Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Bhí Maois ag aoireacht tréad athair a chéile, Iatró, sagart Mhidián. Sheol sé a thréad go hiarthar an fhásaigh agus tháinig go Horaeb, sliabh Dé.

2. Thaispeáin aingeal an Tiarna é féin dó ansiúd i riocht lasair thine ag teacht as lár toir; d'fhéach sé agus b'shiúd an tor ar lasadh ach gan é á dhó.

3. “Caithfidh mé dul i leataobh,” arsa Maois, “agus an radharc iontach seo a fheiceáil - cen fáth a bhfuil an tor gan do.”

4. Nuair a chonaic an Tiarna é agus é ag dul i leataobh á fheiceáil, ghlaoigh Dia air ón tor: “A Mhaois, a Mhaois!” “Anseo dom,” ar sé.

5. “Ná tar níos gaire,” arsa [an Tiarna], “bain do bhróga de do chosa óir an ball ar a bhfuil tú i do sheasamh, is talamh naofa é.”

6. “Is mise,” ar sé ansin, “Dia d'athar, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib.” Agus chlúdaigh Maois a aghaidh mar nár leomhaigh sé féachaint ar Dhia.

7. Ansin dúirt an Tiarna: “Chonaic mé an cruatan atá ar mo phobal san Éigipt agus chuala mé a screadaíl de bharr a saoistí saothair; is eol dom a bpianta.

8. Tháinig mé anuas chun iad a fhuascailt as lámha na nÉigipteach agus chun iad a sheoladh as an tír sin isteach i dtír mhéith fhairsing, i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, i dtír na gCanánach agus na Hiteach, na nAmórach agus na bPirizeach, na Hiveach agus na Iabúsach.

9. Anois tá scread chlann Iosrael tagtha chugam agus chonaic mé an leatrom a imríonn na hÉigiptigh orthu.

10. Téanam mar sin agus cuirfidh mé ag triall ar Fhorann thú chun go dtabharfá mo phobal, clann Iosrael, as an Éigipt amach.”

11. Dúirt Maois le Dia: “Cé hé mise a rá is go rachainn ag triall ar Fhorann agus clann Iosrael a thabhairt ón Éigipt amach?”

12. “Beidh mise leat,” ar sé, “agus beidh seo mar chomhartha agat air gur mise a sheol thú. Nuair a thabharfaidh tú mo phobal leat amach as an Éigipt, déanfaidh tú Dia a adhradh ar an gcnoc seo.”

Ainm Dé - Misean Mhaois - Árón

13. Ansin dúirt Maois le Dia: “Má théim go clann Iosrael agus a rá leo: ‘Dia bhur n‑aithreacha a chuir mise chugaibh,’ agus go bhfiafraíonn siad díom: ‘Cén t‑ainm atá air?’ céard a déarfaidh mé leo?”

14. Dúirt Dia le Maois: “Is mé an te atá ann,” agus lean sé air: “agus abair é seo le clann Iosrael: ‘An té atá ann is é a sheol chugaibh mé.’ ”

15. Agus dúirt Dia arís le Maois: “Seo mar a déarfaidh tú le clann Iosrael: ‘An Tiarna, Dia bhur n‑aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, is é a chuir chugaibh mé.’ Sin é m'ainm ar feadh na síoraíochta agus sin mar a bheidh m'ainm á ghlaoch ó ghlúin go glúin. ”

16. “Imigh agus cruinnigh seanóirí chlann Iosrael le chéile agus abair leo: ‘An Tiarna, Dia bhur n‑aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, thaispeáin sé é féin dom, agus dúirt sé liom: Tháinig mé ar cuairt chugaibh agus chonaic mé a ndearnadh libh san Éigipt;

17. agus chinn mé sibh a thabhairt amach as cruatan na hÉigipte agus isteach i dtír na gCanánach agus na Hiteach, na nAmórach agus na bPirizeach, na Hiveach agus na Iabúsach, i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.’

18. Agus éistfidh siad le do ghlór agus ní foláir duit féin agus do sheanóirí Iosrael, dul i láthair rí na hÉigipte agus a rá leis: ‘An Tiarna, Dia Iosrael, tháinig sé ag triall orainn, agus anois lig dúinn dul aistear trí lá isteach san fhásach go ndéanfaimis íobairt don Tiarna ár nDia.’

19. Tá a fhios agamsa áfach nach scaoilfidh rí na hÉigipte libh gan lámh thréan a luí air.

20. Sínfidh mé mo lámh ámh agus buailfidh mé an Éigipt leis na hiontais a dhéanfaidh mé inti. Ansin scaoilfidh sé libh.

21. Agus cuirfidh mé an pobal seo faoi dhea-mheas i measc na nÉigipteach i dtreo nach folamh a bheidh sibh ag imeacht daoibh nuair a imeoidh sibh.

22. Lorgóidh gach bean ornáidí airgid agus óir agus éidí ar a comharsa agus ar an mbean a bheidh ag cur fúithi ina teach agus cuirfidh sibh iad ar bhur mic agus ar bhur n‑iníonacha; creachfaidh sibh na hÉigiptigh ar an gcuma sin.”