Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24

Tiomna Nua

Lúcás 16 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Dúirt sé lena chois sin lena dheisceabail, “Bhí duine saibhir ann a raibh maor aige, agus tugadh an scéal chuige go raibh an fear sin ag cur a mhaoine amú.

2. Ghlaoigh sé chuige ansin é agus ar seisean leis, ‘Cad é sin a chluinim fútsa? Tabhair cuntas ar do mhaoracht, mar ní fhéadfaidh tú bheith i do mhaor níos faide.’

3. Agus dúirt an maor leis féin ina chroí, ‘Cad é a dhéanfas mé, ó tá mo mháistir do mo chur as an maoracht? Níl mé láidir go leor le dul a rómhar, agus ní ligeann an náire dom dul ag iarraidh déirce.

4. Ach anois tá m'intinn socair ar an rud a dhéanfas mé, ionas go nglacfaidh na daoine isteach ina dtithe mé nuair a chuirfear as an maoracht mé.

5. Mar sin, chuir sé fios ar fhéichiúnaithe a mháistir ina nduine agus ina nduine, agus d'fhiafraigh sé den chéad duine acu a tháinig, ‘Cé mhéid atá ag mo mháistir ort?’

6. ‘Céad bairille ola,’ ar seisean. Agus dúirt sé leis, ‘Beir ar d'admháil, agus suigh síos go gasta agus scríobh leathchéad.’

7. Dúirt sé ansin leis an dara fear, ‘Cé mhéid atá aige ortsa?’ Agus dúirt sé, ‘Céad ceathrú cruithneachta.’ Dúirt sé leis-sean, ‘Beir ar d'admháil agus scríobh ochtó.’

8. Mhol an máistir an maor éagórach as a fhadcheannacht; mar is glice iad clann an tsaoil seo ná clann an tsolais sa mhéid a bhaineas lena saol féin.

9. Agus deirim libhse cairde a sholáthar daoibh féin le cuidiú toice an tsaoil seo na héagóra, chun go nglacfar isteach sibh sna háitribh shíoraí nuair a bhíonn a résean caite.

10. “An té a bhíos iontaofa faoi bheagán, bíonn sé iontaofa freisin faoi mhórán; agus an té a bhíos mí-ionraic faoi bheagán bíonn sé mí-ionraic faoi mhórán freisin.

11. Mar sin, mura raibh tú iontaofa faoi thoice éagórach an tsaoil seo, cé a thaobhóidh an saibhreas fírinneach libh?

12. Agus mura raibh tú iontaofa i gcuid na comharsan, cé a thabharfas do chuid féin duit?

13. Ní fhéadann aon seirbhíseach bheith ar aimsir ag an dá mháistir; mar beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó é dílis do dhuine acu agus dímheas aige ar an duine eile. Ní féidir libhse ach an oiread bheith in bhur seirbhísigh ag Dia agus ag mammon san am amháin.”

14. Bhí na Fairiséigh, a mbíodh grá acu don airgead, ag éisteacht leis sin uile, agus iad ag fonóid faoi.

15. Ach dúirt sé leo, “Daoine sibhse a bhíos ag dearbhú do na daoine go bhfuil sibh sa cheart, ach tá a fhios ag Dia cad é atá in bhur gcroíthe; mar an ní atá go hard i mbéal an phobail is mí-álainn i súile Dé é.

16. “Bhí an dlí agus na fáithe ann go dtí Eoin; agus ó shin tá an dea-scéal á chraobhscaoileadh i dtaobh ríocht Dé, agus gach duine ag brú isteach ann le láimh láidir.

17. Ach is fusa do neamh agus do thalamh dul ar ceal ná d'aon phonc den dlí a bheith gan bhrí.

18. “Níl duine dá scarann lena bhean agus bean eile a phósadh nach mbíonn ag déanamh adhaltranais, agus an fear a phósas bean atá deighilte óna fear féin bíonn sé ag déanamh adhaltranais.

19. “Bhí fear saibhir ann, a mbíodh éadaí de chorcra agus de chaol-línéadach air, agus féasta costasach aige gach aon lá.

20. Agus bhí ina luí ina gheata duine bocht a raibh Lasarus mar ainm air, agus a chorp lán cneácha,

21. agus é ag iarraidh a bheatha a dhéanamh de na grabhróga a thiteadh ó bhord an duine shaibhir; agus thairis sin thagadh na madraí a lí a chneácha.

22. Fuair an bochtán bás agus d'iompair na haingil é go hucht Abrachaim. Fuair an duine saibhir bás freisin agus cuireadh in uaigh é;

23. agus d'ardaigh sé a shúile, agus é i Háidéas, i bpianta, go bhfaca Abracham i bhfad uaidh agus Lasarus ina ucht.

24. Agus ghlaoigh sé in ard a chinn, ‘A athair Abracham, bíodh trócaire agat orm, agus cuir Lasarus uait go bhfliucha sé barr a mhéire in uisce agus go bhfuaraí sé mo theanga; mar táim i bpianpháis sa bhladhaire tine seo.’

25. Ach is é a dúirt Abracham, ‘Cuimhnigh, a mhic, go raibh tusa nuair ba bheo duit ag fáil do mhaitheasaí, agus go raibh íde gach oilc mar an gcéanna ar Lasarus; ach anois bíonn sólás aigesean agus bíonn tusa i bpianpháis.

26. Agus thairis sin uile, cuireadh bearna mhór idir sinne agus tusa, sa chaoi nach féidir leis an méid atá anseo dul anonn chugaibh dá mba mhian leo, ná ní fhéadfadh aon duine teacht anall chugainne.’

27. Agus dúirt sé, ‘Más mar sin atá, iarraim d'impí ort, a athair, a chur chuig teaghlach m'athar.

28. Mar tá cúigear deartháir agam, ionas go dtuga sé rabhadh dóibh sa dóigh nach dtagann siad go teach seo na bpianta.’

29. Ach is é a dúirt Abracham, ‘Tá Maois agus na fáithe acu; agus éistidís leo siúd.’

30. Ach ar seisean, ‘A athair Abracham, is baolach nach n‑éistfidh; ach má thagann duine chucu as na mairbh, déanfaidh siad aithreachas ansin.’

31. Ach is é a dúirt sé leis, ‘Mura n‑éisteann siad le Maois agus leis na fáithe, ní chuirfear ina luí orthu é ach an oiread dá mba rud é go n‑éireodh duine ó na mairbh.”