Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

I Láthair Fhorainn

1. Ansin chuaigh Maois agus Árón go Forann agus dúirt leis: “Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: ‘Lig do mo phobal imeacht go ndéanfaidh siad ceiliúradh domsa san fhásach.’ ”

2. Ach dúirt Forann: “Cé hé an Tiarna seo go n‑éistfinnse lena ghlór agus Iosrael a ligean chun siúil? Táim dall ar an Tiarna agus ní ligfidh mé Iosrael chun siúil.”

3. “Tháinig Dia na nEabhrach an treo chugainn,” ar siad; “tabhair cead dúinn aistear trí lá a dhéanamh isteach san fhásach chun íobairt a dhéanamh don Tiarna ár nDia le heagla go dtiocfadh sé sa mhullach orainn le plá nó le faobhar claímh.”

4. Dúirt rí na hÉigipte leo: “A Mhaois agus a Árón, cad chuige daoibh an pobal a bhreith óna saothar. Téigí i mbun bhur gcuid oibre!”

5. Agus lean Forann air: “Seo iad pobal na tíre dulta i líonmhaire agus an áil libh saoire a thabhairt dóibh ona saothar?”

Breis Cruatain

6. An lá ceannann céanna sin thug Forann ordú do shaoistí saothair an phobail agus do na maoir:

7. “Ná tugaigí tuí don phobal feasta chun na brící a dhéanamh, rud a dhéanadh sibh - téidís agus cruinnídís tuí dóibh féin.

8. Ach an líon brící a dhéanaidís go dtí seo, bíodh sin de thasc agaibh orthu, gan aon laghdú ar bith air. Díomhaointeas atá orthu; uime sin a ghlaonn siad: ‘Téanaigí agus déanaimis íobairt chun ár nDé.’

9. Cuirtear breis oibre ar na fir seo i dtreo go gcaithfidh siad luí léi agus gan a bheith ag cur spéise i mbriathra baotha.”

Breis Saothair

10. Chuaigh saoistí saothair an phobail agus na maoir amach agus dúradar leis an bpobal: “Seo mar a deir Forann: ‘Ní thabharfaidh mé tuí daoibh.

11. Imígí féin agus cruinnígí tuí daoibh féin cibé áit ina mbeidh fáil agaibh uirthi. Ach ní lúide aon phioc bhur dtasc an méid sin.’ ”

12. Amach leis an bpobal ar fud chríocha na hÉigipte ag bailiú coinlíní le haghaidh tuí.

13. Luigh na saoistí orthu á rá: “Comhlíonaigí bhur saothar, bhur dtasc lae, faoi mar nuair a bhí soláthar tuí ann daoibh.”

14. Agus na maoir a cheap na saoistí saothair os cionn chlann Iosrael, sciúrsáladh iad agus fiafraíodh díobh: “Cén fáth nach bhfuil líon bhur dtasc de bhrící déanta agaibh inné ná inniu mar a bhíodh cheana?”

15. Maoir chlann Iosrael, chuadar go Forann agus rinneadar gearán: “Cad chuige a gcaitheann tú mar sin le do shearbhóntaí?” ar siad.

16. “Níl aon tuí á soláthar do do shearbhóntaí, ach liútar éitear orainn: ‘Déanaigí brící!’ Agus seo anois do shearbhóntaí á sciúrsáil, ach [is ar] do mhuintir féin an locht.”

17. “Díomhaointeas agus a thuilleadh den díomhaointeas atá oraibh,” ar sé. “Uime sin a deir sibh: ‘Téanaigí agus déanaimis íobairt don Tiarna.’

18. Imígí libh dá bhrí sin agus téigí i mbun bhur saothair. Ní bhfaighidh sibh tuí ar bith, ach caithfidh sibh an líon céanna brící a chur ar fáil.”

19. Is maith a bhí a fhios ag maoir chlann Iosrael gurbh olc an áit ina rabhadar agus é á rá leo: “Ní dhéanfaidh sibh laghdú ar bith ar líon bhur mbrící in aghaidh an lae.”

20. Ar an tslí amach dóibh ó láthair Fhorainn bhuail siad le Maois agus Árón a bhí ag feitheamh leo;

21. agus dúradar leo: “Go bhféacha an Tiarna anuas oraibh agus go dtuga sé breith oraibh mar chuir sibh olc ar Fhorann agus ar a shearbhóntaí chugainn, agus tá claíomh curtha ina láimh agaibh chun sinn a mharú.”

22. Agus d'fhill Maois arís ar an Tiarna: “Cad chuige duit, a Thiarna,” ar sé, “caitheamh chomh dian sin le do phobal? Cad chuige duit mé a sheoladh uait riamh?

23. Óir ó tháinig mé go Forann agus gur labhair mé leis i d'ainmse, is olc an íde atá á himirt aige ar an bpobal seo, gan tusa á bhfuascailt ar aon chor.”