Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ansin dúirt Maois: “Ach abair nach gcreidfidh siad mé agus nach n‑éistfidh siad le mo ghlór, agus go ndéarfaidh siad: ‘Níor thaispeáin an Tiarna é féin duit’?”

2. D'fhiafraigh an Tiarna de: “Cad é sin i do láimh agat?” “Slat,” arsa Maois.

3. “Caith ar an talamh í,” arsa an Tiarna, agus chaith sé ar an talamh í agus rinneadh nathair nimhe di, agus chúb Maois uaithi.

4. “Cuir do lámh amach,” arsa an Tiarna leis, “agus beir ar eireaball uirthi” -

5. agus chuir sé a lámh amach agus rug uirthi agus rinneadh slat arís di ina láimh - “i dtreo go gcreidfidís go ndearna an Tiarna, Dia a n‑aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, é féin a thaispeáint duit.”

6. Labhair an Tiarna arís: “Cuir do lámh i do bhrollach.” Chuir seisean a lámh ina bhrollach, agus nuair a tharraing sé amach í, bhí sí faoi bhrat lobhra chomh geal le sneachta.

7. “Cuir do lámh ar ais i do bhrollach,” ar sé. Agus chuir sé a lámh ar ais ina bhrollach agus nuair a tharraing sé amach í, b'shiúd í slán arís mar an chuid eile dá chneas.

8. “Mura gcreidfidh siad thú,” arsa an Tiarna, “ná geilleadh don chéad chomhartha géillfidh siad don dara ceann.

9. Ach mura ngéillfidh siad do cheachtar den dá chomhartha, ná eisteacht le do ghlór, ní foláir duit taoscán uisce a thógáil on Níl agus é chaitheamh ar an talamh tirim; agus an t‑uisce a thógfaidh tú ón Níl, déanfar fuil de ar an talamh tirim.”

10. “Ach, a Thiarna liom,” arsa Maois leis an Tiarna, “ní duine dea-labhartha mé aon lá de mo shaol go dtí seo, ná ó labhair tú le do sheirbhíseach; is mall mo chaint agus is righin mo theanga.”

11. “Ce chruthaigh béal an duine?” arsa an Tiarna leis, “cé dhéanann balbh é nó bodhar nó radharcach nó dall? Nach mise, an Tiarna?

12. Imigh anois mar sin; beidh mise mar thaca le do bhéal agus múinfidh mé duit a mbeidh le rá agat.”

13. Ach dúirt seisean: “Seol duine éigin eile, le do thoil a Thiarna.”

14. Ansin las fearg an Tiarna in aghaidh Mhaois agus dúirt sé: “Nach bhfuil Árón an Léivíteach do dheartháir agat? Is eol dom é a bheith soilbhir. Tá sé chugat agus nuair a fheicfidh sé thú beidh áthas croí air.

15. Labhróidh tusa leis agus cuirfidh tú na focail ina bhéal. Beidh mise mar thaca le do bhéalsa agus lena bhéalsan, agus múinfidh mé duit a bhfuil le déanamh agat.

16. Labhróidh sé thar do cheann leis an bpobal; agus beidh seisean mar bhéal agatsa, agus beidh tusa mar dhia aige-sean á spreagadh.

17. Tóg an tslat seo i do láimh, agus leis an tslat seo a dhéanfaidh tú na comharthaí.”

Filleann Maois

18. D'imigh Maois agus ar ais leis go Iatró, athair a chéile, agus dúirt leis: “An bhfuil cead agam, le do thoil, filleadh ar mo mhuintir san Éigipt féachaint an beo dóibh i gcónaí?” Agus dúirt Iatró le Maois: “Imigh faoi shíocháin.”

19. Agus dúirt an Tiarna le Maois i Midián: “Imigh ort ar ais go dtí an Éigipt; an mhuintir go léir a bhí ar do thí chun do mharaithe tá siad tar éis bháis.”

20. Thóg Maois leis a bhean agus a mhac agus chuir ar muin asail iad agus ar ais leis chun na hÉigipte. Thug Maois slat Dé leis ina láimh.

21. Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Nuair a fhillfidh tú ar an Éigipt, féach chuige go ndéanfaidh tú os comhair Fhorainn na miorúiltí go léir a chuir mé ar do chumas; ach cruafaidh mise an croí ann i dtreo nach scaoilfidh sé leis an bpobal.

22. Agus déarfaidh tú le Forann: ‘Mar seo a deir an Tiarna: Iosrael mo chéadghin.

23. Dúirt mé leat mo mhac a ligean chun siúil chun íobairt a dhéanamh dom. Ní toil leat é a ligean chun siúil. Maróidh mé do chéadghin! Sin é agat é!’ ”

24. San aistear dó tháinig an Tiarna an treo chuige mar a raibh sé ag cur faoi ar feadh na hoíche agus thug sé iarracht ar é a mharú.

25. Ansin thóg Zipiorá breochloch agus bhain an forchraiceann dá mac agus chuir sí le baill ghiniúna Mhaois é: “Is fear fuilteach agam thú, is ea sin,” ar sí leis.

26. Lig sé dó ansin. Is ansin is ea a dúirt sí “fear fuilteach thú” de bharr an timpeallghearrtha.

27. Dúirt an Tiarna le hÁrón: “Imigh isteach san fhásach i gcoinne Mhaois.” Agus d'imigh sé agus bhuail leis ag sliabh Dé agus phóg é.

28. Agus d'inis Maois d'Árón a ndúirt an Tiarna leis agus é a sheoladh uaidh agus na comharthaí go léir a d'ordaigh sé dó a dhéanamh.

29. Ar aghaidh le Maois agus Árón ansin agus chruinníodar seanóirí chlann Iosrael go léir le chéile.

30. Agus d'inis Árón a ndúirt an Tiarna le Maois agus rinne sé na comharthaí os comhair an phobail.

31. Chreid an pobal agus bhí lúcháir orthu mar gur thug an Tiarna cuairt ar chlann Iosrael agus go bhfaca sé a gcruachás, agus chromadar a gceann agus rinneadar adhradh.