Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 39 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An tÉafód

1. Rinne siad éidí slachtmhara do sheirbhís an tsanctóra den ábhar gorm agus corcra agus craorag [agus den línéadach cas mín]. Rinneadar na héidí naofa do Árón mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

2. Rinneadar an t‑éafód d'ór agus d'ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach mín cas.

3. Bhuaileadar an t‑ór ina lanna caola agus gearradh ina snáthanna é le hinleadh san ábhar gorm agus corcra agus craorag agus sa linéadach mín cas i ndearadh slachtmhar.

4. Rinneadar guailleáin don éafód, ceangailte dá dhá imeall á choimeád le chéile.

5. An crios fite a bhí air á choimeád bhí sé den ábhar céanna agus den déantús céanna, d'ór, d'ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach cas mín, mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

6. Dhearadar clocha oinisce agus luíodar iad i leapacha de fhiolagráin óir agus ghreanadar orthu, mar a dhéanfaí ar shéala, ainmneacha chlann Iosrael.

7. Chuir sé iad ar ghuailleáin an éafód le bheith ina gclocha cuimhne ar chlann Iosrael, mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Lúireach an Bhreithiúnais

8. Rinne sé an lúireach d'obair shlachtmhar; rinne sé í ar dhéantús an éafód, d'ór agus d'ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus de línéadach mín cas.

9. Bhí sí cearnógach, fillte uirthi féin, réise ar fad agus réise ar leithead.

10. Leagadar ceithre shraith cloch inti: sard, tópas, agus carmhogal sa chéad sraith;

11. smaragaid, saifír, agus diamant sa dara sraith;

12. iasaint, agáit, agus aimitis sa tríú sraith;

13. beiril, oinisc agus seaspar sa cheathrú sraith. Bhíodar go léir luite ar leaba d'fhiolagrán óir.

14. Bhí ainmneacha chlann Iosrael orthu, agus a dó dhéag a líon de réir líon na n‑ainmneacha. Bhíodar greanta mar a bheadh séalaí, a ainm féin greanta ar gach ceann, ag freagairt don dá threibh déag.

15. Rinneadar dhá shlabhra d'ór fíre, fite mar chorda, don lúireach.

16. Agus rinneadar dhá chnota d'fhiolagrán óir agus dhá fháinne óir agus chuireadar an dá fháinne ar dhá imeall na lúirí,

17. agus chuireadar an dá shlabhra óir sa dá fháinne ag imill na lúirí.

18. Cheanglaíodar dhá cheann eile na slabhraí don dá chnota fiolagráin i slí is gur ghreamaíodar iad de ghuailleáin an éafód chun tosaigh.

19. Rinneadar dhá fháinne óir agus ghreamaíodar iad do dhá chúinne íochtaracha na lúirí, ar an bhfáithim laistigh le hais an éafód.

20. Agus rinneadar dhá fháinne óir eile agus ghreamaíodar iad d'íochtar dhá ghuailleán an éafód in aice leis an gceangal, lastuas de chrios fite an éafód.

21. Cheanglaíodar an lúireach don éafód le lása gorm trína bhfáinní araon, i dtreo gur luigh sí ar chrios fite an éafód agus nár scar an lúireach ón éafód, faoi mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

An Fhallaing

22. Ansin rinneadar fallaing an éafód go léir a fhí d'ábhar gorm.

23. Bhí an oscailt ina lár dála muiníl chathéide; timpeall na hoscailte bhí fáithim d'fhonn nach sracfaí an fhallaing.

24. Ar a fáithim íochtair bhí maisiú de phomagránaití, d'ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach mín cas.

25. Rinneadar chomh maith cloigíní d'ór fíre agus chuireadar timpeall fáithime íochtaraí na fallainge iad idir na pomagránaití;

26. bhí cloigíní agus pomagránaití, gach re ceann, timpeall fáithim íochtarach fhallaing na seirbhíse mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Éidí na Sagart

27. Ansin rinneadar na hionair chomh maith, fite as línéadach mín, d'Árón agus dá mhic;

28. agus an cheannbheart de línéadach mín agus na boinéid de líneadach mín, agus na brístí línéadaigh de línéadach mín cas,

29. agus an crios de línéadach mín cas agus de ábhar gorm agus corcra agus craorag, maisithe le hobair shnáthaide, faoi mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

30. Rinneadar mar an gcéanna an lann don choróin naofa, d'ór fíre agus “Naofa don Tiarna” greanta uirthi, faoi mar a dhéanfadh duine ar shéala.

31. Ghreamaiodar lása glas dó seo á cheangal den cheannbheart lastuas, faoi mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

32. Críochnaíodh ar an gcuma sin obair uile an taibearnacail agus Bhoth na Teagmhála; bhí gach ní déanta ag clann Iosrael; díreach mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois is ea a rinneadar.

An Toradh á Chur i Láthair Mhaois

33. Thugadar an taibearnacal go dtí Maois, agus an Bhoth agus a gréithe, a naisc, a frámaí, a bataí, a pollaí, a ceapa;

34. an díon de sheithí coirtithe reithe agus de sheithí gabhar, agus fial na cléithe;

35. áirc na Fianaise lena cuaillí agus lena cathaoir thrócaire;

36. an bord lena ghréithe go léir agus arán na láithreachta;

37. an coinnleoir d'ór fíre lena lampaí - na lampaí a bhí le cur ann - agus lena ghréithe go léir; an ola don solas;

38. an altóir óir, an criosma, an túis chumhra, agus an scáthlán do dhoras na botha;

39. an altóir chré-umha lena gráta de chré-umha, a cuaillí agus a gréithe go léir; an t‑umar agus a bhonn;

40. na brait don fhaiche, a pollaí agus a ceapa, an scáthlán do gheata na faiche, a shlabhraí agus a phionnaí; agus na gréithe go léir don tseirbhís sa taibearnacal, do Bhoth na Teagmhála;

41. na heidí dea-dhéanta don tseirbhís san áit naofa, na héidí naofa d'Árón an sagart agus na héidí dá mhic le fónamh mar shagairt.

42. Bhí an obair go léir déanta ag clann Iosrael sa tslánchruinne faoi mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

43. D'iniúch Maois an obair go léir agus ba léir dó go raibh sé go léir déanta acu mar a d'ordaigh an Tiarna. Bheannaigh Maois iad.