Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 40 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Sanctóir á Thógáil agus á Choisreacan

1. Labhair an Tiarna le Maois:

2. “Ar an gcéad lá den chéad mhí,” ar sé, “déanfaidh tú taibearnacal Bhoth na Teagmhála a thógáil.

3. Cuir ann áirc na Fianaise, agus folaigh an áirc leis an bhfial.

4. Tabhair an bord isteach; cóirigh a bhfuil le heagrú air, agus tabhair isteach an coinnleoir agus cóirigh a lampaí.

5. Cuir an altóir óir don túis os comhair áirc na Fianaise, agus cuir suas an scáthlán mar chomhla ar dhoras an taibearnacail.

6. Cuir altóir an uileloiscthe os comhair dhoras thaibearnacal Bhoth na Teagmhála

7. agus cuir an t‑umar idir Both na Teagmhála agus an altóir agus líon d'uisce é.

8. Cuir suas fál na faiche mórthimpeall agus croch an scáthlán mar gheata ar an bhfaiche.

9. Glac chugat an criosma ansin agus déan an taibearnacal agus gach a bhfuil ann a ungadh, agus coisric é féin agus a ghréithe go léir d'fhonn áit naofa a dheanamh de.

10. Déan altóir an uileloiscthe a ungadh chomh maith, agus a gréithe go léir, agus coisric an altóir agus beidh sí sárnaofa feasta.

11. Déan an t‑umar agus a bhonn a ungadh agus a choisreacan.

12. Beir leat Árón agus a mhaca go doras Bhoth na Teagmhála agus nigh le huisce iad,

13. agus cuir na héidí naofa ar Árón agus déan é a ungadh agus a choisreacan le fónamh dom mar shagart.

14. Beir a mhic isteach chomh maith agus cuir ionair umpu,

15. agus déan iad a ungadh dála a n‑athar, d'fhonn go ndéanfaidís fónamh dom mar shagairt. An t‑ungadh seo a dhéanfaidh tú orthu, bronnfaidh sé sagartacht shíoraí orthu ó ghlúin go glúin.”

Na hOrduithe á gcur i gCrích

16. Rinne Maois amhlaidh; rinne sé sa tslánchruinne mar a d'ordaigh an Tiarna dó.

17. An chéad mhí den dara bliain, an chéad lá den mhí sin, cuireadh suas an taibearnacal,

18. Maois a thóg an taibearnacal, a leag a cheapa, a chuir suas a fhrámaí, agus a d'ardaigh a phollaí.

19. Leath sé an bhoth ar an taibearnacal, agus ar a bharrsan díon na botha mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

20. Ghlac sé chuige an Fhianaise agus chuir san áirc í, chuir sé na cuaillí leis an áirc agus chuir cathaoir na trócaire ina luí ar an áirc;

21. thug sé an áirc isteach sa taibearnacal, chuir an fial folaithe i bhfearas, agus d'fholaigh sé áirc na Fianaise mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

22. Chuir sé an bord i mBoth na Teagmhála, ar an taobh thuaidh den taibearnacal, lasmuigh den fhial,

23. agus leag an t‑arán air, cóirithe i láthair an Tiarna, faoi mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

24. Chuir sé an coinnleoir i mBoth na Teagmhála, os comhair an bhoird ar an taobh theas den taibearnacal,

25. agus chóirigh na lampaí i láthair an Tiarna mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

26. Chuir sé an altóir óir i mBoth na Teagmhála os comhair an fhéil,

27. agus loisc sé túis chumhra uirthi, faoi mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

28. Chuir sé an scáthlán ar dhoras an taibearnacail i bhfearas.

29. Chuir sé suas altóir an uileloiscthe ag doras thaibearnacal Bhoth na Teagmhála, agus d'ofráil sé uirthi an ofráil loiscthe agus an abhlann, mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

30. Leag sé an t‑umar idir Both na Teagmhala agus an altóir, agus líon é le huisce ionlaithe,

31. le go nífeadh Árón agus a chlann mhac a lámha agus a gcosa leis;

32. nuair a théidís isteach i mBoth na Teagmhála, nó nuair a théidís i gcóngar na haltóra, nídís iad féin, faoi mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

33. Ansin chuir sé fál na faiche timpeall an taibearnacail agus na haltóra, agus chroch an scáthlán mar gheata ar an bhfaiche. Chuir Maois an clabhsúr ar an saothar amhlaidh sin.

An Tiarna ag Gabháil Seilbhe

34. Chlúdaigh an néal Both na Teagmhála, agus líon glóir an Tiarna an taibearnaca.

35. Níor fhéad Maois dul isteach i mBoth na Teagmhála mar gur luigh an néal uirthi agus gur líon glóir an Tiarna an taibearnacal.

An Néal á dTreorú

36. Gach céim dá n‑aistear, aon uair a ardaítí an néal ón taibearnacal, chuireadh clann Iosrael chun siúil arís.

37. Mura n‑ardófaí an néal, d'fhanaidís gan bogadh ar aghaidh go dtí go ndéanfaí.

38. Óir luíodh néal an Tiarna ar an taibearnacal sa lá, agus bhíodh tine ar lasadh ann san oíche, agus sin le feiceáil ag teaghlach Iosrael go léir, gach céim dá n‑aistear.