Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24

Tiomna Nua

Lúcás 20 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Aon lá amháin dá raibh sé ag teagasc sa teampall agus ag craobhscaoileadh an tsoiscéil, tháinig na hardsagairt agus na scríobhaithe aníos chuige agus na seanóirí leo,

2. go ndúirt siad leis, “Inis dúinn cad é an t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, nó cé a thug an t‑údarás sin duit.”

3. Ba é an freagra a thug sé orthu, “Tá ceist agam le cur oraibh freisin; insígí dom anois,

4. cé acu ó neamh nó ó dhaoine é baiste Eoin?”

5. Agus chuaigh siad á chíoradh le chéile, agus iad á rá, “Má deirimid féin ‘Ó neamh,’ is é a déarfas seisean, ‘Cad chuige nár chreid sibh é?’

6. Ach má deirimid ‘Ó dhaoine,’ imreoidh na daoine uile go léir bás orainn le clocha; mar tá siad cinnte dearfa go raibh Eoin ina fháidh.”

7. Mar sin d'fhreagair siad nach raibh a fhios acu cérbh as é.

8. Agus dúirt Íosa leo, “Ní inseoidh mise daoibh ach oiread cad é an t‑údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.”

9. Agus thosaigh sé ar insint an fháithscéil seo do na daoine, “Fear a bhí ann a chuir fíonghort faoi chrainn fíniúna, agus a chuir ar chíos é ag tionóntaí, agus a d'imigh leis ar an gcoigrích ar feadh i bhfad.

10. Nuair a bhí an t‑am istigh, chuir sé duine de na seirbhísigh chuig na tionóntaí, go dtabharfaidís cuid de thoradh an fhíonghoirt dó; ach ní dhearna na tionóntaí ach a bhualadh agus a thiomáint ar shiúl agus a lámha folamh.

11. Chuir sé an dara seirbhíseach chucu ansin; ach bhuail siad é agus thug siad drochíde dó, agus thiomáin ar shiúl é agus a lámha folamh.

12. Chuir sé an seirbhíseach eile chucu; agus chaith siad amach é agus é dearg ina chuid fola.

13. Ba ansin a labhair an té ar leis an fíonghort, ‘Cad é a dhéanfas mé?’ ar seisean, ‘Is é a dhéanfas mé, an mac is ansa liom a chur chucu; agus b'fhéidir go mbeidh urraim acu dósan.’

14. Ach nuair a chonaic na tionóntaí chucu é, dúirt siad le chéile, ‘Seo é an t‑oidhre; imrímis bás air, agus titfidh an oidhreacht orainne.’

15. Agus chaith siad amach as an bhfíonghort é agus mharaigh siad é. Cad é mar sin a dhéanfas an té ar leis an fíonghort leo?

16. Tiocfaidh sé agus scriosfaidh sé na tionóntaí as, agus tabharfaidh sé an fíonghort do dhream éigin eile.” Nuair a chuala siad sin, dúirt siad, “Nár lige Dia sin!”

17. Ach d'fhéach sé fúthu agus tharstu agus is é a dúirt sé, “An é nach ligfeadh? Ach cad é atá scríofa:‘An chloch chéanna dar dhiúltaigh na saoirtá sí mar chloch chinn sa chúinne.’

18. Níl duine dá dtitfidh in éadan na cloiche úd nach réabfar ó chéile; ach meilfidh sí go mion an té sin a dtitfidh sí ina mhullach.”

19. Bhí na scríobhaithe agus na hardsagairt ag iarraidh greim a fháil air cheana féin, ach ab é an eagla a bhí orthu roimh na daoine; mar d'aithin siad gur dhírigh sé an fáithscéal sin orthu.

20. Mar sin bhí siad á choimeád, agus ag cur spiairí chuige, á ligean orthu bheith ina ndaoine ionraice, le greim a fháil ar rud dá ndéarfadh sé, mar dhúil is go dtabharfaidís faoi údarás agus faoi bhreithiúnas an uachtaráin é.

21. Agus chuir siad an cheist seo air, “A Oide, tá a dhea-fhios againn go mbíonn tú ag labhairt agus ag teagasc mar is ceart, gan claonadh le haon duine, ag teagasc na fírinne faoi shlí Dé.

22. Inis an ceadmhach dúinn ár gcíos a íoc le Caesar nó an bhfuil sé crosta orainn?”

23. Ach d'aithin sé a gcleasaíocht, agus dúirt sé leo,

24. “Taispeánaigí bonn airgid dom. Cé leis an íomhá agus an inscríbhinn atá air?” D'fhreagair siad, “Is le Caesar iad.”

25. Dúirt sé leo, “Íocaigí mar sin le Caesar na nithe is le Caesar, agus tugaigí do Dhia a bhfuil le Dia.”

26. Agus níor fhéad siad breith ar a fhocal i láthair na ndaoine; ach ag déanamh iontais dá fhreagra agus tost orthu.

27. Tháinig cuid de na Sadúcéigh, an dream a deir nach bhfuil aon aiséirí ann,

28. agus chuir siad ceist air, agus dúirt siad, “A Oide, tá scríofa ag Maois dúinn, faoi chás duine a bhfuil a dheartháir i ndiaidh bás a fháil, agus bean aige agus é gan chlann, á rá go gcaithfidh an duine sin an bhean a ghlacadh agus clann a sholáthar dá dheartháir.

29. Anois bhí mórsheisear deartháir ann; agus ghlac duine acu bean, go bhfuair bás gan chlann;

30. agus ghlac an dara

31. agus an tríú duine í, ar an nós céanna go dtí go bhfuair an mórsheisear uile bás gan aon chlann a fhágáil ina ndiaidh.

32. Fuair an bhean bás freisin ina dhiaidh sin.

33. Cé acu a mbeidh sí ina bean aige san aiséirí mar sin? Mar bhí sí ina bean ag an mórsheisear.”

34. Agus arsa Íosa leo, “Bíonn clann an tsaoil seo á bpósadh agus cleamhnais á ndéanamh dóibh,

35. ach an dream a mheastar gur fiú iad teacht chun an tsaoil úd agus chun an aiséirí ó mhairbh ní bhítear á bpósadh ná ag déanamh cleamhnas dóibh siúd,

36. mar ní fhéadann siad bás a fháil a thuilleadh, mar tá siad ar aon chéim leis na haingil agus is de chlann Dé iad, ós iad clann an aiséirithe iad.

37. Ach tá sé cruthaithe ag Maois é féin go dtógtar daoine ó mhairbh, sa sliocht i dtaobh an toim, ina ngaireann sé den Tiarna Dia Abrachaim agus Dia Íosóig agus Dia Iácóib.

38. Is é a thiocfas as sin nach é Dia na marbh é, ach Dia na mbeo; mar is beo dó cách.”

39. Agus d'fhreagair cuid de na scríobhaithe, “A Oide, is maith a labhair tú.”

40. Mar níor lig eagla dóibh aon cheist a chur air.

41. Ach ar seisean leo, “Conas a deirtear gur mac le Dáibhí é an Críost?

42. Nach é a deir Dáibhí féin i leabhar na Salm,‘Is é a dúirt an Tiarna le mo Thiarna,Suigh ar mo láimh dheas,

43. go gcuire mé do naimhde mar stól faoi do chosa.’

44. Má thugann Dáibhí Tiarna air, conas a bheadh sé ina mhac aige?”

45. Agus dúirt sé lena dheisceabail in éisteacht na ndaoine go léir,

46. “Bígí ar bhur bhfaichill roimh na scríobhaithe, an dream a dtaitníonn sé leo bheith ag siúl thart in éadaí fada, agus daoine ag beannú dóibh i sráid an mhargaidh, agus na suíocháin is fearr sa tsionagóg agus an áit is onóraí ar fhéasta,

47. an dream a shlogas tithe na mbaintreach i gcraos bréagach na síorphaidreoireachta. Níl daorbhreith is troime ná an bhreith a thabharfar orthu siúd.”