Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24

Tiomna Nua

Lúcás 5 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Bhí sé ina sheasamh lá ar imeall Loch Genésaret, agus na daoine á bhrú le briathar Dé a chluinstin.

2. Agus chonaic sé dhá bhád ar bhruach an locha; ach bhí na hiascairí imithe astu agus iad ag ní a líonta.

3. Chuaigh sé isteach ansin i mbád acu a bhí le Síomón, agus d'iarr sé air cur amach giota ón talamh. Shuigh sé ansin agus theagasc sé na daoine ón mbád.

4. Agus nuair a bhí deireadh ráite aige, dúirt sé le Síomón, “Cuir amach ar an doimhneacht, agus ligigí síos bhur líonta le gabháil.”

5. Agus d'fhreagair Síomón, “A Mháistir, táimid i ndiaidh bheith ag obair go crua i rith na hoíche aréir agus gan aon ní a ghabháil! Ach ó fuair mé gaoth an fhocail uait ligfidh mé síos na líonta.”

6. Ní luaithe a bhí sin déanta acu ná thimpeallaigh siad scoil mhór éisc; agus ó bhí a líonta siúd ag briseadh,

7. bhagair siad ar fhoireann an bháid eile a bhí i gcomhar leo teacht a chuidiú leo. Agus tháinig siad agus líon siad an dá bhád, ionas gur thosaigh siad ar dhul síos san uisce.

8. Ach nuair a chonaic Síomón Peadar sin, thit sé síos ag glúine Íosa, agus é á rá, “Imigh uaim, mar is peacúil an duine mé, a Thiarna.”

9. Mar bhí iontas agus uafás air, agus ar a raibh leis, faoin ngabháil éisc a bhí glactha acu;

10. agus b'amhlaidh do Shéamas agus d'Eoin, mic Shebidé, a bhí i gcomhar le Síomón, agus dúirt Íosa le Síomón, “Ná bíodh eagla ort; as seo amach beidh tú ag gabháil fear.”

11. Agus nuair a bhí a mbáid tugtha chun tíre acu, d'fhág siad an t‑iomlán agus lean siad é.

12. Nuair a bhí sé i gcathair de na cathracha, tháinig chuige fear lomlán de lobhra; agus ní luaithe a chonaic sé Íosa ná thit sé ar a bhéal roimhe gur iarr d'impí air, “A Thiarna,” ar seisean, “is féidir leat mé a dhéanamh glan má thoilíonn tú é.”

13. Agus shín Íosa amach a lámh, gur leag air í, á rá, “Toilím é; bí tusa glan.” Agus d'fhág an lobhra é ar an nóiméad.

14. Agus thug sé rabhadh dó gan a insint d'aon duine; ach “imigh,” ar sé, “agus taispeáin thú féin don sagart, agus déan íobairt ar son do ghlanta, mar d'ordaigh Maois, mar chruthú do na daoine.”

15. Ach ina dhiaidh sin agus uile ba mhó a leathnaigh an t‑iomrá air; agus chruinnigh sluaite móra chuige ionas go n‑éistfidís leis agus go leigheasfaí óna n‑easláintí iad.

16. Ach is é rud, chuaigh seisean i leataobh ar an bhfásach go ndearna sé urnaí.

17. Agus nuair a bhí sé ag teagasc, lá de na laethanta úd, bhí Fairiséigh agus lucht theagasc an dlí ina suí ina chomhair, a tháinig as gach baile i nGalailí agus in Iúdaea agus as Iarúsailéim; agus bhí cumhacht Dé leis le leigheas.

18. Agus féach, bhí fir ag iompar fir, a raibh an phairilis air, ar leaba, agus bhí siad ag iarraidh é a thabhairt isteach agus a ligean síos os comhair Íosa;

19. ach nuair nach bhfuair siad aon chaoi lena thabhairt isteach, as siocair an tslua, chuaigh siad suas ar cheann an tí gur lig tríd na leacáin é féin agus a leaba síos i gceartlár an tí os coinne Íosa.

20. Agus nuair a chonaic sé a gcreideamhsan ar seisean, “A dhuine, tá do pheacaí maite duit.”

21. Agus thosaigh na scríobhaithe agus na Fairiséigh ar chaitheamh amhrais air, agus iad á rá, “Cé hé sin atá ag labhairt go diamhaslach? Cé hé ar féidir leis na peacaí a mhaitheamh ach Dia amháin?”

22. Nuair a mhothaigh Íosa iad ag caitheamh amhrais air, thug sé an freagra seo orthu, “Cad chuige daoibh bheith amhrasach in bhur n‑intinn?

23. Cé acu is éasca a rá, ‘Tá do pheacaí maite duit,’ nó a rá, ‘Éirigh agus siúl romhat’?

24. Ach tabharfaidh mise le fios daoibh go bhfuil údarás ag Mac an duine ar talamh leis an bpeaca a mhaitheamh”—agus leis sin ar seisean leis an bhfear a raibh an phairilis air—“Deirim leat é, éirigh, tóg ort do leaba, agus imigh abhaile.”

25. Agus ar an nóiméad d'éirigh sé ar a chosa os comhair an iomláin acu, agus thóg sé a raibh sé ina luí air, agus shiúil leis abhaile, agus é ag glóiriú Dé.

26. Agus thit iontas orthu uile, agus thug siad glóir do Dhia agus bhí uafás mór orthu, agus dúirt siad, “Is sinne a chonaic na hiontais inniu.”

27. Chuaigh sé amach ina dhiaidh sin, agus chonaic sé bailitheoir cánacha, darbh ainm Lébhí, ina shuí in oifig an chustaim; agus dúirt sé leis, “Lean mise.”

28. Agus d'fhág sé a raibh aige, agus d'éirigh sé agus lean sé é.

29. Agus rinne Lébhí féasta mór dó ina theach; agus bhí buíon mhór de bhailitheoirí cánacha agus de dhaoine eile ina suí leo os cionn bia.

30. Agus rinne na Fairiséigh agus a scríobhaithesean casaoid in aghaidh a dheisceabal, agus dúirt siad, “Cad chuige daoibh bheith ag ithe agus ag ól i gcuideachta lucht bailithe cánacha agus drochdhaoine?”

31. Agus d'fhreagair Íosa iad, “Ní bhíonn feidhm dhochtúra ar an dream atá ar fónamh, ach ar na daoine atá breoite;

32. níor tháinig mise a ghlaoch ar na fíréin, ach ar na peacaigh le haithrí a dhéanamh.”

33. Agus dúirt siad leis, “Bíonn deisceabail Eoin go minic ag troscadh agus ag déanamh urnaí, agus mar an gcéanna do dheisceabail na bhFairiséach, ach bíonn do dheisceabailse ag ithe agus ag ól.”

34. Agus dúirt Íosa leo, “An féidir le duine tabhairt ar lucht na bainise troscadh chomh fada agus atá an fear nuaphósta ina gcuideachta?

35. Ach tiocfaidh na laethanta a dtógfar an fear nuaphósta uathu, agus is ansin, sna laethanta úd, a dhéanfas siad troscadh.”

36. D'inis sé fáithscéal dóibh freisin: “Ní stróiceann aon duine píosa as éadach nua go gcuireann é ar sheanéadach; mar má dhéanann sé amhlaidh, ní dhéanfaidh sé ach an t‑éadach nua a stróiceadh, agus gan an píosa as an éadach nua ag cur leis an seanéadach.

37. Agus ní chuireann duine ar bith fíon nua isteach i seanseithí; mar má dhéanann, réabfaidh an fíon nua na seithí agus doirtfear é, agus millfear na seithí.

38. Ach caithfear fíon nua a chur i seithí nua.

39. Agus an té atá d'éis seanfhíon a ól, ní bhíonn dúil aige i bhfíon nua; mar deir sé, ‘Tá an seanfhíon ar fheabhas.’”