Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24

Tiomna Nua

Lúcás 9 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Agus ghlaoigh sé le chéile an dáréag gur thug cumhacht agus údarás dóibh leis na deamhain a chur faoi smacht agus na breoiteachtaí a leigheas,

2. agus gur chuir amach iad chun go bhfógróidís ríocht Dé agus go slánóidís aicídí.

3. Agus ar seisean leo, “Ná tugaigí ní ar bith libh le haghaidh bhur n‑aistir, ach imígí gan bhata, gan mhála, gan arán, gan airgead; agus ná bíodh an dá léine agaibh.

4. Agus fanaigí sa chéad teach ina dtéann sibh go n‑imí sibh.

5. Agus an áit nach gcuireann fáilte romhaibh, ag fágáil an bhaile úd daoibh, croithigí an deannach de bhur gcosa mar fhianaise ina n‑éadan.”

6. Agus d'imigh siad leo gur shiúil na bailte beaga as éadan, agus gur chraobhscaoil siad an soiscéal agus gur shlánaigh siad san uile áit.

7. Chuala Iorua an teitrearch faoina ndearnadh, agus bhí buaireamh air, ó bhí cuid á rá gur tógadh Eoin ar aiséirí ó na mairbh,

8. agus cuid eile á rá gur nocht Elía, agus tuilleadh ag dearbhú gur fáidh de na seanfháithe a bhí ann a bhí d'éis éirithe.

9. Dúirt Iorua, “Bhain mé an ceann d'Eoin; ach cé hé seo a gcluinim an t‑iomrá seo faoi?” Agus bhí sé i bhfáth le hamharc a fháil air.

10. Ar bhfilleadh dóibh, d'inis na haspail dó a raibh déanta acu. Agus thug sé leis iad go ndeachaigh i leataobh go cathair ar tugadh Bétsáida uirthi.

11. Nuair a chuala na sluaite faoi, lean siad é; agus d'fháiltigh sé rompu agus labhair sé leo faoi ríocht Dé, agus leigheas sé an méid a bhí easlán.

12. Faoin am sin bhí an tráthnóna beag ann; agus tháinig an dáréag chuige go ndúirt leis, “Cuir uait an slua, go rachaidís thart faoi na bailte beaga agus an tír thart timpeall, go bhfaighidh siad lóistín agus bia; mar táimid anseo in áit gan áitreabh.”

13. Ach ba é a dúirt sé leo, “Tugaigíse bia dóibh le n‑ithe.” Ar siadsan leis, “Níl againn ach cúig bhuilín aráin agus dhá iasc—sin mura n‑imímid a cheannach bia do na daoine seo uile.”

14. Mar bhí timpeall cúig mhíle fear acu ann. Agus dúirt sé leis na deisceabail, “Tugaigí orthu suí fúthu ina mbuíonta, agus caoga san uile bhuíon.”

15. Agus rinne siad amhlaidh, gur thug ar an iomlán suí.

16. Agus ghlac sé na cúig bhuilín aráin agus an dá iasc, agus d'amharc sé in airde i dtreo neimhe, agus bheannaigh sé agus roinn sé iad, gur thug do na deisceabail iad lena leagan roimh an slua.

17. Agus d'ith siad uile a sá. Agus tógadh an fuílleach a fágadh, dhá chiseán déag de bhloghanna briste.

18. Agus tharla na deisceabail air agus é ag urnaí ina aonar agus d'fhiafraigh sé díobh, “Cé a deir na daoine is mise?”

19. Agus d'fhreagair siad, “Eoin Baiste; ach go ndeir dream eile gur tú Elía; agus dream eile, go bhfuil duine de na seanfháithe i ndiaidh éirithe.”

20. Agus dúirt sé leo, “Ach cé a deir sibhse is mise?” Agus d'fhreagair Peadar, “Críost Dé.”

21. Ach bhagair sé orthu agus d'ordaigh sé dóibh gan sin a insint d'aon duine,

22. agus dúirt sé “Is iomaí rud a chaithfeas Mac an duine a fhulaingt agus diúltóidh na seanóirí agus na hardsagairt agus na scríobhaithe dó, agus beifear á chur chun báis, agus á thógáil ar aiséirí an tríú lá.”

23. Agus dúirt sé le cách, “Más toil le haon duine teacht i mo dhiaidh, diúltaíodh sé dó féin agus tógadh sé a chrois air féin go laethúil agus leanadh sé mise.

24. Mar an té ar mhian leis a bheo a tharrtháil caillfidh sé é; agus an té a chaillfeas a bheo ar mo shonsa, tarrthóidh sé é.

25. Mar cad é an tairbhe do dhuine an domhan uile a ghnóthú má thagann caill air nó má chailleann sé é féin?

26. Mar an té sin a mbíonn náire air fúmsa agus faoi mo bhriathar, is faoi-sean a bheidh náire ar Mhac an duine nuair a thiocfas sé ina ghlóir féin agus i nglóir an Athar agus i nglóir na naomhaingeal.

27. Ach is fíor a deirim libh, go bhfuil cuid dá bhfuil ina seasamh thart anseo nach mblaisfidh an bás go bhfeice siad ríocht Dé.”

28. Tuairim is ocht lá i ndiaidh an chaint sin a rá ghlac sé leis Peadar agus Eoin agus Séamas, agus chuaigh a urnaí ar ard an tsléibhe.

29. San urnaí dó, d'athraigh fíor a dhreacha, agus d'éirigh a éadaí gléigeal go dtí gur dhall siad an tsúil.

30. Agus b'shiúd beirt fhear ag caint leis, agus b'iad Maois agus Elía iad,

31. a taispeánadh sa ghlóir, agus a bhí ag caint leis faoin éag a bhí i ndán dó in Iarúsailéim.

32. Anois bhí iarraidh trom codlata ar Pheadar agus an méid a bhí leis, ach gur fhan siad ina ndúiseacht, agus chonaic siad a ghlóir, agus chonaic an bheirt fhear a sheas leis.

33. Nuair a bhí na fir ag scaradh leis, arsa Peadar le hÍosa, “A Oide, is méanar dúinn bheith anseo; déanaimis trí bhoth, both daoibhse agus both do Mhaois agus both d'Elía,” agus gan fhios aige cad é a raibh sé á rá.

34. Nuair a bhí sé á rá sin, tháinig néal anuas a raibh siad faoina scáth; agus bhí eagla orthu agus iad faoin néal.

35. Agus labhair an glór amach as an néal, á rá, “Is é seo mo Mhacsa, mo Neach tofa; éistigí leis!”

36. Agus nuair a bhí sin ráite ag an nglór, ní raibh le fáil ach Íosa amháin. Agus d'fhan siadsan ina dtost gan a insint faoina raibh feicthe acu do dhuine ar bith sna laethanta úd.

37. Chuaigh slua mór ina airicis, lá arna mhárach, nuair a tháinig siad anuas an sliabh.

38. Agus b'shiúd fear den slua a ghlaoigh air, “A Oide, iarraim d'impí ort féachaint ar mo mhac, mar is é m'aon duine clainne é;

39. agus féach, beireann sprid air, agus ligeann sé béic as i dtobainne; agus réabann sí é go dtagann cúr lena bhéal, agus coscraíonn sí é, agus is ar éigean a fhágfaidh sí é.

40. Agus d'iarr mé mar achainí ar do dheisceabail a díbirt, ach ní raibh sin ar a gcumas.”

41. Is é a d'fhreagair Íosa, “A ghlúin dhíchreidmheach, chlaon, cá fhad atá orm bheith libh nó teacht libh? Tabhair chugam anseo do mhac.”

42. Nuair a bhí sé ag teacht chuige, réab an deamhan agus chuir i dtrithí é. Ach bhagair Íosa ar an sprid neamhghlan, agus leigheas sé an gasúr, gur thug ar ais dá athair é.

43. Agus b'iontach leo uile é mórgacht Dé.Ach nuair a bhí siad ag déanamh iontais de gach aon ní dá ndearna sé, dúirt sé lena dheisceabail,

44. “Téadh na briathra seo isteach go domhain in bhur gcluasa; mar tabharfar Mac an duine i lámha fear.”

45. Ach níor thuig siad an rá sin, agus bhí sé ceilte orthu, ionas nach dtabharfaidís faoi deara é; agus níor lig an eagla dóibh fiafraí de i dtaobh an rá sin.

46. Agus d'éirigh conspóid eatarthu faoi cé ba mhó céim orthu.

47. Ach nuair ba léir d'Íosa an smaoineamh a bhí ina gcroíthe, fuair sé leanbh gur chuir ina sheasamh taobh leis,

48. agus dúirt sé leo, “Cibé a ghlacas leis an leanbh seo i m'ainmse is liom a ghlacas sé, agus cibé a ghlacas liomsa glacann sé leis an Té a chuir uaidh mé; mar is ionann an té is lú agus an té is mó céim eadraibh.”

49. Ba é an freagra a thug Eoin air, “A Mháistir, chonaiceamar an fear agus é ag díbirt deamhan i d'ainm, agus chrosamar air é, de bhrí nach leanann sé an bealach céanna linne.”

50. Ach dúirt Íosa leis, “Ná crosaigí air é; mar an té nach mbíonn in bhur n‑aghaidh bíonn sé ar bhur dtaobh.”

51. Nuair a dhruid na laethanta leo a rabhthas lena ardú go neamh, thug sé a aghaidh go daingean ar Iarúsailéim.

52. Agus chuir sé teachtairí ar a bhéala, a chuaigh roimhe isteach i mbaile de chuid na Samaratánach, le hullmhú roimhe;

53. ach ní ghlacfadh na daoine leis, as siocair a aghaidh a bheith ar Iarúsailéim.

54. Agus nuair a chonaic a dheisceabail, Séamas agus Eoin, é, dúirt siad, “A Thiarna, an toil leat sinne a ordú don tine teacht anuas ó neamh agus a slogadh?”

55. Ach is é rud, thiontaigh sé orthu agus chuir sé milleán orthu.

56. Agus chuaigh siad go baile eile.

57. Nuair a bhí siad ag siúl an bhealaigh, dúirt an fear leis, “Leanfaidh mé thú cibé áit a rachaidh tú.”

58. Agus dúirt Íosa leis, “Bíonn uachaisí ag sionnaigh, agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl áit leagtha a chinn ag Mac an duine.”

59. Agus dúirt sé le fear eile, “Lean mise.” Ach dúirt seisean, “A Thiarna, lig dom m'athair a iompar chun na huaighe an chéad uair.”

60. Ach dúirt sé leis, “Lig do na marbháin a marbháin féin a chur san uaigh; imigh tusa agus fógair ríocht Dé.”

61. Dúirt fear eile, “Leanfaidh mé thú, a Thiarna; ach tabhair cead dom dul a fhágáil sláin ag a bhfuil sa bhaile.”

62. Dúirt Íosa leis, “Ní fiú ríocht Dé aon duine a leagas a lámh ar an tseisreach agus a amharcas ina dhiaidh.”