Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24

Tiomna Nua

Lúcás 1 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. De bhrí de, go bhfuil tugtha faoi ag mórán, ag iarraidh stair a thiomsú ar ar tharla uile inár meascna,

2. de réir na faisnéise a fuaireamar air ón drong úd a bhí ó thús ina bhfinnéithe súl agus ina bhfreastalaithe boird don bhriathar,

3. chonacthas domsa freisin, a bhfuil cuimse ama caite agam á ndlúthlorgaireacht, go mb'fhiú a scríobh síos i ndiaidh a chéile do bhur soilsese, a Théophilas,

4. chun go ndéana sibh deimhin de na nithe úd a d'fhoghlaim sibh ó bhéalaithris.

5. San am úd a raibh Iorua ina rí ar Iúdaea, bhí sagart ann a raibh Secaría mar ainm air, sagart d'aicme Abíá; agus ba de chlann iníonacha Áróin a bhanchéile arbh ainm di Elisabét.

6. B'fhiréanta an lánúin iad i láthair Dé, agus dlíthe agus reachta Dé á gcoinneáil acu gan locht dá laghad orthu,

7. ach ab é nach raibh leanbh acu, ó bhí Elisabét í féin aimrid, agus an bheirt acu anonn go maith i mblianta.

8. Anois nuair a tháinig uain a aicmesean, agus nuair a bhí air dul i mbun a oibre mar shagart i láthair Dé

9. mar ba dhual do shagart, thit sé ar a chrann dul isteach le túis a dhó i dteampall Dé.

10. Agus slua uile na ndaoine ag guí amuigh san am ar ofráladh an túis.

11. Agus fuair sé taispeáint d'aingeal leis an Tiarna, agus é ina sheasamh ar thaobh na láimhe deise d'altóir na túise.

12. Agus bhí buaireamh ar Shecaría nuair a chonaic sé é, agus thit eagla air.

13. Ach is é a dúirt an t‑aingeal leis, “Ná bíodh aon eagla ort, a Shecaría,” ar seisean, “mar tá éiste le d'urnaí, agus béarfaidh do bhean Elisabét mac duit, agus gairfidh tú Eoin de mar ainm.

14. Agus is ort a bheidh an t‑áthas agus an lúcháir,agus is iomaí duine lerb aoibhinn a bhreith;

15. mar beidh sé ina fhear mór os comhair Dé,agus ní ólfaidh sé fíon ná biotáille,ach is amhlaidh líonfar den Spiorad Naomh é,chomh luath agus a fhágfaidh sé broinn a mháthar.

16. Agus is iomaí sin duine de chlann mhac Iosrael a thiontóidh sé chuig a dTiarna Dia,

17. agus siúlfaidh sé roimhe agus sprid agus cumhacht Elía aige,le croíthe na n‑aithreacha a chasadh chun a gclainne,agus leis an dream easumhal a thabhairt chun eagna na bhfíréan,le pobal toilteanach a ullmhú don Tiarna.”

18. Ach is é a dúirt Secaría leis an aingeal, “Cad é mar a gheobhaidh mé fios air sin? Mar táim féin i mo sheanduine, agus tá mo bhean anonn go maith i mblianta.”

19. Ach ba é freagra an aingil, “Is mise Gabriél, an té a bhíos ina sheasamh i láthair Dé; agus cuireadh uaidh mé le bheith ag caint leat, agus leis an scéal áthasach seo a insint duit.

20. Agus féach anois, beidh tú i do bhalbhán gan cumas labhartha agat go dtí an lá sin ina dtiocfaidh sé sin uile i gcrích, ós rud é nár chreid tú do mo bhriathra, a bhéas le comhlíonadh nuair a thiocfas an t‑am.”

21. Agus bhí na daoine uile ag fanacht le Secaría, agus iontas orthu faoin moill a bhí air istigh sa teampall.

22. Agus nuair a tháinig sé amach, ní raibh sé in inmhe labhairt leo, agus ba léir dóibh go raibh sé i ndiaidh taispeáint a fheiceáil sa teampall; agus dhéanadh sé comharthaí leo agus é balbh i rith an ama.

23. Agus nuair a bhí a sheal oibre críochnaithe aige, d'fhill sé ansin abhaile.

24. Tamall de laethanta ina dhiaidh sin is ea ghabh a bhanchéile Elisabét ina broinn, agus chuaigh sí i bhfolach i rith cúig mhí, agus é le rá aici,

25. “Is í sin obair Dé san am a raibh aird aige orm, ionas go mbeadh deireadh leis an achasán a bhíodh orm i súile na ndaoine.”

26. Sa séú mí cuireadh an t‑aingeal Gabriél le teachtaireacht ó Dhia chuig cathair de Ghalailí ar tugadh Nasair uirthi,

27. chuig ógh a raibh lámh is focal idir í agus fear de theaghlach Dháibhí arbh ainm dó Iósaf; agus is Muire an t‑ainm a bhí ar an ógh sin.

28. Agus tháinig sé chuici agus dúirt sé léi, “Sé do bheatha, a bhean úd a bhfuil gnaoi ort, mar tá an Tiarna leat.”

29. Ach is é rud, chuir an rá sin faoi imní mhór í, agus í ag smaoineamh ina hintinn cad é ba chiall do bheannacht den sórt sin.

30. Agus dúirt an t‑aingeal léi, “Ná bíodh eagla ort, a Mhuire, mar tá gnaoi ag Dia duit.

31. Agus féach, gabhfaidh tú i do bhroinn agus beidh mac agat, agus gairfidh tú Íosa d'ainm air.

32. Ba mhór é, agus tabharfar Mac an Té is Airde air; agus bronnfaidh an Tiarna Dia ríchathaoir a athar Dáibhí air,

33. agus beidh sé ina rí os cionn theaghlach Iácóib go deo; agus ní bheidh deireadh lena ríocht.”

34. Ach dúirt Muire leis an aingeal, “Cad é an chaoi a mbeidh sin amhlaidh, ó nach bhfuil fear agam?”

35. Agus dúirt an t‑aingeal léi,“Tiocfaidh an Spiorad Naomh ort,agus glacfaidh cumhacht an Té is Airde faoina scáth thú;agus dá bhrí sin gairfear leanbh naofa den leanbh atá le teacht ar an saol,is ea, gairfear Mac Dé de.

36. Agus féach, tá mac gafa ina broinn ag do bhean mhuinteartha, ag Elisabét, freisin, ina seanaois; agus sin an séú mí don bhean sin ar tugadh bean aimrid uirthi.

37. Mar níl ní nach féidir le Dia a dhéanamh.”

38. Agus is é a dúirt Muire, “Féach, is mise cumhal Dé; go ndéantar liom de réir do bhriathair fúm.” Agus d'fhág an t‑aingeal ansin í.

39. Ba sna laethanta úd a d'éirigh Muire faoi dheifir le dul sa cheantar sléibhteach, go cathair de chathracha Iúdaea,

40. agus chuaigh sí go dtí teach Shecaría gur bheannaigh sí d'Elisabét.

41. Agus chomh luath agus chuala Elisabét beannacht Mhuire, léim an leanbh ina broinn; agus líonadh Elisabét den Spiorad Naomh,

42. agus scairt sí amach in ard a cinn is a gutha, “Is beannaithe tú i measc na mban, agus is beannaithe é toradh do bhroinne!

43. Agus cad chuige ar deonadh dom go dtiocfadh máthair mo Thiarna chugam?

44. Mar féach, ní luaithe glór do bheannachta i mo chluasa, ná léim an leanbh i mo bhroinn le tréan lúcháire.

45. Agus is beannaithe an bhean úd a chreid go gcomhlíonfaí an ní a insíodh di i dteachtaireacht ó Dhia.”

46. Ach is é a dúirt Muire,“Bíonn m'anam ag móradh an Tiarna,

47. agus is ábhar áthas m'anama é Dia mo Shlánaitheoir,

48. ó nárbh bheag leis úirísleacht a chumhaile.Mar féach, ní thiocfaidh glún feasta nach ngairfidh beannaithe díom;

49. mar gheall ar na nithe móra atá déanta dom ag an té a mbíonn an chumhacht aige.

50. Agus bíonn trócaire aige ar an dream a mbíonn eagla orthu roimheó ghlún go glún.

51. Thaispeáin sé an neart atá ina ghéag.Scaip sé an dream a mbíonn an t‑uabhar i smaointe a gcroíthe.

52. Chaith sé na cumhachtaí amach as a ríchathaoireacha, agus d'ardaigh sé i gcéim an dream uiríseal.

53. Líon sé lucht an ocrais le maitheasaí, agus chuir sé uaidh lucht an tsaibhris agus iad folamh.

54. Chuir sé tarrtháil ar a sheirbhíseach Iosrael,agus é ag cuimhneamh ar a thrócaire,

55. de réir mar a bhí ráite aige lenár sinsear romhainn, le hAbracham agus lena shliocht go deo.”

56. Agus d'fhan Muire tuairim agus trí mhí aici, agus d'fhill sí ansin abhaile.

57. Ach tháinig am a tuismithe ar Elisabét, agus thug sí a mac ar an saol.

58. Agus chuala a comharsana agus a daoine muinteartha faoin mórthrócaire a rinne Dia uirthi, agus rinne siad comhghairdeas léi.

59. Agus thángthas an t‑ochtú lá a thimpeallghearradh an linbh; agus bhíothas ar tí ainm a athar Secaría a thabhairt air.

60. Ach ba é a dúirt a mháthair, “Ní mar sin, ach gairfear Eoin de.”

61. Agus dúirt siad léi, “Ainm cúl le cine é sin.”

62. Agus b'shiúd iad ag déanamh comharthaí leis an athair, ag fiafraí de-sean cad é an t‑ainm ab fhearr leis air.

63. Agus d'iarr sé táibhléad scríofa, gur scríobh, “Eoin is ea an t‑ainm atá air.” Agus b'iontach leo uile é.

64. Agus scaoileadh a theanga ar an toirt, agus labhair sé á altú do Dhia.

65. Agus thit an eagla ar a gcomharsana uile go léir. Agus bhítí ag caint faoi na nithe sin ar fud cheantar sléibhteach Iúdaea;

66. agus níl duine dár chuala nach dtaisceadh ina chroí iad, agus nach ndeireadh, “Cad é a bhéas sa leanbh seo nuair a thiocfas ann dó?” Mar bhí lámh an Tiarna ag neartú leis.

67. Agus líonadh a athair Secaría leis an Spiorad Naomh go dtí go ndearna sé tairngreacht, agus is é a dúirt sé,

68. “Go mba beannaithe é an Tiarna, Dia Iosrael,ó is é a thug cuairt ar a mhuintir agus a d'fhuascail iad.

69. Tá crann na sláinte síoraí in airde aigei dteaghlach a sheirbhísigh Dáibhí,

70. de réir mar bhí ráite aige trí bhéal a naomhfháithe ó fadó,

71. go mbeimis dár saoradh ónár naimhde, agus ó lucht ár bhfuatha;

72. ionas go gcuirtí i ngníomh an trócaire a gealladh dár sinsear,agus go gcuimhneofaí ar a chúnant naofa.

73. An mhóid a bhí mionnaithe aige dár n‑athair Abracham

74. go ndeonfadh sé dúinnbheith dár saoradh as lámha ár naimhde,le seirbhís neamheaglach a dhéanamh dó,

75. le bheith go naofa fíréan ina láthair i rith laethanta ár mbeatha.

76. Agus is díot, a linbh úd, a ghairfear fáidh an Té is Airde;ós tú a rachas amach roimh an Tiarna lena shlite a dhéanamh réidh roimhe.

77. Le heolas an tslánaithe a thabhairt dá mhuintir, trí mhaithiúnas a bpeacaí,

78. trí mhíne thrócaire ár nDé-nesan lá úd a thiocfas solas geal na maidine orainn ó ard na bhflaitheas,

79. ag tabhairt solais don dream atá ina suí faoin dorchadas agus faoi scáil an bháis,agus ag seoladh ár gcos go slí na síochána.”

80. Agus d'fhás an leanbh aníos ina fhear a raibh sprid láidir thréan ann, agus bhíodh sé san fhásach go lá a thaispeánta d'losrael.