Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Dara Plá

1. Ansin labhair an Tiarna le Maois: “Imigh isteach go Forann agus abair leis mar seo: ‘Mar seo a deir an Tiarna: Lig do mo phobal imeacht i dtreo go ndéanfaidh siad íobairt dom.

2. Ach má dhiúltaíonn tú ligean dóibh imeacht, féach cuirfidh mé brat froganna mar phlá ar do chríocha go léir.

3. Beidh an Níl ar snámh le froganna; tiocfaidh siad suas isteach i do theach agus i do sheomra leapa agus i dtithe do shearbhóntaí agus do mhuintire, isteach i do oighinn agus i do losaidí.

4. Siúlfaidh siad aníos ort féin agus ar do mhuintir, ar do shearbhóntaí go léir.’ ”

5. Dúirt an Tiarna le Maois: “Abair le hÁrón: ‘Sín amach do lámh agus an tslat inti os cionn na n‑aibhneacha, os cionn na gcanálacha agus os cionn na linnte agus tabhair froganna thar chríocha na hÉigipte.’ ”

6. Agus shín Árón a lámh os cionn uiscí na hÉigipte agus tháinig na froganna aníos agus chlúdaíodar talamh na hÉigipte go léir.

7. Ach rinne na draíodóirí mar an gcéanna le barr draíochta agus thugadar froganna ar thalamh na hÉigipte.

8. Ansin ghlaoigh Forann ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt: “Iarraigí ar an Tiarna na froganna a thógáil díomsa agus de mo mhuintir agus ligfidh mise don phobal dul agus íobairt a dhéanamh don Tiarna.”

9. Dúirt Maois le Forann: “Bíodh an chaoi seo agat chun breith amuigh orm! Nuair a ghuífidh mé ar do shonsa agus ar son do shearbhóntaí agus ar son do phobail cén uair atá le socrú agam chun na froganna a imeacht uaitse agus ó do phobal agus ó do thithe agus iad a fhagáil sa Níl amháin?”

10. “Amárach,” ar seisean. “Bíodh mar a deir tú,” arsa Maois, “i dtreo go mbeadh a fhios agat nach bhfuil aon neach mar an Tiarna ar nDia.

11. Imeoidh na froganna uait féin agus ó do thithe agus ó do sheirbhísigh agus ó do phobal; ní fhágfar iad ach sa Níl.”

12. Ghabh Maois agus Árón amach ó láthair Fhorainn agus rinne Maois achainí chun an Tiarna i dtaobh na bhfroganna a sheol sé sa mhullach ar Fhorann.

13. Rinne an Tiarna de réir mar d'iarr Maois; cailleadh na froganna sna tithe, sna clóis, agus sna machairí.

14. Bailíodh le chéile ina gcruacha iad agus bhí an talamh bréan acu.

15. Ach a luaithe a tuigeadh d'Fhorann go raibh cairde faighte aige, chruaigh sé a chroí agus, mar a dúirt an Tiarna, ní thabharfadh sé cluas dóibh.

An Tríú Plá

16. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Abair le hÁrón: ‘Sín amach do shlat os cionn luaithreach na talún i dtreo go ndéanfar corrmhíola de ar fud chríocha na hÉigipte go léir.’ ”

17. Rinneadar amhlaidh: shín Árón amach a lámh leis an tslait agus bhuail luaithreach na talún agus luigh corrmhíola ar an duine agus ar an mbeithíoch; rinneadh corrmhíola de luaithreach uile na talún ar fud chríocha na hÉigipte go léir.

18. Rinne na draíodóirí iarracht, le barr draíochta, corrmhíola a dhéanamh, ach chuaigh díobh. Tháinig na corrmhíola ar an duine agus ar an mbeithíoch.

19. Agus dúirt na draíodóirí le Forann: “Lámh Dé é seo!” Ach chruaigh croí Fhorainn agus, mar a dúirt an Tiarna, ní thabharfadh sé cluas dóibh.

An Ceathrú Plá

20. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Éirigh go moch ar maidin agus fan le Forann agus é ag dul amach chun an uisce. Abair leis: ‘Seo mar a deir an Tiarna: Lig do mo phobal imeacht i dtreo go ndéanfaidh siad íobairt dom.

21. Ach mura ligeann tú do mo mhuintir imeacht, cuirfidh mé saithe míoltóg ort féin agus ar do shearbhóntaí agus ar do mhuintir agus isteach i do thithe; agus líonfar tithe na nÉigipteach le saithí míoltóg, agus mar an gcéanna leis an talamh féin ar a bhfuil siad ina seasamh.

22. Ach an lá sin, ní thabharfaidh mé an cor céanna ar thír Ghoisin, mar a bhfuil cónaí ar mo phobal; ní bheidh aon mhíoltóga ann, i dtreo go mbeidh fhios agat go bhfuilimse, an Tiarna, i lár na talún.

23. Déanfaidh mé deighilt idir mo phobalsa agus do phobalsa; amárach a tharlóidh an comhartha seo.’ ”

24. Rinne an Tiarna amhlaidh: tháinig saithí móra míoltóg isteach i dteach Fhorainn agus i dtithe a shearbhóntaí agus, i gcríocha na hÉigipte go léir, scriosadh an talamh leis na míoltóga.

25. Ansin ghlaoigh Forann ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt: “Imígí agus déanaigí íobairt do bhur nDia, ach laistigh de na críocha seo!”

26. Ach dúirt Maois: “Níor chóir sin a dhéanamh, mar is ainmhithe is diamhasladh leis na hÉigiptigh a mharú a dhéanfaimidne a íobairt don Tiarna ár nDia. Má íobraímid os comhair súile na hÉigipteach ofrálacha is gráin leo, nach ngabhfaidh siad de chlocha orainn?

27. Caithfimid aistear trí lá a dhéanamh isteach san fhásach chun íobairt a dhéanamh don Tiarna ár nDia mar a d'ordaigh sé dúinn.”

28. “Ligfidh mé daoibh,” arsa Forann, “dul agus íobairt a dhéanamh don Tiarna bhur nDia san fhásach, ach gan sibh a dhul i bhfad ó bhaile. Guígí ar mo shon!”

29. Ansin dúirt Maois: “Seo mé ar mo shlí amach uait, agus guífidh mé chun an Tiarna go n‑imeoidh na saithí míoltóg ó Fhorann agus óna shearbhóntaí agus óna phobal amárach; ach ná himríodh Forann cealg arís agus gan ligean don phobal dul agus íobairt a dhéanamh don Tiarna.”

30. D'imigh Maois amach ó láthair Fhorainn agus ghuigh chun an Tiarna.

31. Rinne an Tiarna mar a d'iarr Maois agus thóg sé na saithí míoltóg d'Fhorann, agus dá shearbhóntaí agus dá phobal; níor fhan ceann.

32. Ach chruaigh Forann a chroí an uair seo chomh maith agus níor lig sé don phobal imeacht.