Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Lao Óir

1. Nuair a chonaic an pobal go raibh moill mhór ar Mhaois ag teacht anuas on sliabh, chruinníodar timpeall ar Árón agus dúradar leis: “Corraigh, déan dia dúinn le gabháil romhainn; Maois seo againn, an fear a thug sinn amach as tír na hÉigipte, ní eol dúinn cad a d'imigh air.”

2. D'fhreagair Árón: “Bainigí,” ar sé leo, “na fáinní óir de chluasa bhur mban, agus bhur mac, agus bhur n‑iníonacha, agus tugaigí chugam iad.”

3. Agus bhaineadar go léir a bhfáinní óir dá gcluasa agus thugadar go hÁrón iad.

4. Ghlac seisean an t‑ór óna lámha, agus, le cabhair múnla, leáigh sé é agus theilg sé dealbh lao. “Seo é do dhia, a Iosrael,” ar siad de liú, “a thug thú amach as tír na hÉigipte!”

5. Nuair chonaic Árón an méid sin, thóg sé altóir os a chomhair, agus rinne sé forógra: “Lá féile don Tiarna an lá amárach!”

6. D'éiríodar go moch arna mhárach dá bhrí sin agus d'ofráladar íobairtí loiscthe agus thugadar leo íobairtí síochána; ansin shuigh an pobal uile chun bia agus dí, agus d'éiríodar chun scléipe.

Fearg an Tiarna

7. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Síos leat! óir an pobal sin agat a thug tú amach as tír na hÉigipte, thruaillíodar iad féin.

8. Is luath atá siad imithe i leataobh ón mbealach a d'ordaigh mé dóibh; rinneadar lao de mhiotal leáite dóibh féin agus d'adhradar é agus rinneadar íobairt dó, agus liúdar: ‘Seo é do dhia, a Iosrael, a thug thú amach as tír na hÉigipte.’ ”

9. “Is léir dom,” arsa an Tiarna le Maois, “a cheanndáine mar phobal an pobal seo!

10. Lig dom anois más ea agus lasfaidh m'fhearg go dian ina gcoinne á ndísciú; tusa ámh, déanfaidh mé náisiún mór díot.”

11. Ach chrom Maois ar ghuí chun an Tiarna a Dhia: “A Thiarna,” ar sé, “cén fáth go lasfadh do fhearg go dian i gcoinne do phobail féin, an pobal a thug tú amach as tír na hÉigipte le mórchumhacht agus le láimh thréan?

12. Cén fáth é a thabhairt le rá do na hÉigiptigh: ‘I bhfeall a rug sé amach iad, d'fhonn iad a mharú sna sléibhte agus iad a scrios de chlar na cruinne’? Scaoil uait d'fhearg chuthaigh, agus scoir den drochíde seo a thabhairt ar do phobal.

13. Cuimhnigh ar Abrahám, ar Íosác agus ar Iosrael, do shearbhóntaí, dár mhionnaigh tú dar thú féin agus dár gheall tú: ‘Déanfaidh mé bhur síol chomh líonmhar le réaltaí neimhe, agus an tír seo go léir a gheall mé, tabharfaidh mé do bhur sliocht é agus beidh sé ina oidhreacht acu go síoraí.’ ”

14. Bhog an Tiarna dá bhrí sin, agus níor thug sé ar a phobal an drochíde a bhagair sé.

Briseadh Leaca an Dlí

15. D'fhill Maois agus tháinig anuas ón sliabh agus dhá leac na Fianaise ina lámha, leaca ar a raibh scríbhinn ón dá thaobh, scríbhinn ar a n‑aghaidh agus scríbhinn ar a gcúl.

16. Obair Dé na leaca agus scríobh Dé an scríbhinn orthu agus í greanta ar na leaca.

17. Chuala Iósua geoin an phobail agus iad ag gáraíl. “Tá gleo catha sa champa,” ar sé le Maois.

18. D'fhreagair Maois é agus dúirt:“Ní gáir chaithréime an gháir seo,Ná olagón cloíte an gháir seo;Glór cantaireachta is ea a chluinim.”

19. Nuair a dhruid sé leis an gcampa agus go bhfaca sé an lao agus an rince, las fearg Mhaois, agus chaith sé na leaca uaidh as a lámha agus bhris iad ag bun an tsléibhe.

20. Rug sé greim ar an lao a bhí déanta acu agus loisc é, agus mheil é ina phúdar agus leath ar an uisce é agus chuir d'iallach ar chlann Iosrael é a ól.

21. Dúirt Maois le hÁrón: “Cad a rinne an pobal seo leat a rá is go dtug tú peaca chomh mór sin sa mhullach orthu?”

22. D'fhreagair Árón: “Ná bíodh d'fhearg, a thiarna, ar dearglasadh. Is eol duit a chlaonta chun an oilc atá an pobal seo.

23. Dúradar liom: ‘Déan dia dúinn le gabháil romhainn amach; Maois seo againn, an fear a thug sinn amach as tír na hÉigipte, ní eol dúinn cad a d'imigh air.’

24. Dúirt mé leo dá bhrí sin: ‘An té a bhfuil ór aige, baineadh sé anuas de féin é,’ agus thugadar chugam é. Chaith mé san fhoirnéis é agus tháinig an lao seo amach.”

Díograis na Léivíteach

25. Nuair a chonaic Maois go raibh an pobal imithe chomh mór sin ó smacht - óir lig Árón dóibh titim in íoladhradh agus a naimhde ina dtimpeall -

26. sheas sé ag geata an champa agus dúirt: “Cé tá ar thaobh an Tiarna? Tagadh sé chugamsa!” agus chruinnigh clann Léiví go léir chuige.

27. Agus dúirt sé leo: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Gabhadh gach fear díbh a chlaíomh lena ais, agus téadh sé sall agus anall ó gheata go geata ar fud an champa; agus maraíodh fear a dheartháir, fear eile a chomrádaí, fear eile a chomharsa.’ ”

28. Rinne clann Léiví de réir mar a dúirt Maois leo, agus thit timpeall trí mhíle fear den phobal an lá úd.

29. Agus dúirt Maois: “Inniu rinneabhair sibh féin a oirniú do sheirbhís an Tiarna, fear ag díol as lena mhac, fear eile lena dheartháir; dáileann sé beannacht oraibh inniu dá bhrí sin.”

Guí Mhaois

30. Lá ar na mhárach dúirt Maois leis an bpobal: “Rinne sibh peaca trom; ach rachaidh mise suas anois chun an Tiarna: b'fhéidir go n‑éireodh liom leorghníomh a dhéanamh in bhur bpeaca.”

31. Agus d'fhill Maois ar an Tiarna. “Mo bhrón,” ar sé, “rinne an pobal seo peaca trom trí dhia óir a dhéanamh.

32. Ach anois dá mba áil leat an peaca seo dá gcuid a mhaitheamh...! Ach mura ndéanann tú, ansin, impím ort, scrios mise as an leabhar atá scríofa agat.”

33. Ach d'fhreagair an Tiarna Maois: “An té a pheacaigh i m'aghaidh is ea a scriosfaidh mé as mo leabhar.

34. Imigh anois, agus treoraigh an pobal chun na háite a dúirt mé leat; féach! rachaidh m'aingeal romhat amach; ach ar lá an fhiosraithe agam, déanfaidh mé a bpeaca a dhíolt orthu.”

35. Agus sheol an Tiarna plá ar an bpobal de bharr an lao, a rinne Árón, a dhéanamh.