Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An tOchtú Plá

1. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Isteach leat i láthair Fhorainn mar is mise a chruaigh a chroí agus croíthe a shearbhóntaí i dtreo go dtaispeánfainn na comharthaí seo liom ina measc:

2. agus i dtreo go n‑eachtrófása do do mhac agus do mhac do mhic conas mar a bhuail mé bob ar na hÉigiptigh agus go mbeadh a fhios agaibh gur mise an Tiarna.”

3. Chuaigh Maois agus Árón dá bhrí sin isteach go Forann agus dúradar leis: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia na nEabhrach: ‘An fada eile a dhiúltóidh tú géilleadh dom? Lig do mo phobal imeacht agus íobairt a dhéanamh dom.

4. Óir má dhiúltaíonn tú ligean do mo phobal imeacht, féach seolfaidh mise lócaistí isteach i do chríocha amárach;

5. agus clúdóidh siad aghaidh na talún i dtreo nach bhfaighidh aon duine radharc ar an talamh; alpfaidh siad a bhfuil fágtha agat tar éis an tsneachta agus alpfaidh siad gach crann leat dá bhfásann ar na bánta.

6. Líonfaidh siad do thithe agus tithe do shearbhóntaí go léir agus tithe na nÉigipteach go léir; ní fhaca d'aithreacha ná do shinsir a leithéid ón gcéad lá a chuireadar fúthu sa tír.’ ” Ansin d'iompaigh sé ar a sháil agus amach leis ó Fhorann.

7. Dúirt a shearbhóntaí le Forann ansin: “An fada a bheidh an fear seo ina chúis tranglaim againn? Lig don phobal imeacht go ndéanfaidh siad íobairt don Tiarna, a nDia. Nach bhfeiceann tú fós an íde atá imithe ar an Éigipt?”

8. Tugadh Maois agus Árón ar ais go Forann dá bhrí sin agus dúirt sé leo: “Imígí, déanaigí íobairt don Tiarna, bhur nDia. Ach cé tá le himeacht?”

9. “Tabharfaimid linn ár n‑óga agus ár liatha,” arsa Maois. “Tabharfaimid linn ár gclann mhac agus iníonacha, ár dtréada agus ar dtáinte, mar sí féile an Tiarna againn í.”

10. “Bíodh an Tiarna faraibh go brách, má scaoilimse libh féin agus le bhur miondaoine,” arsa Forann leo. “Féach, tá drochfhuadar fúibh!

11. Ní mar sin a bheidh! Téadh na fir agaibh, agus déanaidís íobairt don Tiarna. Sin é atá uaibh.” Agus tiomáineadh ó láthair Fhorainn iad.

12. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Sín do lámh amach os cionn talamh na hÉigipte chun na lócaistí a thabhairt i dtreo go dtiocfaidh siad anuas ar thalamh na hÉigipte agus gach glasra ar an talamh, gach a d'fhág an clochshneachta, a alpadh.”

13. Shín Maois a shlat amach os cionn talamh na hÉigipte agus sheol an Tiarna gaoth anoir thar an talamh agus shéid sí an lá sin agus an oíche sin gan stad, agus leis an láchaint thug an ghaoth anoir na lócaistí.

14. Leath na lócaistí ar thalamh na hÉigipte go léir agus luíodar ina screamh chomh trom sin ar chríocha na hÉigipte go léir nach bhfacthas saithí chomh tiubh leo riamh roimhe sin, agus nach ndéanfar go deo arís!

15. Óir chlúdaíodar dromchla na talún ar fad i dtreo go raibh an talamh dubh leo; agus d'itheadar a raibh fágtha ag an gclochshneachta de ghlasraí san ithir agus de thorthaí ar na crainn; níor fhan aon ní glas, crann ná luibh sa bhán, ar fud chríocha na hÉigipte ar fad.

16. Chuir Forann fios le teann deabhaidh ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt: “Pheacaigh mé in aghaidh an Tiarna, bhur nDia, agus in bhur n‑aghaidh féin.

17. Maithigí dom mo pheaca mar sin, den turas seo amháin, le bhur dtoil agus impígí ar an Tiarna, bhur nDia, an phlá bháis seo a chur díom.”

18. Chuaigh Maois amach dá bhrí sin ó Fhorann agus ghuigh sé chun an Tiarna.

19. Ansin chuir an Tiarna casadh sa ghaoth sa tslí gur shéid sí chomh tréan sin ón iarthar gur sciob sí léi na lócaistí agus iad a bhreith léi go Muir na nGiolcach. Níor fágadh oiread agus lócaiste i dtír na hÉigipte ar fad.

20. Ach chruaigh an Tiarna croí Fhorainn agus níor lig sé do chlann Iosrael imeacht.

An Naoú Plá

21. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Sín amach do lámh i dtreo neimhe i dtreo go mbeidh dorchacht ar thalamh na hÉigipte, dorchacht a ba fhéidir a mhothú.”

22. Agus shín Maois amach a lámh i dtreo neimhe agus b'sheo dorchacht thiubh ar thalamh na hÉigipte go léir ar feadh trí lá.

23. Ní fhaca fear fear ná níor bhog duine óna stáitse ar feadh trí lá; ach bhí solas ag clann Iosrael mar a rabhadarsan.

24. Chuir Forann fios ar Mhaois ansin agus dúirt: “Imígí agus déanaigí íobairt don Tiarna. Ní miste bhur miondaoine a dhul libh, ach caithfidh bhur dtréada agus bhur dtáinte fanacht anseo.”

25. D'fhreagair Maois: “Ní foláir duit sás íobairtí agus ofrálacha uileloiscthe don Tiarna ar nDia a ligean linn chomh maith.

26. Caithfidh ár stoc dul linn chomh maith; ní fhágfaimid crúb inár ndiaidh; mar ní foláir dúinn ár n‑ofrálacha don Tiarna ár nDia a dhéanamh astu, agus ní eol dúinn féin cén íobairt atá le déanamh againn don Tiarna go sroichfimid an áit.”

27. Ach chruaigh an Tiarna croí Fhorainn agus dhiúltaigh sé ligean dóibh imeacht.

28. Dúirt Forann leis ansin: “Fág mo radharc! Seachain! Ná tar i mo láthair arís óir an lá a dhéanfaidh tú, marófar thú.”

29. “Breith do bhéil féin é!” arsa Maois. “Ní thiocfaidh mé i do láthair go deo arís.”