Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 37 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Áirc

1. Rinne Bazalael an áirc d'adhmad sitím, dhá bhanláimh go leith ar fad, banlámh go leith ar leithead, agus banlámh go leith ar airde

2. Chumhdaigh sé d'ór fíre í laistigh agus lasmuigh agus chuir múnlail óir mórthimpeall uirthi.

3. Theilg sé ceithre fáinní óir don áirc agus chuir faoina ceithre cosa iad - dhá fháinne ar thaobh agus dhá fháinne ar thaobh eile.

4. Rinne sé cuaillí de chrann sitím agus chumhdaigh iad d'ór.

5. Chuir sé na cuaillí sna fáinní ar thaobhanna na háirce chun an áirc a iompar.

6. Rinne sé cathaoir thrócaire d'ór fíre, dhá bhanláimh go leith ar fad, agus banlámh go leith ar leithead.

7. Do dhá cheann na cathaoireach rinne sé dhá cheiribín óir bhuailte,

8. ceiribín do cheann agus an ceiribín eile don cheann eile, agus ghreamaigh iad araon ar a dhá ceann agus iad d'aon phíosa le cathaoir na trócaire.

9. Leath na ceiribíní a sciatháin amach in airde i dtreo go raibh cathaoir na trocaire faoina scáth; thug na ceiribíní aghaidh ar a chéile agus a n‑aighthe i dtreo chathaoir na trócaire.

Bord Arán na Toirbheartha

10. Rinne sé an bord mar an gcéanna d'adhmad sitím, dhá bhanláimh ar fad, banlámh ar leithead agus banlámh go leith ar airde.

11. Chumhdaigh sé é le hór fíre agus chuir múnláil óir mórthimpeall air.

12. Chuir sé teanntóga lámh ar leithead faoi mórthimpeall agus múnláil óir orthu.

13. Rinne sé ceithre fáinní óir dó agus ghreamaigh na fáinní do na ceithre cúinní mar a raibh na cosa.

14. Bhí na fáinní i gcóngar na dteanntóg d'fhonn na cuaillí a choimeád chun an bord a iompar.

15. D'adhmad sitím a rinne sé na cuaillí chun an bord a iompar agus chumhdaigh sé iad le hór.

16. Rinne sé na gréithe don bhord d'ór fíre - miasa, umair thúise, cuacha, agus crúscaí ofrála dí.

An Coinnleoir

17. Rinne sé an coinnleoir chomh maith d'ór fíre; bhí an coinnleoir idir bhonn agus chrann d'obair bhuailte, agus a chupáin idir chailís agus bheangáin d'aon phíosa leis.

18. Bhí sé ghéag amach as a chliatháin, trí ghéag den choinnleoir as taobh de agus trí ghéag as taobh eile.

19. Bhí trí cupáin ar an gcead ghéag ar dhéanamh dhuilliúr na halmóinne, gach ceann lena chailís agus lena bheangáin; bhí trí cupáin chomh maith ar an dara géag ar dhéanamh dhuilliúr na halmóinne, gach ceann lena chailís agus lena bheangáin; mar an gcéanna leis na sé géaga amach as an gcoinnleoir.

20. Ar an gcoinnleoir féin bhí ceithre cupáin ar dhéanamh dhuilliúr na halmóinne, gach ceann lena chailís agus lena bheangáin:

21. mar seo - cailís faoin gcéad dá ghéag as an gcoinnleoir amach, ceann faoin gcéad chúpla eile agus ceann faoin gcúpla deiridh, ag teacht leis na sé géaga as an gcoinnleoir amach.

22. Bhí na cailísí agus na géaga d'aon phíosa leis an gcoinnleoir, agus an t‑iomlán ina aon phíosa de obair bhuailte óir fíre.

23. Rinne sé a sheacht lampaí ansin, a smóladáin agus a shileadáin d'ór fíre.

24. Chaith sé tallann d'ór fíre leis an gcoinnleoir agus lena ghréithe a dhéanamh.

Altóir na Túise - Criosma - Túis

25. Rinne sé altóir na túise d'adhmad sitím. Bhí sí banlámh ar fad, banlámh ar leithead; comhfad comhleithead is é sin, agus dhá bhanláimh ar airde; bhí a beanna d'aon phíosa léi.

26. Rinne sé í a chumhdach d'ór fíre - a barr, a cliatháin timpeall agus a beanna, agus í a mhaisiú le múnláil óir mórthimpeall uirthi.

27. Rinne sé dhá fháinne óir di, faoin múnláil ar dhá thaobh ar aghaidh a chéile; leosan is ea a ghreamaítí na cuaillí lena n‑iompraití í.

28. Rinne sé na cuaillí d'adhmad sitím; agus chumhdaigh sé iad le hór.

29. Rinne sé an criosma naofa leis, agus an túis ghlan chumhra, í cumasctha mar a dhéanfadh poitigéir.