Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Geallann an Tiarna Conradh

1. Ar an tríú ré nua ó tháinig clann Iosrael amach ó thír na hÉigipte, an lá sin shroicheadar fásach Shíonái.

2. Chuireadar chun siúil arís ó Reifídím agus nuair a shroicheadar fásach Shíonái, shuíodar a gcampa ansiúd san fhásach os comhair an tsléibhe.

3. Ansin chuaigh Maois suas chun Dé agus ghlaoigh an Tiarna air ón sliabh á rá: “Abair é seo le teaghlach Iacóib agus fógair é do chlann Iosrael:

4. ‘Chonaic sibh féin a ndearna mé leis na hÉigiptigh, agus conas mar a thóg mé liom sibh ar eití iolair agus a thug mé chugam féin sibh.

5. Uime sin má ghéilleann sibh do mo ghlór agus cloí le mo chonradh beidh sibhse, thar na ciníocha go léir, i mo sheilbhse ar leithrigh, óir is liomsa an domhan ar fad.

6. Beidh sibh agamsa in bhur ríocht sagart, in bhur náisiún coisricthe.’ Sin iad na briathra a labhróidh tú le clann Iosrael.”

7. D'imigh Maois leis ansin agus ghair chuige seanóirí an phobail agus chuir faoina mbráid na briathra sin go léir a d'ordaigh an Tiarna dó.

8. Agus d'fhreagair an pobal go léir d'aonghuth: “A bhfuil ráite ag an Tiarna, comhlíonfaimid.” Agus thug Maois freagra an phobail ar ais chun an Tiarna.

Ullmhaítear don Chonradh

9. Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Féach, táim ag dul síos chugat i scamall tiubh i dtreo go gcloisfeadh an pobal mé ag labhairt leat agus go mbeadh iontaoibh acu asat go deo” (agus thug Maois freagra an phobail ar ais chun an Tiarna).

10. Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Imigh leat chun an phobail agus coisric iad inniu agus amárach, agus nídís a n‑éadaí,

11. agus bídís ullamh i gcomhair an tríú lá. Óir ar an tríú lá tiocfaidh an Tiarna anuas ar Shliabh Shíonái os comhair an phobail go léir.

12. Déan teorainneacha an tsléibhe a rianú timpeall á rá: ‘Seachnaígí agus ná téigí faoin sliabh suas ná baint lena theorainn; aon neach a bhainfidh leis an sliabh, cuirfear chun báis é.

13. Ní leagfar lámh air ach gabhfar de chlocha ann, nó déanfar é a lámhach; ní fhágfar beo é, bíodh sé ina dhuine nó ina ainmhí.’ Nuair a shéidfear dord fada ar an adharc, tagaidís aníos chun an tsléibhe.”

14. D'imigh Maois síos ón sliabh chun an phobail dá bhrí sin agus choisric sé an pobal; agus níodar a n‑éadaí.

15. Dúirt sé leis an bpobal: “Bígí ullamh i gcomhair an tríú lá; fanaigí amach ó mhná!”

Foilsíonn an Tiarna é Féin

16. Le breacadh an tríú lá, tharla toirneacha agus splancanna tintrí ar an sliabh, agus scamall tiubh agus dord an-ard trumpa; agus bhí na daoine go léir sa champa ar crith.

17. Ansin sheol Maois an pobal amach as an gcampa le teagmháil le Dia, agus sheasadar ag bun an tsléibhe.

18. Bhí Sliabh Shíonái go léir faoi bhrat deataigh mar thuirling an Tiarna air i riocht tine, agus bhí an deatach ag éirí uaidh mar a dhéanfadh ó fhoirnéis agus chrith an sliabh ar fad go borb.

19. Bhí glór na hadhairce ag dul i neart agus i neart. Labhair Maois agus d'fhreagair Dia é le toirneach.

20. Agus thuirling an Tiarna ar Shliabh Shíonái, ar mhullach an tsléibhe. Ghlaoigh an Tiarna ar Mhaois go mullach an tsléibhe agus suas le Maois.

21. Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Imigh síos agus bagair ar an bpobal gan briseadh thar teorainn ag teacht chun radharc a fháil ar an Tiarna agus go bhfaigheadh a lán acu bás.”

22. “Na sagairt leis, an dream a thagann i gcóngar an Tiarna, déanaidís iad féin a choisreacan nó brisfidh an Tiarna sa mhullach orthu.”

23. Agus dúirt Maois leis an Tiarna: “Ní féidir don phobal teacht Sliabh Shíonái aníos óir thug tú féin rabhadh dúinn á rá: ‘Déan teorainneacha an tsléibhe a rianú timpeall agus fógair é a bheith naofa.’ ”

24. “Imigh síos,” arsa an Tiarna leis, “agus tabhair aníos Árón leat ag teacht aníos arís. Ach na lig do na sagairt ná don phobal dul thar a dteorainneacha ag iarraidh teacht aníos chun an Tiarna, nó brisfidh sé orthu.”

25. Chuaigh Maois síos chun an phobail dá bhrí sin agus labhair sé leo.