Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24

Tiomna Nua

Lúcás 19 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Tháinig sé isteach go hIericó agus bhí sé ar a bhealach tríd.

2. Agus bhí fear ann a raibh Sacéus mar ainm air; bhí sé ina ardbhailitheoir cánacha, agus é saibhir.

3. Bhí sé ag iarraidh a fheiceáil cén sórt é Íosa, ach theip air de dheasca an tslua, ó bhí sé beag íseal.

4. Mar sin rith sé píosa ar aghaidh agus chuaigh sé suas i gcrann fige le radharc a fháil air, ó bhí sé le bheith ag teacht an tslí úd.

5. Agus nuair a tháinig Íosa go dtí an áit, d'fhéach sé suas air agus dúirt sé leis, “A Shacéuis, déan deifir agus tar anuas, mar tá rún agam an lá inniu a chaitheamh i do theachsa.”

6. Tháinig sé anuas faoi dheifir mar sin agus áthas air le fáilte a fhearadh roimhe.

7. Agus nuair a chonaic siad é bhí siad uile ag clamhsán agus á rá, “Tá sé i ndiaidh glacadh le cuireadh ó fhear atá ina pheacach.”

8. Agus d'éirígh Sacéus go ndúirt sé leis an Tiarna, “Féach, a Thiarna, tugaim leath mo mhaoine do na boicht; agus más rud é gur bhain mé aon ní d'aon duine go héagórach, tugaim a cheithre oiread ar ais dó.”

9. Agus arsa Íosa leis, “Is inniu a tháinig an slánú go dtí an teach seo, mar is mac d'Abracham é seo chomh maith le duine.

10. Mar tá Mac an duine tar éis teacht lena bhfuil caillte a chuardach agus a chaomhnú.”

11. Nuair a bhí siad ag éisteacht leis sin, thosaigh sé ar insint fáithscéil, ó bhí sé féin cóngarach do Iarúsailéim agus ó bhí siadsan ag meas go nochtfaí ríocht Dé gan mhoill.

12. Dúirt sé mar sin, “Duine uasal a bhí ag imeacht i dtír i gcéin le filleadh i ndiaidh cumhacht rí a ghlacadh chuige féin.

13. Ghlaoigh sé ar dheichniúr dá sheirbhísigh, agus thug sé deich bpunt dóibh, agus dúirt sé leo, ‘Bígí ag gnóthú leo seo go dtaga mé.’

14. Ach b'fhuath le fir a thíre féin é gur chuir siad toscaireacht ina dhiaidh á rá, ‘Ní maith linn an fear seo a bheith ina rí os ár gcionn.’

15. Nuair a d'fhill sé agus an chumhacht ríoga aige, chuir sé fios ar na seirbhísigh sin ar thug sé an t‑airgead dóibh, go bhfeicfeadh sé cad é a ghnóthaigh siad.

16. Tháinig duine amháin acu ina láthair agus dúirt sé, ‘A Thiarna, tá deich bpunt eile gnóthaithe ag do phuntsa.’

17. Agus is é a dúirt sé leis, ‘Is maith a rinne tú, is maith an seirbhíseach tú! Ós tú a bhí dílis faoi bheagán, beidh ceannas agat ar dheich gcathair.’

18. Agus tháinig an dara duine ina láthair go ndúirt sé, ‘A Thiarna, tá cúig phunt gnóthaithe ag do phuntsa.’

19. Agus dúirt sé leis, ‘Agus beidh ceannas cúig chathair agatsa.’

20. Tháinig an tríú duine ansin, agus dúirt sé, ‘A Thiarna, seo duit an punt sin agat, a choinnigh mé i dtaisce i naipcín;

21. mar chuir tú eagla orm, bíonn tú chomh trom sin ar dhaoine; ag tógáil ní nár chuir tú síos, agus ag baint bairr san áit nár chuir tú aon síol.’

22. Ar seisean leis, ‘Tabharfaidh mé breith do dhaortha ort as do bhéal féin, a bhithiúnaigh de sheirbhíseach! Bhí a dhea-fhios agat, nach raibh, go raibh mé trom ar dhaoine, ag tógáil an ní nár chuir mé síos, agus ag baint san áit nár chuir mé?

23. Agus ó tá sin amhlaidh, cad chuige nár chuir tú mo chuid airgid sa bhanc, go dtógfainn é idir airgead agus bhiseach ag filleadh dom?’

24. Agus dúirt sé lena raibh ina seasamh lena thaobh, ‘Bain de an punt, agus tabhair é d'fhear na ndeich bpunt.’

25. (Agus dúirt siad leis, ‘A Thiarna, nach bhfuil deich bpunt aige cheana?’)

26. Deirim libh, an té a bhfuil aige, tabharfar a thuilleadh dó, ach an té nach bhfuil aige, bainfear de go fiú an méid atá aige.

27. Ach na naimhde úd agam, nár mhian leo mé i mo rí os a gcionn, tugaigí i láthair anseo iad agus cuirigí chun báis iad os mo chomhairse.”

28. Nuair a bhí an chaint sin ráite aige, shiúil sé roimhe, ag tarraingt ar Iarúsailéim.

29. Nuair a bhí sé ag an sliabh dá ngairtear Cnoc na nOlóg, cóngarach do Bhétfagé agus do Bhétáin, chuir sé beirt de na deisceabail uaidh,

30. agus dúirt sé leo, “Siúlaigí libh isteach sa bhaile beag úd os ár gcomhair, agus Tiocfaidh sibh, ar bhur mbealach isteach, ar shearrach agus é ceangailte, nár shuigh aon duine air roimhe seo; scaoiligí agus tugaigí chugam anseo é.

31. Má fhiafraíonn aon duine díbh, ‘Cad chuige a bhfuil sibh de, á scaoileadh?’ is é an focal a déarfas sibh, ‘Tá gnó ag an Tiarna leis.’”

32. Chuaigh na teachtairí uaidh mar sin agus tharla mar a bhí inste aige dóibh.

33. Nuair a bhí siad ag scaoileadh an tsearraigh, dúirt na daoine ar leo é, “Cad chuige a bhfuil sibh ag scaoileadh an tsearraigh?”

34. Agus dúirt siadsan, “Tá gnó ag an Tiarna leis.”

35. Agus thug siad chuig Íosa é, agus chaith siad a bhfallaingeacha thar an searrach, gur chuir siad Íosa a mharcaíocht air.

36. Agus chaith siad a bhfallaingeacha thar chlocha an bhóthair de réir mar a bhí sé ag imeacht ar aghaidh.

37. Nuair a bhí sé ag teacht cóngarach, ag bun Chnoc na nOlóg, thosaigh slua uile na ndeisceabal ar dhéanamh gairdis agus ar mholadh Dé faoi na fearta uile a bhí feicthe acu,

38. á rá in ard a gcinn agus a ngutha, “Is beannaithe é an Rí atá ag teacht in ainm an Tiarna! Síocháin ar neamh, agus glóir dó sna flaithis!”

39. Agus dúirt cuid de na Fairiséigh a bhí sa slua leis, “A Oide, cuir milleán ar do dheisceabail.”

40. Ach ba é a fhreagra, “Táim á insint daoibh, dá mba rud é go bhfanfaidís-sean ina dtost, go mbeadh clocha an bhóthair féin ag caint agus ag glaoch os ard.”

41. Agus nuair a tháinig sé i ngaobhar na cathrach agus a chonaic sé í, shil sé uisce a chinn á caoineadh,

42. go ndúirt, “Nach é an trua é nach feasach duit inniu féin na nithe a chothaíos an tsíocháin! Ach tá siad ceilte ort anois.

43. Mar tá na laethanta sin ag teacht ort nuair a thógfaidh do naimhde móta i do thimpeall agus a chuirfidh léagar agus imshuí ort ar gach taobh,

44. agus a leagfaidh siad go lár thú, tú féin agus do chlann ionat istigh, agus ní fhágfaidh siad cloch ar mhuin chloiche ionat; de bhrí nár aithin tú in am cé a bhí agat.”

45. Agus chuaigh sé isteach sa teampall go ndeachaigh ag cur na tóra ar a raibh ag díol ann,

46. agus é á rá leo, “Tá sé scríofa go mbeidh mo theachsa ina theach urnaí; ach tá uaimh ladrann déanta agaibh de.”

47. Agus bhíodh sé gach lá ag teagasc sa teampall. Bhí na hardsagairt agus na scríobhaithe agus ceannairí an phobail ag iarraidh é a chur den saol;

48. agus gan teacht ar aon ní a fhéadfaidís a dhéanamh, mar bhíodh na daoine go léir ag slogadh gach focail dá dtagadh uaidh.