Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24

Tiomna Nua

Lúcás 13 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Bhí daoine áirithe i láthair in alt na huaire úd a d'inis dó faoi na Galailéigh ar mheasc Píoláid a gcuid fola féin lena n‑íobairtí.

2. Ach ba é an freagra a thug sé orthu, “An measann sibh gur mhó na peacaigh iad na Galailéigh úd ná na Galailéigh eile, as siocair iad an pionós sin a fhulaingt?

3. Insím daoibh nach bhfuil sin amhlaidh; mura ndéanann sibh féin aithrí scriosfar sibh uile go léir ar an nós céanna.

4. Agus na hocht nduine dhéag ar thit an túr i Silóam ina mullach gur mharaigh iad, an measann sibh gur mhó na peacaigh iad ná a raibh d'áitreabhaigh in Iarúsailéim?

5. Deirim libh nach amhlaidh, mar mura ndéanann sibh aithrí scriosfar sibh uile go léir ar an nós céanna.”

6. Agus d'inis sé an fáithscéal seo: “Fear a bhí ann a raibh crann fige plandaithe ina fhíonghort; agus tháinig sé ag iarraidh toraidh air, gan toradh a fháil.

7. Agus dúirt sé le saothróir na fíniúna, ‘Féach, tá mé i ndiaidh teacht na trí bliana seo ag iarraidh toraidh ar an gcrann fige seo, agus gan a fháil. Gearr anuas é; cad chuige ligean dó an talamh a chur amú?’

8. Ach ba é a d'fhreagair sé air, ‘Lig dó, a dhuine uasail, an t‑aon bhliain eile seo amháin, go dtí go rómhróidh mé an chré ina thimpeall, agus go gcuirfidh mé aoileach faoi.

9. Agus má thugann sé toradh an bhliain seo chugainn, beidh go maith agus ní bheidh go holc; ach mura dtugann, féadann tú a ghearradh anuas.’”

10. Ansin bhí sé ag teagasc lá na sabóide i sionagóg áirithe.

11. Agus bhí bean i láthair a raibh ainsprid á cloí ocht mbliana déag; is é rud, bhí sí crom gan cumas aici a droim a dhíriú go ceart.

12. Agus nuair a chonaic Íosa í, ghlaoigh sé uirthi agus dúirt léí, “A bhean úd, tá tú do do scaoileadh ó chuibhreach do chloíteachta.”

13. Agus leag sé a lámha uirthí, agus díríodh a droim ar an toirt agus thug sí moladh do Dhia.

14. Ach bhí fearg ar rialtóir na sionagóige faoi Íosa a bheith ag leigheas lá na sabóide, agus dúirt sé leis na daoine, “Tá sé lá oibre ann; tagaigí do bhur leigheas ar na laethanta úd, ach ná tagaigí lá na sabóide.”

15. Ba ansin a d'fhreagair an Tiarna é, “A dhream na cráifeachta bréige! An é nach mbíonn an uile dhuine agaibh ag scaoileadh a dhaimh nó a asail den mhainséar lá na sabóide, agus é á thabhairt leis san áit a bhfaighidh sé uisce le n‑ól?

16. Agus nár cheart an bhean seo, iníon le hAbracham, a scaoileadh lá na sabóide ón gcuibhreach seo ler cheangail Sátan í na hocht mbliana déag seo?”

17. Nuair a bhí an chaint sin ráite aige, bhí náire ar a naimhde; agus bhí lúcháir ar na daoine faoi na gníomhartha uaisle a bhí á ndéanamh aige.

18. Dá bhrí sin dúirt sé leo, “Cad é cosúlacht ríocht Dé? Agus cad é a chuirfidh mé i gcomparáid léi?

19. Is cosúil í le gráinne síol mustaird a ghlac duine agus ar chuir sé ina gharraí féin é; agus d'fhás sé aníos ina chrann, agus rinne éanlaith an aeir a neadacha ina ghéaga.”

20. Agus dúirt sé arís, “Cé leis a gcuirfidh mé ríocht Dé i gcomparáid?

21. Is cosúil í le laibhín ar ghlac bean é gur fholaigh sí é i dtrí pheic mine, gur ghlac an t‑iomlán an laibhín.”

22. Shiúil sé leis sna bailte idir bheag agus mhór, ag teagasc, agus é ag tarraingt ar Iarúsailéim.

23. Agus bhí duine ann a d'fhiafraigh de, “A Thiarna, an beag é an méid daoine a shlánófar?” Agus is é a dúirt sé leo,

24. “Bígí ar bhur ndícheall le dul isteach tríd an doras caol cúng; mar deirim libh gur iomaí sin duine a bheidh ag iarraidh fáil isteach, agus go dteipfidh sé orthu.

25. A luaithe agus éireos fear an tí agus a bhíos an doras dúnta aige, tosóidh sibhse ar bheith in bhur seasamh taobh amuigh agus sibh ag bualadh cnaig ar an doras, agus á rá, ‘Oscail an doras dúinn, a Thiarna.’ Agus is é an freagra a thabharfaidh sé oraibh, ‘Níl aithne agam oraibh ná fios agam cérb as sibh.’

26. Tosóidh sibh ar a rá ansin, ‘Bhíomar ag ithe agus ag ól i do chuideachta, agus bhí tusa ag teagasc inár sráideanna.’

27. Ach is é a déarfas sé, ‘Insím daoibh nach eol dom an áit a dtagann sibh as; imíodh lucht an oilc uaim!’

28. Is ansin a bheidh sibh ag caoineadh agus ag baint díoscáin as bhur bhfiacla, nuair a fheicfidh sibh Abracham agus Íosóg agus Iácób agus na fáithe uile istigh i ríocht Dé, agus sibh féin do bhur gcaitheamh amach.

29. Agus tiocfaidh an domhan thoir agus an domhan thiar, agus an tuaisceart agus an deisceart, ina suí ag bord i ríocht Dé.

30. Agus féach, beidh cuid dá bhfuil ar deireadh ar tosach, agus tá cuid dá bhfuil ar tosach a bheidh ar deireadh.”

31. Ba ansin go díreach a tháinig cuid de na Fairiséigh chuige go ndúirt siad leis, “Éalaigh as seo mar tá Iorua ar do thóir agus rún aige tú a mharú.”

32. Agus dúirt sé leo, “Imígí agus insígí don sionnach úd, ‘Féach, táim ag díbirt deamhan agus ag déanamh leigheas inniu agus amárach, agus ag críochnú mo chúrsa an tríú lá.

33. Ach ní fhágann sin nach siúlfaidh mé mo shlí inniu agus amárach agus amanathar; mar níl sé ceadaithe d'fháidh bás a fháil in aon áit ach in Iarúsailéim.’

34. Ó, a Iarúsailéim, a Iarúsailéim, a bhíos ag marú na bhfáithe, agus ag imirt báis le clocha ar a gcuirtear chugat! Cad é a mhinicí ab áil liom do chlannsa a chruinniú chugamsa, mar a chruinníos an chearc a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil leat é!

35. Féach, is fás folamh é do theach. Agus tá mise ag insint duit nach bhfeicfidh tú aon amharc orm go dtí go ndéarfaidh tú, ‘Is beannaithe a thagas chugam in ainm an Tiarna.’”