Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24

Tiomna Nua

Lúcás 17 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Agus dúirt sé lena dheisceabail, “Ní féidir gan cathuithe chun peaca a bheith ann; ach is mairg a chuireas iad.

2. B'fhearrde don té úd dá gcrochfaí cloch mhuilinn faoina mhuineál agus dá gcaifí amach san fharraige é, ná é a bheith ina chúis pheaca ag aon duine beag amháin acu seo.

3. Seachnaígí sibh féin; má pheacaíonn do bhráthair, ceartaigh é, agus má bhíonn aithreachas air, maith dó;

4. agus má pheacaíonn sé i d'éadan seacht n‑uaire i rith an aon lae amháin, agus iompú chugat seacht n‑uaire agus é á rá, ‘Tá aithreachas orm,’ caithfidh tú maithiúnas a thabhairt dó.”

5. Dúirt na haspail leis an Tiarna, “Méadaigh ár gcreideamh!”

6. Agus dúirt an Tiarna leo, “Dá mbeadh oiread gráinne de shíol mustaird de chreideamh agaibh, d'fhéadfadh sibh a rá leis an gcrann fige seo, ‘Bí do do tharraingt aníos as na fréamhacha, a chrainn, agus bí do do phlandú i gceartlár na farraige,’ agus dhéanfadh sé an rud a bhí ráite agat.

7. “An mbeadh seirbhíseach ag treabhadh nó ag buachailleacht caorach ag aon duine agaibh, agus é i ndiaidh teacht isteach chun tí ón bpáirc, agus an ndéarfadh sé leis, ‘Tar agus suigh isteach ag bord gan mhoill’?

8. Nach dóichí ná a athrach go ndéarfaidh sé leis, ‘Ullmhaigh mo shuipéar, agus cóirigh thú féin agus bí ag freastal orm, go raibh mo shá ite agus ólta agam; agus a chead agat ithe agus ól ina dhiaidh sin’?

9. Nó an mbíonn sé ag gabháil buíochais leis an seirbhíseach faoi dhéanamh mar a ordaíodh dó?

10. Bígí sibhse mar iad, agus nuair atá gach aon ní dár ordaíodh daoibh déanta agaibh, bígí á rá, ‘Níl ionainn ach seirbhísigh gan fiúntas; mar níl déanta againn ach ár ndualgas.’”

11. Bhí sé ag dul ar aghaidh idir Samária agus Galailí ar a bhealach go hIarúsailéim.

12. Casadh deichniúr lobhar air agus é ag dul isteach i mbaile beag,

13. agus d'fhan siad ina seasamh tamall uaidh go ndúirt leis in ard a gcinn, “A Íosa, a Mháistir, bíodh trócaire agat orainn.”

14. Nuair a chonaic sé iad dúirt sé leo, “Imígí libh le bhur dtaispeáint féin do na sagairt.” Agus glanadh iad ar a mbealach.

15. Ba ansin a thiontaigh aon duine amháin acu thart, nuair a chonaic sé gur glanadh é, agus é ag moladh Dé in ard a chinn agus a ghutha;

16. agus d'umhlaigh sé go talamh ag cosa Íosa, le buíochas a thabhairt dó. Anois ba Shamaratánach eisean.

17. Ba é a dúirt Íosa ansin, “Nár leigheasadh deichniúr ach cá bhfuil an naonúr eile?

18. Nach raibh aon duine acu ach an coimhthíoch seo arbh fhiú leis filleadh le moladh a thabhairt do Dhia?”

19. Agus dúirt sé leis, “Éirígh agus gabh i gcionn do bhealaigh; is é do chreideamh a shlánaigh thú.”

20. Nuair a d'fhiafraigh na Fairiséigh de cá huair a bhí ríocht Dé le teacht, ba é an freagra a thug sé orthu, “Nuair a thiocfaidh ríocht Dé, ní bheidh aon chomhartha le feiceáil;

21. agus ní bheifear á rá, ‘Féach, seo anseo í!’ nó ‘Siúd thall í!’ Mar féachaigí, tá ríocht Dé ann cheana in bhur gceartlár.”

22. Agus dúirt sé lena dheisceabail, “Tá na laethanta ag teacht a mbeidh sibh ag tnúth le lá amháin de laethanta Mhac an duine a fheiceáil, agus gan é le feiceáil agaibh.

23. Agus déarfar libh, ‘Seo anseo é!’ nó ‘Siúd thall é!’ Ná héirígí amach, agus ná leanaigí iad.

24. Mar is mar chaor thintrí ag soilsiú ó thaobh go taobh na spéire, is amhlaidh a bheidh Mac an duine ina lá féin.

25. Ach roimhe sin is iomaí rud a chaithfeas sé a fhulaingt agus séanfaidh an ghlúin seo é.

26. Mar a bhí sé i laethanta Naoi, is amhlaidh a bheidh i laethanta Mhac an duine.

27. Bhítí ag ithe agus ag ól, ag déanamh cleamhnas agus pósta, go dtí an lá a ndeachaigh Naoi isteach san Áirc, an lá ar tháinig an díle gur bádh iad uile go léir.

28. Beidh freisin mar a bhí i laethanta Lot—bhíodh daoine ag ithe agus ag ól, ag díol agus ag ceannach, ag plandú crann agus ag tógáil tithe,

29. ach an lá a d'fhág Lot Sodóm, is ea a thit an cith tine agus ruibhe anuas ó neamh a scrios an uile dhuine acu—

30. is amhlaidh a bheidh an lá a nochtfar Mac an duine.

31. An lá úd, má tá duine i mullach an tí, agus a mhaoin sa teach, ná tagadh sé anuas isteach lena breith leis; agus mar an gcéanna don té atá amuigh sa pháirc imíodh sé gan filleadh siar.

32. Cuimhnígí ar bhean Lot.

33. An té bhíos ag iarraidh a anam a choinneáil slán is é a chaillfeas é, ach an té a chaillfeas a anam, is é a shlánós é.

34. Táim ag insint daoibh go mbeidh beirt fhear ar an aon leaba; tógfar fear acu, agus fágfar an fear eile.

35. Beidh beirt bhan ag meilt mine le chéile; tógfar bean acu agus fágfar an bhean eile.”

37. Agus d'fhiafraigh siad de, “Cá háit, a Thiarna?” Is é a dúirt sé leo, “An áit a mbeidh an corp, is ann a chruinneos na hiolair le chéile.”