Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Sin iad na fir a ghabh le Dáiví ag Zicleag agus é fós díbeartha ó láthair Shóil mac Chís; ba ghaiscígh iad, lámh ar gcúl sa chath;

2. Saigheadóirí iad ar chomhdheas dóibh deas agus clé leis an mbogha, agus le clocha nó saigheada. De ghaolta Shóil an Bhiniáimineach:

3. Aichíeizir an taoiseach, Ióáis, beirt mhac Sheamá ó Ghibeá, Ízíael agus Peilit, mic Azmávat, Barácá agus Iéahú ó Anatót,

4. Ismáiá ó Ghibeón, laoch ar an tríocha agus ceannaire os a gcionn;

5. Irimia, Iachaizíéil, Ióchánán, Iózábád ó Ghadaerót;

6. Ealúzai, Írímeot, Bailiá, Seamariá, Seafatiá ó Hairíf;

7. Ealcáná, Isíá, Azarael, Ióeizir, Iáisiobám, Corachaigh;

8. Ióaelá, Zabadiá, clann mhac Iarochám ó Ghadór.

9. Ghabh Gadaigh áirithe le Dáiví sa daingean san fhásach. Ba laochra groí iad, oilte ar sciath agus ga. Ba leoin iad ar dhealramh, agus ba gheall le fianna iad ar na sléibhte le luas.

10. Eizir an taoiseach, Obaidiá an tánaiste, Eilíáb an tríú duine,

11. Mismeaná an ceathrú, Irimia an cúigiú,

12. Atai an séú, Eilíael an seachtú,

13. Ióchánán an t‑ochtú, Ealzábád an naoú,

14. Irimia an deichiú, Macbanai an t‑aonú duine déag.

15. Ba cheannairí airm na Gadaigh sin, agus gach duine díobh i gceannas, an té ba shuaraí i mbun céad duine, an té ba mhó i mbun míle.

16. Sin iad an dream a ghabh thar an Iordáin sa chéad mhí agus í ag cur thar a bruacha go léir, agus a chuir an teitheadh ar gach duine a raibh cónaí orthu ar a bruacha thoir agus thiar.

17. Tháinig cuid de chlann Bhiniáimin agus de chlann Iúdá chomh maith chuig Dáiví sa dún.

18. Chuaigh Dáiví ina gcoinne agus dúirt sé leo: “Má tháinig sibh chugam mar chairde le cabhrú liom, táim lánullamh ó chroí aontú libh; ach más d'fhonn mé a bhrath le mo naimhde, cé nach bhfúil aon urchóid ar mo lámha, ansin go gcoimeáda Dia ár sinsear súil oraibh agus go dtuga daorbhreith oraibh.”

19. Ansin tháinig an spiorad de ruathar ar Amásai, ceannaire an tríochad, agus dúirt sé:“Leatsa sinn, a Dháiví! Agus táimid leat, a mhic Ieise!Síocháin faoi dhó duit, agus síocháin do do lucht cúnta.Óir tá cabhair do Dhé chugat.”Ghlac Dáiví leo ansin, agus rinne oifigigh díobh ar a shaighdiúirí.

20. Ghabh cuid de chlann Mhanaise le Dáiví agus é ag dul chun catha in aghaidh Shóil. Ach níor thug sé aon chabhair dóibh siúd mar chuaigh taoisigh na bhFilistíneach i gcomhairle le chéile agus chuireadar chun siúil é. “Dá dtugadh sé cúl linn agus gabháil le Sól, a mháistir,” ar siad, “bheadh ár gceann i mbaol.”

21. Bhí sé ar a bhealach go Zicleag nuair a ghabh an mhuintir seo leanas de chlann Mhanaise leis: Adná, Iózábád, Ídíéil, Míocáéil, Iózábád, Eilíhiú, Zileatai, ceannairí míle i Manaise.

22. Ba thaca iadsan do Dháiví agus dá shluaite, mar gur churaí calma iad go léir, agus rinneadh oifigigh san arm díobh.

23. Bhí cabhair fear ag teacht chun Dáiví in aghaidh an lae i dtreo gur tháinig fás faoina longfort go ndearnadh longfort ábhalmhór de.

Lucht Tacaíochta Dháiví

24. Seo, de réir an rolla, áireamh na laochra ullamh chun catha a ghabh le Dáiví i Heabrón chun ríocht Shóil a sheachadadh dó de réir ordú an Tiarna:

25. Clann Iúdá ag iompar scéithe agus ga: sé mhíle ocht gcéad laoch faoi arm catha;

26. de chlann Shimeon: seacht míle céad laoch cróga i gcath;

27. de chlann Léiví: ceithre mhíle sé chéad,

28. seachas Iahóideá a bhí i gceannas chlann Árón, le trí mhíle seacht gcéad díobhsan,

29. agus Zádóc, laoch óg cróga, agus beirt cheannasaí fichead de fhiní a athar;

30. de chlann Bhiniáimin: trí mhíle de ghaolta Shóil, a raibh a bhformhór go dtí sin i seirbhís theaghlach Shóil;

31. de chlann Eafráim: fiche míle ocht gcéad de laochra cróga, fir a raibh cáil orthu i measc a bhfiní;

32. de leath-threibh Mhanaise: ocht míle déag a ainmníodh d'aonghnó le dul agus Dáiví a fhógairt ina rí;

33. de chlann Íosácár, fir a thuig tráth agus antráth, agus cathain agus conas ba cheart d'Iosrael beart a dhéanamh: dhá chéad taoiseach agus a ngaolta go léir faoina gceannas;

34. de chlann Zabúlun: caoga míle fear ullamh chun seirbhíse, réidh chun catha, le hairm chogaidh de gach sort, lucht teann tacaíochta aige;

35. de chlann Naftáilí: míle oifigeach, agus tríocha seacht míle fear faoi airm, le sciath agus ga;

36. de chlann Dhán: fiche ocht míle sé chéad, réidh chun catha;

37. de chlann Áiséar: daichead míle fear, ullamh chun seirbhíse, réidh chun catha.

38. Ón Olliordáin: céad agus a fiche míle fear de chlann Reúbaen, Gád, agus leaththreibh Mhanaise, le hairm chogaidh de gach sórt.

39. Tháinig na fir chogaidh seo go léir go Heabrón in eagar catha agus é d'aidhm agus de chuspóir acu Dáiví a fhógairt ina rí ar Iosrael; bhí an chuid eile d'Iosrael chomh maith meáite ar rí a dhéanamh de Dháiví.

40. D'fhan siad ansiúd le Dáiví ag ithe agus ag ól ar feadh trí lá. Bhí ullmhúchán déanta ag a ngaolta dóibh.

41. Tháinig ina theanntasan, a ngaolta ó chomh fada i gcéin le hÍosácár, Zabúlun, agus Naftáilí, le bia ar asail agus ar chamaill, ar mhiúileanna, agus ar dhaimh - thug siad leo raidhse mine, cácaí figí, crobhaingí rísíní, fíon, ola, daimh agus caoirigh; mar bhí lúcháir in Iosrael.