Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24

Tiomna Nua

Lúcás 3 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Ba í an cúigiú bliain déag í de ríocht Thiberius Caesar agus bhí Pointias Píoláid ina uachtarán os cionn Iúdaea; agus Iorua ina theitrearch i nGalailí, agus a dheartháir Pilib ina theitrearch i gceantar Ituraía agus Traconítis, agus Lisánías ina theitrearch in Abiléne,

2. agus Annas agus Caiaphas ina n‑ardsagairt, ba san am sin a tháinig briathar Dé chuig Eoin mac Shecaría san fhásach;

3. agus shiúil sé an tír a bhí ar dhá thaobh Abhainn Iornáin, ag foilsiú baiste aithreachais le haghaidh maithiúnas peaca a fháil.

4. Bhí sin mar atá scríofa i leabhar bhriathra Ísáia fáidh,“Glór an té a scairteas san fhásach:Ullmhaígí slí an Tiarna,déanaigí a chosáin díreach.

5. Níl gleann nach líonfar,ná cnoc ná sliabh nach n‑ísleofar,ná cam nach ndíreofar,ná garbhshlí nach míneofar;

6. agus níl duine ann nach bhfeicfidh slánú Dé.”

7. Labhair sé mar sin an chaint seo leis na sluaite a chuaigh amach chuige go mbaisteadh sé iad, “A áil úd nathracha nimhe! Cé a thug de rabhadh daoibh teitheadh ón bhfearg atá le teacht?

8. Tugaigí na torthaí is dual don aithrí, agus ná tosaígí ar a rá eadraibh féin, ‘Is é Abracham is athair dúinn’; mar táim á insint daoibh, go bhféadann Dia clann mhac Abrachaim a dhéanamh de na leaca cloiche seo.

9. Agus cheana féin tá an tua á leagan ar fhréamhacha na gcrann; agus níl crann nach dtugann dea-thoradh uaidh, nach mbeidh á ghearradh anuas, agus á chaitheamh isteach sa tine.”

10. Agus d'fhiafraigh na sluaite de, “Má tá sin amhlaidh, cad é atá orainn a dhéanamh?”

11. Agus ba é a fhreagra orthu, “An té a mbíonn dhá chóta aige, roinneadh sé leis an té atá gan chóta; agus an té a mbíonn bia aige, déanadh sé mar an gcéanna.”

12. Agus tháinig bailitheoirí cánacha chuige dá mbaisteadh, agus dúirt siad leis, “A Oide ár múinte, cad é is cóir dúinn a dhéanamh?”

13. Agus is é a dúirt sé leo, “Ná bailígí thar a bhfuil leagtha amach daoibh.”

14. Agus bhí saighdiúirí ann a d'fhiafraigh de, “Cad é atá orainn a dhéanamh?” Agus dúirt sé leo, “Ná robálaigí aon duine le foréigean ná le dúmhál, agus bígí sásta le bhur dtuarastal.”

15. Anois bhí na daoine ag féachaint go dúilmhear ar Eoin, agus gan fear ann nach raibh ag fiafraí de féin ina intinn, arbh fhéidir gurbh é an Críost é,

16. thug Eoin freagra orthu uile go léir, “Ní bhímse do bhur mbaisteadh ach le huisce; ach tá sé ag teacht, an té is cumhachtaí i bhfad ná mise, nach fiú mé oiread agus iallacha a bhróg a scaoileadh; agus sin an té a dhéanfas bhur mbaisteadh leis an Spiorad Naomh agus le tine.

17. Agus tá an dallán ina láimh aige leis an arbhar a cháitheadh, lena urlár buailte a ghlanadh, agus cruinneoidh sé an chruithneacht isteach ina iothlainn, ach loiscfidh sé an cháith i dtine dho-mhúchta.”

18. Ba mar sin a d'fhoilsigh sé an nuacht áthasach don phobal, agus é á ngríosú le mórán ráite dá leithéid.

19. Ach bhí casta aige le hIorua an teitrearch faoi Heródias, bean a dhearthár, agus faoina raibh déanta aige de mhíghníomhartha.

20. Agus bhí Iorua le barr a chur ar na mhíghníomhartha sin uile, nuair a chuir sé Eoin i bpríosún.

21. Anois, san am ar baisteadh na daoine uile, agus nuair a bhí Íosa é féin d'éis a bhaistidh agus é ar an urnaí, osclaíodh flaitheas neimhe,

22. agus thuirling an Spiorad Naomh air i riocht corportha, mar a bheadh colm ann, agus tháinig an glór ó neamh, “Is tú mo mhac ionúin; is leat atá mé sásta.”

23. Agus nuair a thosaigh Íosa, bhí sé tuairim is tríocha bliain d'aois, agus (mar a measadh) ba é mac Iósaif é, mac Héli,

24. mac Mhatait, mac Lébhí, mac Mhalcí, mac Iannaí, mac Iósaif,

25. mac Mhatatiais, mac Amois, mac Nahuim, mac Easlí, mac Naggai,

26. mac Mháait, mac Mhatatiais, mac Shénáin, mac Ióseic, mac Ióda,

27. mac Ióánain, mac Resa, mac Sherubabeil, mac Shéaltieil, mac Nérí,

28. mac Mhelchí, mac Addí, mac Chosaim, mac Elmádaim, mac Eir,

29. mac Iósua, mac Eliéseir, mac Iórim, mac Mhatait, mac Lébhí,

30. mac Shiméóin, mac Iúda, mac Iósaif, mac Iónaim, mac Elíacim,

31. mac Mhéleo, mac Mhenna, mac Mhátata, mac Natain, mac Dháibhí,

32. mac Iesse, mac Óbeid, mac Bhoais, mac Shala, mac Náiseóin,

33. mac Amínadaib, mac Admin, mac Arni, mac Hesroin, mac Phereis, mac Iúda,

34. mac Iácóib, mac Íosóig, mac Abrachaim, mac Thera, mac Nahoir,

35. mac Sherug, mac Réú, mac Pheleig, mac Ebeir, mac Shélá,

36. mac Cháináin, mac Arfacsaid, mac Sheim, mac Naoi, mac Lameic,

37. mac Mhetúsala, mac Enoic, mac Iareid, mac Mhachaléil, mac Cháináin,

38. mac Enois, mac Sheit, mac Ádhaimh, mac Dé.