Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 1 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Iosrael san Éigipt

1. Siad seo ainmneacha clann mhac Iosrael a tháinig go dtí an Éigipt le Iacób agus a theaghlach féin le gach duine díobh.

2. Reúbaen, Simeon, Léiví, Iúdá,

3. Íosácár, Zabúlun agus Biniáimin,

4. Dán agus Naftáilí, Gád agus Áiséar.

5. Deichniúr agus trí fichid ar fad sliocht Iacóib; bhí Iósaef cheana féin san Éigipt.

6. Ansin cailleadh Iósaef agus a dheartháireacha go léir, agus an ghlúin sin uile.

7. Ach bhí an rath ar shliocht Iosrael agus chuadar i líonmhaire go mór; chuadar in iomadúlacht agus i dtreise go héachtach, i dtreo gur líonadar an tír.

8. Tháinig rí nua i réim san Éigipt, gan aon aithne aige ar Iósaef.

9. Agus dúirt seisean lena mhuintir: “Muintir seo Iosrael, féachaigí conas mar a sháraíonn siad sinn i líonmhaire agus i neart.

10. Téanaigí agus bímis glic leo d'fhonn nach méadódh ar a líon, agus, má thagann cogadh orainn, nach dtaobhóidís lenár naimhde agus troid inár n‑aghaidh agus éalú as an tír.”

11. Uime sin chuireadar saoistí saothair os a gcionn chun iad a chloí le hualaí troma; agus thógadar na cathracha Pition agus Ramasaes d'Fhorann.

12. Ach dá mhéad a luíodh orthu, is ea is mó a chuadar i líonmhaire agus a leathadar. Agus tháinig scanradh ar na hÉigiptigh roimh mhuintir Iosrael.

13. Chuireadar iallach ar mhuintir Iosrael dá bhrí sin seirbhis an éigin a dhéanamh,

14. agus d'fhágadar an saol go searbh acu le saothar dian i mbun moirtéil agus brící agus gach sórt saothair sna goirt; bhrúdar gach sort saothair orthu.

15. Ansin labhair rí na hÉigipte le mná cabhartha na nEabhrach - bhí Sifreá mar ainm ar bhean acu, agus Púá ar an mbean eile.

16. “Nuair a bhíonn sibhse,” ar sé, “ag déanamh curam mná cabhartha do mhná na nEabhrach, agus nuair a fheiceann sibh iad ar a leaba seoil, más mac a bhíonn ann maraígí é; más iníon, bíodh a hanam aici.”

17. Ach bhí eagla Dé ar na mná cabhartha agus ní dhearnadar mar a d'ordaigh rí na hÉigipte dóibh ach ligeadar do na leanaí mic maireachtáil.

18. Ghlaoigh rí na hÉigipte chuige ar na mná cabhartha dá bhrí sin agus d'fhiafraigh díobh: “Cad chuige daoibh é seo a dhéanamh agus na mic a choimeád beo?”

19. “Mar nach bhfuil na mná Eabhracha mar na mná Éigipteacha,” arsa na mná cabhartha le Forann. “Ach tá fuinneamh iontu agus bíonn beirthe acu sula dtagann an bhean chabhartha chucu.”

20. Bhí Dia go maith do na mná cabhartha, agus lean na daoine orthu ag dul i líonmhaire agus chuadar i neart go mór.

21. De bhrí go raibh eagla Dé ar na mná cabhartha, bhronn sé sliocht orthu.

22. Ansin thug Forann ordú dá mhuintir go léir: “Gach gin mhic a bhéarfar do na hEabhraigh, caithigí san abhainn é; ach ligigí do na hiníonacha go léir maireachtáil.”