Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Teaghlach Dháiví

1. Seo iad clann mhac Dháiví a rugadh dó i Heabrón: an chéadghin Amnon ó Aichíonam as Izréil; an dara mac Dáníéil ó Aibiogáil ó Chairmeil.

2. An tríú mac Aibseálóm mac Mhácá iníon Talmai rí Ghisiúr; an ceathrú mac Adoiníá mac Haigít;

3. an cúigiú mac Safaitiá mac Aibíteál; an séú mac Itreám óna bhean Eaglá.

4. Rugadh seisear dó dá bhrí sin i Heabrón mar a raibh sé i réim seacht mbliana agus sé mhí. Bhí sé tríocha trí bliana i réim in Iarúsailéim.

5. Seo iad na mic a rugadh dó in Iarúsailéim: Simeá, Seobáb, Nátán, Solamh, clann Bhaitseúa iníon Aimíéil an ceathrar sin;

6. Ibcheár, Eiliseámá, Eilífilit,

7. Noga, Neifig, Iáifia,

8. Eilíseámá, Eiliádá, Eilífilit; naonúr.

9. Sin iad clann mhac uile Dháiví, seachas clann mhac na leannán. Deirfiúr dóibh ab ea Támár.

10. Sliocht Sholaimh: Rachabám, Aibíá a mhac, Ásá a mhacsan, Iahóiseáfát a mhacsan,

11. Iórám a mhacsan, Achaizíá a mhacsan, Ióáis a mhacsan,

12. Amaiziá a mhacsan, Azairiá a mhacsan, Iótám a mhacsan,

13. Áchaz a mhacsan, Hiziciá a mhacsan, Manaise a mhacsan,

14. Ámón a mhacsan, Ióisíá a mhacsan.

15. Clann mhac Ióisíá: Ióchánán an chéadghin, Iahóiácaím an dara mac, Zidicíá an tríú mac, Sealúm an ceathrú mac.

16. Clann mhac Iahóiácaím: Iacoiniá a mhac, Zidicíá a mhacsan.

17. Clann Iacoiniá an cime: Seailtíéil a mhac;

18. Mailcíreám, Padáiá, Seanazar, Iacaimiá, Hóiseámá, Nadaibiá.

19. Clann mhac Phadáiá: Zarubáibil, Simeí. Clann mhac Zarubáibil: Misiulám agus Hanainiá; deirfiúr dóibh Sealoimít.

20. [Clann mhac Mhisiulám] Haisiubá, Óihil, Biriciá, Hasaidiá, Iúiseab Heisid; cúigear.

21. Clann mhac Hanainiá; Palaitiá, Íseáia a mhacsan; Rafáiá a mhacsan, Arnán a mhacsan, Obaidiá a mhacsan, Seacainiá a mhacsan.

22. Clann mhac Sheacainiá: Seamaiá. Clann mhac Sheamaiá: Hatúis, Igeal, Báiriá, Nairiá, Seáfát; seisear.

23. Clann mhac Nairiá; Eilióaenai, Hizcía, Aizríocám; triúr.

24. Clann mhac Eilióaenai: Hódaiviá, Eiliáisíb, Paláiá, Acúl, Ióchánán, Daláiá, Anáiní, seachtar.