael. Ba eisean an chéadghin, ach de bhrí gur thruailligh sé leaba a athar, tugadh a cheart céadghine do chlann mhac Iósaef mac Iosrael. Chaill sliocht Reúbaen ceart na céadghine,

2. óir d'éirigh Iúdá níos tréine ná a dheartháireacha - mar tháinig flaith ar a shliocht - ach d'fhan ceart na céadghine ag Iósaef.

3. Clann mhac Reúbaen, céadghin Iosrael: Hanóc Palú, Heazrón, Cairmi.

4. Clann mhac Ióéil: Seamaiá a mhac; Góg a mhacsan; Simeí a mhacsan;

5. Míceá a mhacsan; Reáiá a mhacsan; Bál a mhacsan;

6. Béará a mhacsan, an té a thug Tigleat Pileisir rí na hAsaíre i ndeoraíocht; flaith de na Reúbaenaigh ab ea é.

7. A ghaolta de réir finí, in ord de réir gaoil: Ieíael an taoiseach, Zacairiá,

8. Beala mac Ázáz, mac Sheama, mac Ióéil.Chuir Reúbaen faoi in Aroéir, agus leath go Neabó agus Bál Meón.

9. Shín a thailte soir go dtí an fásach ar an taobh seo den Eofrataes mar bhí a lán tréada acu i dtír Ghileád.

10. Le linn Shóil chuir siad cogadh ar na Hagraígh. Fuair siad an lámh in uachtar orthu agus fuair siad seilbh ar a mbothanna ar fud na dúiche go léir lastoir de Ghileád.

11. Mhair clann Ghád ina gcóngar ag cur fúthu i dtír Bháiseán chomh fada le Salacá:

12. Ióéil, an taoiseach, Seáfám an dara duine, ansin Ianaí agus Seáfát i mBáiseán.

13. A ngaolta de réir finí: Míocáéil, Misiulám, Seaba, Iórai, Iacán, Zía, Eibir; seachtar.

14. Seo iad clann mhac Aibíochail: Bein Húraí, Bein Ioróach, Bein Gileád, Bein Míocáéil, Bein Isíseaí, Bein Iachdó, Bein Búz.

15. Aichí mac Aibdíéil mac Ghúnaí ceann a gclainne.

16. Chuir siad fúthu i nGileád, i mBáiseán agus ina bhailte fearainn agus ar fud tailte féaraigh Sheárón ó cheann ceann.

17. Le linn Iótám rí Iúdá (agus Iarobám rí Iúdá) dáileadh iad de réir a gceap faoi leith.

18. Clann Reúbaen, clann Ghád, leaththreibh Mhanaise, cuid dá ngaiscígh, lucht iompartha scéithe agus claímh, agus láimhsithe bogha, le taithí ar chogaíocht, daichead a ceathair míle seacht gcéad seasca díobh ullamh chun seirbhíse -

19. chuir siad cogadh ar na Hagraígh, ar Iatúr, ar Náifís agus ar Nódáb.

20. Tháinig [Dia] i gcabhair orthu ina gcoinne agus tugadh na Hagraígh agus a lucht tacaíochta go léir ar láimh dóibh; óir bhíodar ag guí chun Dé ag troid dóibh, agus de bhrí go raibh muinín acu as, d'éist sé lena nguí.

21. Thugadar leo óna n‑eallach: caoga míle camall, dhá chéad go leith míle caora, dhá mhíle asal agus céad míle fear,

22. óir, de bhrí go raibh Dia i bhfeighil an chatha, leagadh a lán ar lár. Chuir siad fúthu ina n‑áit siúd go dtí an deoraíocht.

23. Chuir sliocht leath-threibh Mhanaise fúthu sa dúiche idir Báiseán agus Bál Hearmón, Sainír agus Sliabh Hearmón. Bhíodar an-líonmhar.

24. Seo iad cinn a bhfiní: Éifir, Ísí, Eilíéil, Aizríéil, Irimia, Hódaiviá, Iachdiéil. Gaiscígh thréana iadsan, fir cháiliúla, cinn a bhfiní

25. Ach chiontaíodar in aghaidh Dhia a sinsear, agus rinneadar striapachas le déithe ciníocha na tíre a scrios Dia rompu.

26. Uime sin spreag Dia Iosrael fíoch Púl rí na hAsaíre, agus Tigleat Pileisir rí na hAsaíre, agus rinne sé iad a sciobadh leis - Reúbaen, Gád agus leath-threibh Mhanaise, agus rug sé leis iad go dtí Halach, Hábór, Hárá, agus abhainn Ghózán. Tá siad ansin go dtí inniu féin.

Léiví

27. Clann mhac Léiví: Géirseon, Cohát, Maráraí.

28. Clann mhac Chohát: Amrám, Izeár, Heabrón, Uizíéil.

29. Clann Amrám: Árón, Maois agus Miriám. Clann Árón: Nádán, Aibíchiú, Eileázár agus Íteámár.

30. Ghin Eileázár Píneachás. Ghin Píneachás Aibíseúa.

31. Ghin Aibíseúa Bucaí. Ghin Bucaí Uizí.

32. Ghin Uizí Zaraichiá. Ghin Zaraichiá Maráiót.

33. Ghin Maráiót Amairiá. Ghin Amairiá Aichítiúb.

34. Ghin Aichítiúb Zádóc. Ghin Zádóc Aichímeaz,

35. Ghin Aichímeáz Azairiá. Ghin Azairiá Ióchánán.

36. Ghin Ióchánán Azairiá - eisean a bhí ag fónamh mar shagart sa Teampall a thóg Solamh in Iarúsailéim.

37. Ghin Azairiá Amairiá. Ghin Amairiá Aichítiúb.

38. Ghin Aichítiúb Zádóc. Ghin Zádóc Sealúm.

39. Ghin Sealúm Hilcíá. Ghin Hilcíá Azairiá.

40. Ghin Azairiá Saráiá. Ghin Saráiá Iahózádác.

41. Chaith Iahózádác dul ar deoraíocht nuair a sheol an Tiarna Iúdá agus Iarúsailéim chun deoraíochta i lámha Nabúcadnazar.