Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 36 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “Balzalael agus Ohoilíáb agus gach ceardaí oilte ar ar bhronn an Tiarna an éirim agus an cumas gach a éilíodh chun an sanctóir a thógáil, déanaidís a gcuid oibre go beacht mar a d'ordaigh an Tiarna.”

Dóthain Bailithe

2. Ghlaoigh Maois ar Bhazalael agus ar Ohoilíáb agus ar gach duine éirimiúil dár chuir an Tiarna éirim ina aigne, agus ar gach duine a raibh sé de phreab ina chroí, teacht agus an obair a dhéanamh;

3. agus ghlacadar ó Mhaois gach ofráil lantola dá dtug clann Iosrael le haghaidh obair an tsanctóra a dhéanamh; uime sin de bhrí gur leanadar sin orthu gach maidin ag tabhairt a n‑ofrálacha lántola,

4. na ceardaithe oilte a bhí i mbun gach sórt oibre ar an sanctóir, d'fhágadar, gach fear a chúram féin,

5. agus dúradar le Maois: “Tá breis thar mar is gá don obair a d'ordaigh an Tiarna dúinn a chur i gcrích á thabhairt ag na daoine.”

6. Thug Maois treoir dá bhrí sin agus tugadh an t‑ordú seo leanas ar fud an champa: “Ná déanadh aon duine, fear ná bean, aon ní eile ar mhaithe leis an mbailiúchán don sanctóir.” Toirmeascadh ar an bpobal dá bhrí sin aon ní eile a thabhairt;

7. ba leor agus ba lánleor a raibh acu d'ábhar chun an saothar go léir a chur i gcrích.

An Taibearnacal

8. Shaothraigh na fir éirimiúla go léir i measc na n‑oibrithe ar an taibearnacal. Rinne sé é de dheich mbrat de línéadach cas mín, d'ábhar gorm agus corcra agus craorag, le ceiribíní fuaite le barr slachta orthu.

9. Bhí ocht mbanlámh fichead d'fhad i ngach brat, agus ceithre bhanlámh de leithead i ngach brat; bhí na brait uile den aon mhiosúr.

10. Cheangail sé cúig bhrat dá chéile agus mar an gcéanna leis na cúig cinn eile.

11. Chuir sé lúba d'ábhar gorm ar imeall an bhrait deiridh de shraith díobh, agus mar an gcéanna leis an imeall ar an mbrat deiridh den tsraith eile.

12. Chuir sé leathchéad lúb ar an gcéad bhrat agus leathchéad lúb, ag teacht leo ceann ar cheann, ar imeall an bhrait deiridh sa dara sraith.

13. Rinne sé leathchéad nasc óir agus cheangail na brait le chéile leis na naisc i dtreo go mba aonad dlúth é an taibearnacal.

14. Ansin rinne sé brait d'fhionnadh gabhair chun both a chur os cionn an taibearnacail; rinne sé aon bhrat déag.

15. Bhí gach brat tríocha banlámh ar fad agus ceithre bhanlámh ar leithead; bhí gach brat den aon mhiosúr.

16. Cheangail sé cúig bhrat le chéile leo féin, agus na sé cinn eile leo féin.

17. Chuir sé leathchéad lúb ar imeall an bhrait ba shia amach ar an gcéad sraith díobh, agus leathchéad lúb ar imeall an bhrait ba shia amach ar an tsraith eile.

18. Rinne sé leathchéad nasc cré-umha chun an bhoth a dhlúthú le chéile ina haon.

19. Rinne sé díon don bhoth as craicne coirtithe reithe agus seithí gabhar.

20. Ansin rinne sé frámaí d'adhmad sitím don taibearnacal agus iad ina seasamh díreach.

21. Bhí gach fráma deich mbanlámh ar fad agus banlámh go leith ar leithead.

22. Bhí dhá thionúr ar gach fráma lena ngreamú; rinne sé amhlaidh do gach fráma den taibearnacal.

23. Rinne sé frámaí an taibearnacail mar leanas: fiche fráma don taobh theas;

24. rinne sé daichead moirtís airgid le cur faoi na fiche frámaí: faoin gcéad fhráma dhá mhoirtís dá dhá thionúr; agus faoi gach fráma eile dhá mhoirtís faoina dhá dtionúr.

25. Don taobh eile den taibearnacail, an taobh thuaidh, rinne sé fiche fráma,

26. agus a ndaichead moirtís airgid, dhá mhoirtís faoi gach fráma.

27. Agus do chúl an taibearnacail ar an taobh thiar, rinne sé sé fhráma.

28. Rinne sé dhá fhráma do chúinní an taibearnacail laistiar.

29. Bhí [na frámaí] seo ceangailte dá chéile ag an mbonn thíos agus mar sin suas go buaic go dtí an chéad fháinne; mar sin a rinne sé leis an dá fhráma a bhí mar dhá chúinne.

30. Bhí ocht bhfráma lena sé mhoirtís déag airgid; dhá mhoirtís faoi gach fráma.

31. Rinne sé trasnáin d'adhmad sitím; cúig trasnáin do na frámaí ar thaobh den taibearnacal,

32. agus cúig trasnáin do na frámaí ar an taobh eile den taibearnacal, agus cúig trasnáin do na frámaí ar chúl an taibearnacail ar an taobh thiar.

33. Rinne sé an trasnán meánach; chuir sé ó cheann ceann é, leath slí suas ar lár na bhfrámaí.

34. Chumhdaigh sé na frámaí d'ór agus chuir fáinní óir orthu mar ghreim do na trasnáin, agus chumhdaigh na trasnáin d'ór.

An Fial

35. Rinne sé an fial d'ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach mín cas agus ceiribíní fuaite le barr slachta ar an ábhar á dhéanamh.

36. Chun an fial seo a chrochadh, rinne sé ceithre pollaí d'adhmad sitím agus chumhdaigh iad le hór; bhí a naisc d'ór, agus theilg sé ceithre mhoirtís airgid dóibh.

37. Rinne sé chomh maith scáthlán do dhoras an taibearnacail, d'ábhar gorm, corcra agus craorag, agus de línéadach cas mín agus greasadh snáthaide mar mhaise air.

38. Rinne sé cúig pollaí agus naisc ag gabháil leo chun é seo a chrochadh; chumhdaigh sé a mullaí agus a dtrasnáin d'ór; ba de chré-umha a gcúig ceapa.